24 November 2010

Iomarcach

Oíche deireadh an tsaoire. Las sé an teilifís. Nuacht a naoi. An príomhscéal: bhí an comhlucht ag scaoileadh slua mór chun bealaigh. Tocht sa scornach. Cúpla glaoch gutháin. Drochscéalta. Teannas sa ghoile. Greim faighte ar a bhainisteoir aige. Scalladh cléibh. Oíche gan suain. Bhí sé iomarcach.

8 comments:

Mise Áine said...

An tú féin atá i gceist agat, a chara, mura miste leat an cheist?

aonghus said...

Is mé; thiar sa bhliain 2002.

Fanann an cneá, ámh; agus tuigim do dhaoine a bhfuil an tua airithe sin ós cionn a gcinn anois.

Is beag focal chomh tarcaisneach ná gránna leis.

Mise Áine said...

Tuigim, agus aontaím leat.

Tá trua nach beag agam do na daoine atá, agus a bheas, ag streachailt ar na laethanta neamhchinnte seo.

Grá faoi Ghruaim said...

Tharla sé dom athair sa bhliain 1997, d'fhág an monarchan an tír. Bhí sé ann ón thús, dhá bhliain is tríocha

aonghus said...

Sin buille fill, cinnte.

Fearn said...

I bhfad uainn go léir an t-anachain.

Níl trua ná taise ag an airgead

ormondo said...

D'fhág mé an dara post buan a bhí agam mar gheall ar iomarcaíocht. Níor tharla sé go tobann, áfach. Bhí sé réamhfhógartha agus bhí deis agam dá bharr post nua a lorg.

aonghus said...

San earnáil ina bhfuilimse, san Eoraip ar a laghad, is gnách íoc in áit fógra a thabhairt.

Ar eagla beart díoltais...