26 November 2010

Drochíde

Ba é inné an Lá Idirnáisiúnta um Foréigean i gcoinne Mná a Dhíothú: rud nárbh eol dom. Bhí alt san Irish Times inniu a chuir ag machnamh mé.

Rud is ea an drochíde atá i súile an té a tugtar dóibh é, go minic (ag fágáil foréigean soiléir corpartha as an áireamh). Conas is féidir daoine a chosaint go héifeachtach ón sórt drochíde nach bhfágann lorg soiléir?

Is cinnte go mba cheart dlíthe a bheith ann chun go bhfeadfadh daoine faoiseamh a lorg - agus cionn is go léireodh an dlí go bhfuil líne ann nach ceart í a thrasnú.

Gan amhras, le imeaglú mar a luaitear san alt bheadh sé deacair an dlí a chuir i bhfeidhm: ach déanta na fírinne, feictear dom go bhfeadfaí ordú cúirte a lorg chun réimse áirithe iompar, a bheadh gan locht de ghnáth, a chosc idir beirt - go háirithe dá gcaithfí leis i mbealach a thugadh a gceart don dá thaobh. D'fhéadfaí, mar shampla an ordú a dhéanamh agus cosc ar é a phoibliú chomh fada agus a bhí an té a rinneadh ina choinne é ag cloí leis.

Ach in aois na líonraí sóisialta, tá sé níos deacra scaradh le duine nach mian leat teagmháil a bheith agat leo níos mó.

Ceist chigilteach; ach tábhachtach.

5 comments:

ormondo said...

Ritheadh dlí i goinne an iompair sin abhus sa bhliain 2007 - http://dejure.org/gesetze/StGB/238.html.

Ní ceist simplí í, áfach.

Deirtear go bhfuil "gach rud ceadaithe i gcúrsaí grá agus cogaidh" ach cad a tharlaíonn tar éis an chogaidh, nó tar éis an ghrá?

Nuair a bhí mé i mo chónaí sa Ghearmáin ar dtús ba thír choimeádach fós an seanfhód. Bhí an Ghearmáin ní "ba fhaide chun tosaigh i cúrsaí collaíochta", ach thugainn faoi ndeara anseo go mbíodh scéalta sna nuachtáin go minic faoi "thragóidí caidrimh". Dúnmharú na mná nó díothú clainne fiú trí mharú agus féinmharú a bhíodh i gceist, de ghnáth, mar thoradh marfach ar chaidreamh éigin.

Tarlaíonn an rud céanna in Éireann le tamall de bhlianta anuas anois leis an athrú cultúir.

Gan spleáchas d'éiteas, má bhreathnaítear go hoibiachtúil air, ní féidir éalú ón bhfíric go músclaíonn an chollaíocht instinní cianaosta i dhaoine, nó i bhfir go háirithe, agus go ngéaraíonn sin ar na deacrachtaí - ar mothúcháin fiáine iad i gcásanna nach féidir iad a cheansú - nuair a chailleann an fear, go háirithe, a pháirtí.

Feictear dom gur cruthaíodh na rialacha "coimeádacha" (a bhíodh againn tráth den saol) i bhfad siar san anallód sa chéad áit chun an t-anord a smachtú agus níl sa toise reiligiúnach de ach gnéith thánaisteach i ndáiríre.

ormondo said...

recte: mothúcháin fhiáine

Seán said...

Ba chóir dúinn traenáil i bhféinchosaint. Ceannaigh gunna más gá sin. Agus abair leis go gcosnófá tú féin más gá sin fosta. Sin cumasú. Ní dlí.

aonghus said...

N'fheadar.

Tá amhras orm gur féidir dul i ngleic le foréigean intinne tríd foréigean coirp a úsáid nó fiú a bhagairt.

Seán said...

Aontaím leat. Teith ó chaismirt i gcónaí. Ná cuir troid ar dhuine ariamh. Bain úsáid as an dhlí. Ach stalcaireacht, bagairtí, ciapadh, mí-úsáid chainte — mura dtig le bean (ná le haon duine) teitheadh ón bhagairt ina hiomláine agus pléascann foréigean, cad é a dhéanfaidh sí? Tugann traenáil i bhféinchosaint cumhacht don bhean teitheadh ón bhagairt nó troid ar son a saol. Sílim go mbeidh a leithéid de bhean féinmhuiníneach agus is dócha nach d'fhulaingeodh sí mí-úsáid shíceolaíoch fosta. Admhaíonn Women’s Aid go “... many women will meet the strict criteria and are eligible to apply for domestic violence orders ...” (foinse), ach ní fheadar cé acu a mholann siad féinchosaint ar chor ar bith. Sílim gur meon íospartaigh seo.