20 November 2010

Oideachas agus Oiliúint

Coláiste na hEolaíochtaí, mar a bhí, Sráid Muirfean. Ón gnáth fhoinse.
Spreag beannú Newman ar na mallaibh mé saothar leis a léamh. Fuair mé, mar sin, The Idea of a University ón leabharlann.Caithfidh mé admháil nárbh léitheoireacht éadrom é, ach táim sásta go ndearna mé treabhadh tríd. Ainneoin gur fhreastal mé ar an gColáiste Ollscoile a d'eascair as saothar Newman abhus, is mór idir mo thaithí ar an Ollscoil (nó Iolscoil?) agus an idé a bhí ag Newman. Agus ós rud é nach bhfuair mé an fhoroideas sa Laidin agus Gréigis, a rinne sé talamh slán de a bheith ag duine léannta, bhí sciar den leabhar nach raibh ar mo chumas léamh in aon chor. (Cóip dílis dá eagrán fhéin a bhí ann, gan aon chabhair do léitheoirí an lae inniu).
Mar sin féin, táim i bhfách lena bhunphrionsabail - go mba cheart d'ollscoil a bheith uilíoch sna dána a theagasctar ann, agus gach dán díobh a léiriú a shrianta agus a ionad cheart do gach dán eile. Gurbh é cumas smaoineamh go grinn agus go soiléir sprioc an oideachais. Is fíor freisin, feictear dom, go bhfuil bearna mhór idir léann a theagasctar ag ollamh agus an méid a fhoghlaimíonn duine é féin ó léamh; gurbh fearr go mór stiúir a bheith ag duine agus é ag iascaireacht i mbóchna an léinn. Sílim freisin go bhfuil an cheart aige gurbh iad na daonnachtaí eochair an léinn sa  chiall seo: agus go bhfuil meancóg déanta againn tríd ár gcúl a chasadh le saíocht na Gréige agus na Róimhe. Tá amhras orm freisin go bhfuil sé ar chumas ag Ollscoil phlódaithe na linne seo an réimse iomlán dána a chuir ar a shúilibh don aois léinn. Arís, cé go raibh mé i mo mhac léinn i UCD, is beag teagmháil a bhí agam leis an Ollscoil tré chéile - bhíodh mórchuid na léachtaí againn i bPort an Iarla agus Sráid Muirfean, toisc gan foirgneamh a bheith ag Dámh na hInnealtóireachta ar an gcampas i Belfield. Rud a d'fhág ná raibh fiú teagmháil sóisialta arbh fiú caint air agam leo siúd a bhí ag dul le disciplíní eile. Mar sin, oiliúint a fuaireas - agus pé oideachas atá orm is ó shin i léith a chnuasaigh mé é, ó léamh leabhair agus ó Areopág an Idirlíon.

Bítear ag maíomh go forleathan as dea-oideachas na hÉireann; rud a bhfuil ana amhras orm faoi.Tá nithe maithe faoin gcóras scrúdaithe Stáit - go gcuirtear an scrúdú céanna ar gach iarrthóir, agus gurbh go hanaithnid a tugtar breith air. Agus gurbh scrúdú i réimse leathan ábhair a bhíonn i gceist. Agus is dócha gurbh é córas pointí is córa agus líon srianta áiteanna ollscoile le dáileadh. Mar sin féin, feictear dom go bhfuiltear ag tabhairt oiliúint  ar conas scrúdú maith a dhéanamh do dhaltaí, seachas oideachas. Rud a fhágann athoiliúint le déanamh ar an ollscoil.

Cé gurbh ríomhchláraitheoir mé, sílim nach leor an réimse chúng ábhair theicniúil chun mo gharim a chomhlíonadh. Go deimhin, dúirt duine de smaointeoirí mhóra mo ghairme - Dijkstra - gurbh máistreacht ar a theanga dhúchais sa mhullach ar ardchumas matamaitice atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir, toisc gurbh Machnamh is ea bun agus barr na gairme. Bun agus barr gach gairme, feictear dom, cé go bhfuil scileanna teicniúla ar leith i gceist le gach gairm. Tá, freisin, cumas obair le daoine eile riachtanach.

Fuair mé seanfhocal tráthúil ar shuíomh Dennis - is mairg a oiltear gan riail.

Go raibh ré nua i ndán d'oideachas mar a shamhlaigh Newman - agus an bPiarsach - é, agus go raibh sin mar chuid den bóthar thar nais do Chró Choinn, atá anois le cró ina shlaoda síos air tar éis buille fill ó chró lucht an airgeadais.

  Aguisín: Chaith mé bliain na céime i mBelfield; bhíothas tar éis leath den fhoirgneamh innealtóireachta a thógáil toisc gur shantaigh an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh ár bhfoirgneamh i Sráid Muirfean; agus mé ag siúl tríd Belfield aréir chonac go raibh an dara leath tógtha ó shin. Rud a rachaidh chun leasa na hábhar innealtóirí, tá súil agam; ainneoin gur tógadh an champas i mBelfield d'aonghnó chun cumarsáid éasca idir an aos léinn a bhac, seachas a mhalairt. Faoi anáil na gcíréib i mBerkeley agus sa bhFrainc sna 1960í a bhí lucht a dheartha.

Aguisín 2: Féach foclóir an Duinnínigh maidir leis na bríonna ar léith atá ag cró!

5 comments:

Seán said...

Píosa maith. Maidir leis an mhac s'againne, tá muid ag deánamh iarrachta ar oideachas clasaiceach. Is beag scoil a oileas sa dóigh seo. Tá scoltacha cairte, scoltacha príobháideacha, agus scolaíocht bhaile ann. Léigh muid The Well-Trained Mind le Susan Wise Bauer agus Jessie Wise, agus The Well-Educated Mind, le Susan Wise Bauer. Thug siad cuidiú dúinn.

ormondo said...

Ní haon mheancóg dúshraith mar Bildungsbürger, mar shampla, a bheith ann sara dtabharfaí faoi ábhar teicneolaíochta.

Ceist acmhainní a bhíonn i gceist agus is deacair an rud go léir a shacadh isteach i gcloigeann an mhic léinn sara mbíonn an fiche scoite aige.

Is iad roinnt de na spriocanna is tábhachtaí ná cumas smaoinimh, cumas foghlamtha agus an cumas spéis a ghríosú ionat féin i réimse leathan ábhar.

Agus ní cóir deireadh a chur riamh leis an oiliúint. Nach bhfuileamar ag maireachtaint in ollscoil an tsaoil feadh ár saoil?

Dála an scéil, an gceapann tú go bhfuil cúrsaí níos fearr i Yale, Harvard agus na hollscoileanna dá samhail nach bhfuil ganntanas acmhainní ann?

aonghus said...

Tá amhras orm go bhfuil fíor oideachas i lár córas ollscoile ar bith níos mó.

aonghus said...

Hmm.

Is féidir go bhfuil an Ollscoil seo ian oidhre dlisteanach ar an bhfís.

Seán said...

Thomas Aquinas College agam.

Nasc