Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-11-05

Trí Aithne na Róbataice

  1. Ní ceadmhach do róbat duine daonna a ghortú, ná ligeann do díobháil tarlú do dhuine de bharr a easpa gnímh.
  2. Caithfidh róbat aon ordú a thugann duine daonna dó a chomhlíonadh, seachas má thagann sin salach ar an chéad aithne.
  3. Caithfidh róbat a bheithsine a chosaint, seachas má thagann an cosaint sin salach ar an gcéad nó an dara aithne.
Is mar sin a shainmhínigh Isaac Asimov na rialacha faoina fheidhmíonn na róbat gona inchinní posatrónacha ina chuid scéalta. Agus mé ag fás aníos, bhí cónaí orm gar don leabharlann agus do léigh mé an dúrud ficsean eolaíochta. Táim tar éis filleadh ar an nós sin le déanaí, agus ar scéalta Asimov.  Tá an díolaim gearrscéalta "The Complete Robot" díreach leite agam. Baineann na scéalta ar fad leis an teannas is féidir a chruthú idir an trí aithne thuas; le hamhras an chine daonna faoi a gcuid teicneolaíochtaí féin - an éifeacht Frankenstein; sa bharr ar sin eascraíonn uabhar sna róbat go minic as a dtuiscint go bhfuil siad níos cumasaí ar a lán bealaí ná na daoine daonna.

Fíonn sé scéalta go healaíonta as na comhábhair seo. I cuid mór de na scéalta sa leabhar seo, is í Susan Calvin, a tugtar róbaisíceolaí uirthi, an laoch. Braithim ana dháimh léi - go bunúsach is innealtóir í, ag dífhabhtú na róbat. I gcónaí is amhlaidh go bhfuilid ag feidhmiú díreach mar is ceart, ag leanúint orduithe neamhbheachta go cruinn, faoi anáil na haithne thuas. Bíonn, gan amhras,  iarmhairtí neamhbheartaithe i gceist, agus castachtaí ag eascairt as uabhair na róbat, agus luddachas nó fuath na daoine, a bhraitheann gur bagairt iad na róbat.

Ach éiríonn léi i gcónaí dul go croí na ceiste.

Is bean í i ngairm agus réimse ina bhfuil mná gann; léiríonn sé an chaoi a bhfeictear do na fir í bheith ar chuma éigin ar easpa banúlachta de bharr a héifeacht. Sin, monuar, léargas glé ar suíomh na mban san réimse innealtóireachta fós. Ní dóigh liom go raibh níos mó na duine nó beirt bean i measc mo chomhghleacaithe riamh.

Níl fhios agam cad a cheapadh mná faoi léargas a thugann sé uirthi; sílim áfach go léiríonn sé sna scéalta nach bhfuil an íomhá atá ag na fir di fíor.