19 November 2010

Blúirín: Teorainn Iosrael

Alt spéisiúil ar First Things: ag maíomh nach acmhainn d'Iosrael glacadh le haon socrú a fhágann cosaint an Stáit lagaithe.

Sílim go bhfuil dealramh leis sin, go háirithe i bhfianaise easpa cumais an Údarás Phalaistíneach barántas síochána a thabhairt, cionn is nach bhfuil bá a bpobail fhéin acu, agus dreamanna níos radacaí in uachtar.

N'fheadar cén leigheas atá ar an scéal.

30 comments:

coc said...

D'fhéadfaí na plandóirí a dhíbirt abhaile mar thús.

aonghus said...

Cé acu plandóirí?

Na hArabaigh a thóg an talamh le lámh láidir?

Muintir Iosrael trí chéile, mar is mian le Ahmedinejad?

Nó an dtabharfaidh muid do síol lucht Canann an talamh?

I gcead duit, sin simplíocht.

coc said...

Tá plandáil ar siúl anois láithreach. Tá sé soiléir cé hiad na plandóirí dóibhsean nach bhfuil dall.

aonghus said...

'Sé an rud ná go bhféadfá "plandóirí" a thabhairt ar phobal Iosrael tré cheile.

Aontaím leat ná cheart breis lonnaíochtaí a bheith á thógáil in Iarúsailéim ná ar an mbruach thiar.

Ach bíonn chomhghéilleadh ar an dá thaobh i gceist le síocháin!

coc said...

Ceart ansin agat a Aonghuis. Ní comhghéilleadh atá á lorg ag na hIosraeligh áfach, ach bua. Bua iomlán.

aonghus said...

Agus ag Hamas?

coc said...

Cuir ceist ar na Iosraeligh is dócha. Is iadsan a chabhraigh le HAMAS a bhunú.

aonghus said...

Maith go leor.
Agus Ahmedinejad?

Tá an scéal i bhfad níos casta ná "Ar Iosrael atá an locht".

Níor thosaigh Iosrael cogadh go dtí seo.

coc said...

Agus Ahmedinejad?Amadán scanrúil gan amhras.

aonghus said...

Ach ní féidir aon reicneáil a dhéanamh sa chúinne úd den Domhan gan é a chuir san áireamh.

Fearn said...

"D'fhéadfaí na plandóirí a dhíbirt abhaile mar thús."

Tagaim leat, a choc!

"Ach bíonn chomhghéilleadh ar an dá thaobh i gceist le síocháin"

Ní thagaim leat, a aonghus.
Bíonn comhghéilleadh i gceist nuair atá dhá cheart i dtreis. Maím nach bhfuil ceart ag an Iúdach a ghoid flaitheas an talún.

aonghus said...

Ó cén dream?

Impireacht na Tuirce, faoi Mhandáit Breatnach?

Nó Muintir Canann?

Cé chomh fada siar agus ab áil leat dhul?

B'fhéidir go mbeifeá i bhfách le lonnaíocht ar Madagascar dóibh? Nó an bhfuil Endloesung eile ar d'intinn?

Fearn said...

Ní thuigim comhthéacs so cheisteanna, a aonghuis!

An chugamsa atá tú?

aonghus said...

Maím nach bhfuil ceart ag an Iúdach a ghoid flaitheas an talún.

Chuige sin a bhíos.

Fearn said...

Ceart go leor.
Flaitheas atá i dtreis.

1917, chuireadh an ruaig ar an dTuirceach a bhí i mbun na talún sin le 500 bliain ach nach raibh ina dteideal ( Ní ritheann cuimsí Tuirceacha tríd ).

Ghlac an Briotaineach a sheilbh, faoi choimirce Chonradh na Náisiún: ach níor ghlac an flaitheas. Cé aige a raibh ceart flaithis, agus a huile rud eile cothrom, ach lucht cónaí ann?

Maím gur ag an Pailistíneach atá cead flaithis, mar ag an Iordanach, an Liobánach, an Síreach atá coda eile an "tSainórdaithe" sin

aonghus said...

Bhí Giúdaigh ann freisin.

Is cumasc pléascach de phobail atá sna críocha sin riamh anall.

Níor chualathas faoi leithéidí "Iordáin" a bheith ann fiú, go dtí gur chuir an Bhreatain ríshliocht dá rogha féin ar chuid den bPalaistín.

Ní thagaim leat, agus ní thiocfaidh, go mba cheart Iosrael a scriosadh den mhapa.

Fearn said...

"Bhí Giúdaigh ann freisin."

Bhí. Agus...?

"Is cumasc pléascach de phobail atá sna críocha sin riamh anall."

Níl a leithéid de ráiteas cuiditheach ná ábharach

"Níor chualathas faoi leithéidí "Iordáin" a bheith ann fiú, go dtí gur chuir an Bhreatain ríshliocht dá rogha féin ar chuid den bPalaistín."

Cad é mar a bhaineann seo le hábhar?

