Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-12-31

Blúirín: Keen maidir le agóid anaithnid

Alt anseo:

Ag trácht ar an dream gan ainm a thug fogha faoi Mastercard & al de bharr gur dhiúltaigh siadsan comhoibriú níos mó le Wikileaks.

Cé go bhfuil an dream seo ag úsáid béarlagair lucht cearta sibhialta, ní ionann iad chor ar bith. Táid folaithe ag ag teicneolaíocht a mhaíonn siad atá le muid a dhéanamh saor, agus deireadh a chuir le rúndacht.

Agus ní léir go bhfuil comhréiteach uathu.

Táim amhrasach (fós)!

2010-12-30

Blúirín: Filleann an Bonnán chun a thart a loisceadh!

An Bonnán, ó Naumann, 
Naturgeschichte der Vögel Mitteleuropas
Scéilín san Irish Times go bhfacthas an Bonnán abhus arís: Scéal a chuirfeadh gliondar ar chroí Cathal Bhuí. Agus féach gur chun dán a chinn a  chonaic seisean a sheachaint atá siad abhus!

Is olc liom dán an chruidín. Chuireas síolta amach, agus chonac don gcéad uair le fada smólaigh i'm ghairdín.

2010-12-29

Blúirín: ar íoc tú as an amhrán sin atá á chanadh agat?

Scéal ón nGearmáin: Tá GEMA - macasamhail IMRO abhus  ag éileamh airgead ó naíonraí as ucht an chead a bheith acu amhráin do phaistí a chanadh...toisc go bhfuil  cóipcheart i gceist. €56 in aghaidh na bliana: ansin tá cead acu suas le 500 cóip a dhéanamh de nótaí amhráin.

Anois, táim ar son go mbeadh dleachtaí á íoc le cumadóirí ceoil, agus nach mbeadh a gcuid saothar á ghoid tríd cóipeanna a dhéanamh go bradach. Ach tá a leithéid de rud ann agus úsáid cóir - agus sílim gur ag marú an gé a bheir na huibheacha órga atá GEMA anseo. Mar táim measartha cinnte go gceannaíonn tuistí CDanna agus leabhair bunaithe ar na foinn a thugann na leanaí abhaile.

Blúirín: Go bhfóire Gobanios orainn!

Bó bhán ar chúlra dhubh: Niko Pirosmanashvili
Micheál Ó Ruairc ag míniú ar ndán reatha le cabhair ón scéal Béaloidis faoin Ghlas Ghaibhleann.

Cliste.

Dia dá mhaoin is mairg do ní!

2010-12-28

Díogha gach síne an sioc

Ach tá sé scuabtha chun siúl ag báisteach le lá anuas. Súil agam nach bhfuil sibh ag fulaingt ró dhona ar an dtaobh eile den lochán; agus go mbeidh uisce acu siúd abhus atá gan é de bharr píopaí réabtha.

Ní raibh cúrsaí ró olc againne: bhí an sneachta níos troime i mBaile Átha Cliath. (Teach mo mhuintire atá sa phictiúir).

Ach gnáth Nollaig a bhí againn, dinnéar le mo mhuintir mar is gnáth. Caithfidh mé filleadh ar obair amárach, ámh.

Áthas orm na bóithre a bheith glan arís!

Agus cá bhfios nach bhfíorófar an nath eile seo ó chnuasach Dennis:

Máthair eatha1 oighear
Athair saille sneachta


Go raibh bliain fónta romhainn uilig!

1Tá an focal seo ar gráin fós le fáil in Ó Dónaill, faoi ioth agus an nod Lit. leis. Thóg sé tamaill orm teacht air le cabhair ó www.dil.ie

2010-12-23

Nath don Nollaig

Sciobtha ó bhailiúcháin Dennis:

A Rí na Reann,
Pé acu dubh nó fionn mo theach
Ní iafar roimh neach
Nár ia Críost a theach romham

Tá Sé ag Teacht!


