07 November 2010

Blúirín: Shanghai cois Sionainne?

scéal san Irish Times inniu faoi ráfla atá ann le tamaill: go bhfuil dream fear gnó ón tSín ag caint ar chathair trádála a bhunú in Áth Luain. Chuirfidh sé sin corr suntasach i saol lár tíre na hÉireann; dream mór thar tír isteach lonnaithe ann. Gan amhras, níl ann ach leithéidí a rinne na hEorpaigh sa tSín san 19ú Céad; agus an Hanse thart ar muir Bhailt roimhe sin. Fiontraithe fiosracha ag feidhmiú mar droichead idir cultúir. D'fheadfadh sé bheith spéisiúil...

2 comments:

Dubhaltach said...

Seo beart aisteach! Ní bheadh aon déantúsaíocht ar bith i gceist agus níl sé i gceist Éireannaigh a fhostú sna "hionaid trádála".

Saghas Las Vegas/IFSC Síneach in Áth Luain! Lonnaithe anseo mar gheall ar ár gcáin chorparáide íseal. Tá an Double Irish á mealladh anois, ach ní fada a mhairfidh a leithéid.
Cad a tharlódh ansin nuair atá Cathair Sí Síneach againn lonnaithe i lár na tíre?

Ar bhealach cuireann sé monarcha Asahi i gCill Ala i gcuimhne dom.

Fearn said...

Ní rún é go bhfuil na Sínigh ag ceannach talún ar fud an domhain. Tá lear mór de thalamh na hAfraice díolta le Sínigh cheana, le bia a chur ar fás ansin ar mhaithe leis an tSín, seachas na daoine dúchasacha.

Tá an MuaShealainn le dlí a ritheadh cionn is go bhfuil an iomarca talún díolta le Sínigh cheana: an fheirm deiríochta is mó sa tír ina measc.

Is ar a son fhéin a dhéanann an cat crónán