24 November 2010

Blúirín: Ceist ón Spáinn

El Pais inniu faoin dteideal "Tarrtháil chostasach na hÉireann"

100 míle milliúin euro de "tharrtháil" roinnte ar ceithre milliún go leith saoránach ... sin 22,222 € an duine; níos mó ná tuarastal bliana cuid mhór acu. ... an tarrtháil é seo nó fogha deiridh ar chistí na stáit? ... Cé dóibh atá na polaiteoirí ag obair?

3 comments:

ormondo said...

"¿En qué preceptos del Estado de derecho?"

Ceist mhaith í sin!

De réir barúla a léigh mé sa TAZ inniu, is é atá ar siúl ag lucht cam an airgid faoi láthair ná ag tabhairt fogha faoi chiste tarrthála an AE agus is amhlaidh go bhfuil an tseift forbartha acu anois, gan dabht, chun an plean a chur i gcrích.

An é gur músclaíodh cíocras míchlúiteach an dreama sin i dtreo an chiste tarrthála nuair a cuireadh ar bun é? Toradh paradacsa i gceist anseo, b'fhéidir?

aonghus said...

Bailíonn brobh beart.

Nó, mar a dúirt an té a dúirt, níl ach an dá méid airgid i gceist: faic, agus gan a dhóthain.

Nó, mar a dúirt Pól (1 Tiom 6:10)
Dúil san airgead is bun do gach olc

Mise Áine said...

@ 'Cé dóibh atá na polaiteoirí ag obair?'

Ceist mhaith!