07 November 2010

Blúirín: An tOllamh le Litríocht Neamhghnách (agus Danartha?)

Terry Pratchett,  le Artur Machlowski (tríd Wikimedia)
Tá Terry Pratchett ag feidhmiú mar ollamh taca i gColáiste na Tríonóide faoi láthair. Bhí léacht poiblí aige Déardaoin, ach faraor níor chuala mé faoi go dtí go raibh sé ró mhall. Tá píosa san Irish Times faoi rang a thug sé anseo. 

Duine féin oilte é - léitheoir fairsing agus leathan.

Táim féin gafa leis an Teascdhomhain ó chéad léigh mé na leabhra luath agus mé ar an Ollscoil (eile!).

N'fheadar an bhfoghlaimeoidh lucht an M.Phil uaidh? Deirtear go bhfuil trí ní nach féidir a fhoghlaim: fonn, féile agus filíocht. Ach cá bhfios nach nginfeadh a fhéile filíocht?

2 comments:

Mise Áine said...

@ 'narrative dynamic'

Is maith liom an méid sín uaidh, a Aonghuis, agus is maith liom gach agallamh a dhéanann sé - na cinn a éiríonn liom é a chloisteáil, pé scéal é.

Fear suimiúil.

Dennis King said...

Go raibh maith agat as na naisc sin!

is maith liom gach agallamh a dhéanann sé

Níor chuala mé agallamh leis riamh, faraor. Ach chuala mé agallamh leis an údar Albanach Ian Rankin cúpla lá ó shin ar an raidió, agus dúirt sé an rud ceannann céanna agus a dúirt Sir Terry faoi chomh luachmhar agus a bhí an obair a rinne sé mar iriseoir.