"Ní thagaim leat, agus ní thiocfaidh, go mba cheart Iosrael a scriosadh den mhapa."

Ní maith liom ceart a ligint le gadaí. Scriosadh an tAontas Sóibhéadeach den mhapa. Mairfidh an tIúdach freisin, mhair riamh. An ceart choíche.

aonghus said...

Tugadh ainm eile ar Aontas na Sóibhéide, ach tá an gcuid is mó de fós mar a bhí.

Ní slán do shamhail.

coc said...

Nó an bhfuil Endloesung eile ar d'intinn?

Nach glacann tú le dlí Godwin a Aonghuis? Is trua nach féidir le daoine caitheamh anuas ar iompar neamhdaonnach na n-Iosraelach gan Naitsíochas a bheith curtha ina leith. Go háirithe nuair atá an Bruach Thiar agus Gaza iompaithe i gcampaí géibhinn ag na hIosraeligh. Campaí Bháis fiú amannta.

aonghus said...

Nuair atáthar ag moladh Iosrael a scrios, mar a rinne Fearn, ní thagann Dlí Godwin i gceist.

Más rud é gur bhain mé mí-bhrí as an méid a dúirt sé, glacadh mé leithscéal agus tarraingeoidh mé an méid a dúirt mé siar.

Fearn said...

"Tugadh ainm eile ar Aontas na Sóibhéide, ach tá an gcuid is mó de fós mar a bhí."

Sin an buille ach ta tu ag imeacht on abhar aris!!!!

Fearn said...

"Nuair atáthar ag moladh Iosrael a scrios, mar a rinne Fearn,"

Os rud e nach bhfuil cead eisinte ag Iosrael mar a bhfuil se, is dual a scriosadh mar a bhfuil se.

Dar ndoigh, d'fheadfadh cead eisinte bheith aige ait ar bith a bhfuill na daoine ansin sasta leis. Mhol me cathair Nua Eabhrach ar suiomh eile, cionn is go bhfuil se ina chathair Iudach is mo cheana.

Na sil gub ionnan an Iosrael mar ata se a scrioadh agus Iudach no mian an Iudaigh a scrios.

Is lonnaitheoiri, ropairi isteach iad i bPailistin.

Séamas Poncán said...

Bíonn First Things ciallmhar go hiondúil, sílim.
Tá ionadh orm go raibh fonn ort a leithéid a scríobh 'os ard', a dhuine chóir!

Seán said...

N'fheadar cén leigheas atá ar an scéal.

Tacaím réiteach an Torah, mar atáthar ag tabhairt air, is é sin, díscaoileadh iomlán an Stát Iosrael agus athbhunú na Palaistíne do na Palaistínigh.

aonghus said...

Tá ionadh orm go raibh fonn ort a leithéid a scríobh 'os ard', a dhuine chóir!

Cé againn an duine chóir, agus cén leithéid atá i gceist agat?

aonghus said...

@Seán:

Bhí cúis le bunú Iosrael: go raibh a Stát féin de dhíth ar Ghiúdaigh de bharr a dtaithí léanmhar ar an gcuid eile den Domhan. Níl an chúis sin imithe, ná baol air. Níl tír ar domhain nach raibh frith Ghiúdachas de chineáil amháin nó eile inghlactha ann go dtí le déanaí - ghlac sé an Uileloscadh chun súil mórán a oscailt don gcneá seo inár síce.

Pé scéal é, tá Iosrael ann anois le isteach is amach le seasca bliain: an t-aon Stáit sa cheantair ata ar a laghad iarracht den daonlathais agus Riail an Dlí ag baint leis.

Mar sin, seasaim le cearta Iosrael a bheith ann, agus í féin a chosaint: cé go bhfuilim buartha faoin bealach amscaí a dtéann an Rialtas ann i ngleic leis na fadhbanna.

Seán said...

Bhí na Giúdaigh ag gabháil a theacht go n-Uganda ó thús. Agus cad tuige stát síónach? Ach d'iarr tú leigheas. Is cuid mhór na nGiúdach traidisiúnta (m.sh., na Hasadaigh agus na Haireidigh) a thacaíonn an réiteach seo mar tá a fhios acu go maith cúis na caismirte. Aontaím leofa agus aontaím leis na fáthannaí reiligiúnacha s'acusan, den chuid is mó.

aonghus said...

Conas a bheadh lonnaíocht i Uganda níos fearr?

Ar a laghad bhí pobal suntasach Giúdach sa Phalaistín fiú sular thosaigh an coilíniú Siónach, ní áirím bunú Iosrael.

Seán said...

B'fhéidir nach mbeadh sé níb' fhearr. Níl a fhios againn. Ní chuirim i gcoinne a n-inimirce; cuirim i gcoinne an stát shíónaigh.

Fearn said...

An bhfuil éinne sásta fós "Cead flaithis na nIúdach" sa talamh "úd" a mhíniú is a sheasamh.i. gan fabhar páirtí?