17 November 2010

Blúirín: "Was ist ein Bankraub gegen die Gründung einer Bank!"

I dtagairt ar an bpíosa seo san Tagesspiegel a luadh an bonmot de chuid Brecht thuas. (Tá robáil bainc in áit na leathphingine i gcomparáid le bunú bainc)

Ní hamháin go bhfuil cáiníocóirí na hÉireann thíos le praiseach na mbainc abhus; tá an cuma air go mbeidh cáiníocóirí na hEorpa, sa Ghearmáin ach go háirithe, ag íoc go daor as an bpraiseach abhus.

Táid tar éis a lámha salacha a chuir go domhain inár bpócaí go léir.

3 comments:

ormondo said...

Tá sé go bhfuil todhchaí an euro féin i mbaol. Cad a tharlódh sa chás a gclisfeadh ar cheann de na tíortha móra?

Tá an Spáinn go géar i mbaol agus an Iodáil le blianta anuas geall le bancbhriste. Agus tá tíortha ann amhail an Bheilg nach bhfuil ró-láidir ach an oiread.

Tá athrú cultúir de dhith ar an scéal. Tá an córas ina bhfuileamar faoi láthair cosúil le casino ina n-imríonn na boic mhóra. Nuair a bhíonn an t-ádh leo coimeádann siad an t-airgead, ach nuair a chailleann siad bíonn ar na daoine eile íoc as.

Agus is é an jab atá ag na polaiteoirí ná na leithscéalta agus na bréaganailíseanna a chumadh chun an t-airgead a fháisceadh as na cáiníocóirí.

ormondo said...

recte: Tá sé soiléir go bhfuil...

Dubhaltach said...

Ar a laghad tá an Gearmánach sin ag díriú a mhear sa treo ceart an t-am seo thart.
Anois cá bhfuil an dlúthpháirtíocht uaidh do lucht oibre na hÉireann, agus na Gréige ar ndóigh?

Nuair a bhí an rud céanna ag tarlú don Ghréagach le déanaí níor chualamar uaidh ach caitheamh anuas agus líomhaintí leisciúlachta in aghaidh an Ghréagaigh.