22 November 2010

Blúirín: Oifigeach Forbartha Gaeilge á lorg ag Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann

Fógra anseo: sonraí an phoist anseo agus anseo:

Is cosúil, ó fógraí éagsúla thall is abhus go bhfuil Foras na Gaeilge ag maoiniú sraith poist mar seo. Tá súil agam go mbeidh deis ag na daoine seo timireacht a dhéanamh sna pobail ar léith atá siad le freastal orthu, agus nach mbáfar sa mhaorlathas iad.

Is é mo thaithí ó baint a bheith agam leis an mBéal Binn agus Comhluadar, gur mór an chabhair é fostaí a bheith ann chun dlús a chuir le himeachtaí seachas a bheith ag brath ar choiste deonach.

Ní mór a rá freisin go dtugann Cumann Gaelach na hEaglaise,  agus leithéidí Pobal an Aifrinn agus An Tor ar Lasadh an Ghaeilge isteach i gcuid de shaol daoine atá tábhachtach dóibh. Is maith sin.

1 comment:

ormondo said...

Tá iomlán an chirt agat maidir leis an timireacht, a Aonghus.

Dála an scéil, ba bhall de Eaglais na hÉireann mo shinseanathair as iarthair chontae Chorcaí agus bhí sé pósta le cainteoir dúchais. Thiontaigh sé ina Chaitliceach mar gheall ar mo shinseanmháthair.

Deireadh mo athair riamh gurbh fhearr a d'éirigh lena sheanmháthair sa ghnó sin ná le mo thuismitheoirí i mo chás féin!