01 October 2010

Saoirse - an phreasa agus an phearsa

Labhair Charles J Chaput le hiriseoirí reiligiúin ar na mallaibh. Luaigh sé ina chaint an t-aiste seo le George Orwell maidir leis an féin chinsireacht a fhágann nach gcloistear smaointe atá bunoscionn leis an cheartchreideamh reatha.
Tá gné eile ann: roghnaíonn na meáin na scéalta atá tábhachtach - agus tig áibhéil as cuimse a bheith i gceist mar a phléann David Quinn ina alt faoin gclúdach ar an mbaghcat ar an Aifreann.

Is fíor go bhfuil na constaicí roimh foilsiú smaointe laghdaithe go mór ag teacht an idirlíon; fós féin tá tionchar ag na meáin príomhshrutha.

Tá gné eile fós ann: tá an oiread eolais ar fáil anois go srianann daoine na foinsí as a thógann siad eolas. An baol atá leis sin na go gclóitear leis na foinsí a bhraitheann muid ar ár shócúlacht leo - na cinn nach gcuireann as ró mhór dúinn.

Fágann sin, áfach, nach gceistítear ár réamhchlaonta minic go leor. Rud a fhágann, mar shampla líon nach beag a chreideann gur Moslamach é Uachtarán SAM. Nó gur éigneoir beagnach gach sagart, nó [do rogha tuairim mhí chruinn nó bréagach anseo].

Sílim buntáiste a bheith ag baint le blagthacht na Gaeilge san gné seo - tá a laghad againn ann, agus dearcthaí chomh héagsúl ar an saol againn go tagann muid slán go pointe ar an ngaiste seo.

Fós féin, fós féin, ...

2 comments:

Mise Áine said...

@ 'Fágann sin, áfach, nach gceistítear ár réamhchlaonta minic go leor'

Ó tharla ár ndearcthaí chomh héagsúil sin, a Aonghuis, is cuma cén fhoinse lena bhfuilimid féin ar ár sócúlacht, bíonn rannpháirtithe ann le foinsí eile a chur ar fáil dúinn, lena bpointe féin a roinnt, go háirithe mura n-aontaíonn siad linn!

Tá dearcthaí á roinnt ó tháinig na leabhair chráifeacha ar an saol. Níl ann ach go bhfuil cead ag daoine claontaí an tsaoil a cheistiú anois, gan faitíos.

An fhadhb atá ann, b'fhéidir, ná go dtéann cuid de na scríbhneoirí thar teorainn chlaonta an léitheora!

Ar ndóigh, seans nach n-athródh a ndearcadh réamhchlaonta ár ndearcadh réamhchlaonta féin, pé scéal é.

Is dóigh liom gur ionann an scéal le blagthacht an Bhéarla, mar go leanann daoine na blaganna is mó a chuireann fonn orthu dearcadh a roinnt, bíodh an dearcadh sin ag aontú nó ag easaontú leis an mblagálaí.

aonghus said...

Tá méid áirithe fírinne ansin agat maidir leis an mblagthacht. Na MPS (Meáin príomhshrutha) a bhí i gceist agamsa. Mar shampla, fíor annamh go léimse nuachtán seachas an Irish Times. (Ach is annamh mé ar aon fhocal le lucht tuairimíochta ann!)

Fiú má tá cuir agus cúiteamh ann sa bhlagthacht: is é an blagadóir, go hiondúil, a leagann síos téarmaí na ceiste, agus má tú lúb ar lár ansiúd, ....