Ár mbeithilín: ag fanacht leis an naíonáin naoimh!

Dia do Bheatha, a naíonáin naoimh;
sa mhainséar cé taoi bocht,
meidhreach saibhir atá tú
a's glórmhar í do dhún féin anocht

A naíonán bhig atá mór,
a leanbáin óig atá sean,
sa mhainséar ní chuireann tú a lán,
cé nach bhfaigheann tú áit ar Neamh

Ar Neamh díbh gan mháthair riamh,
gan athair inár n-iath anois,
i d'fhíorDhia riamh atá tú
a's i do dhuine ar dtús anocht.
(Aodh Mac Cathmhaoil)

A bhuí le díograis David Webb, tá teacht ar aitheasc Nollaig an tAthair Pheadair dóibh siúd a bhfuil léitheoireacht don séasúr uathu! Guím Beannachtaí na Nollaig oraibh go léir: agus cuimhnígí ar Chríostaithe Bhagdad agus Beithil, atá ag ceiliúradh breith Prionsa na Síochána faoi scáth bhagairtí lucht lámh láidir.

2010-12-22

Dia do bheathasa, a Mhuire

Dia do bheathasa, a Mhuire,
a thuile lán de ghrásta;
tá an Tiarna i d'fhochair,
a ghin shochar Chlann Ádhaimh

Beannaithe thusa tharstu,
dea-mhná na talún uile;
a's is beannaithe an ghin ríoga,
Íosa, toradh do bhroinne.

A naomh-Mháthair Dé, a Mhuire,
a bhuime mar an gcéanna,
guigh orainn na peacaigh
inár mbeatha a's in am éaga.

Tháinig mé ar an leagan fileata seo den Ave Maria inniu. As An Teagasc Críostaí le Giolla Bhríde Ó Heosa a tháinig sé. As Faisicil III de Manuail de Litríocht na Gaeilge, in eagar ag Breandán Ó Doibhlin, a fuair mise é. Ní fada uainn anois cothrom lae breithe a Mic.

Ní théann aoinne ann, ach fós bíonn sé ina chogadh

Ladrann de chuid cabhlach SAM
Bhíodh nath ag gluaiseacht síochána na Gearmáine: "Stell dir vor, es ist Krieg und keiner geht hin" (Samhlaigh, tá cogadh ann, is ní théann aoinne ann). Bhain an alt seo san Tagesspiegel casadh as an nath: Keiner geht hin – und trotzdem ist Krieg.
Ag trácht ar an bhforbairt i dteicneolaíocht an chogaidh a bhíodar. Rud a fhágann go mbíonn "trodaithe" na tíortha forbartha i bhfad ón mblár catha; agus saor ó bhaol.
Bíonn tionchar ag na "malaí coirp" ar mheon an phobail i léith cogadh. Ní bhíonn an brú chéanna ar Rialtais nuair is "iad siúd thall" amháin atá ag fáil anbhás.
Bás ón spéir, stiúrtha ag ríomhairí agus daoine i bhfad i gcéin.
Rud, samhlaím, a fhágfaidh níos deacra é cur i gcoinne cogaíocht "ar son na saoirse" amach anseo.
Seachas go mbeidh treallchogaithe ar a ndícheall ag iarraidh an buille a thabhairt níos gaire dúinne. Níos lú baol do saighdiúirí; níos mó baol don pobal trí chéile - thall cinnte, abhus uaireanta. Agus fanacht fhada ar chosa laga go gcomhlíonfar nath Íseáia.
Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,
agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
(Íse 2:4)

2010-12-21

Splanc Uaignis

Luath sna 1990í. Lámh le Beirlín. Baile cois locha. Café plódaithe. Mé ag ól caife liom féin. Bean chríonna in aice liom. Monabhar cainte uaithi. "D'fhág m'fhear mé an tráth úd. I ndiaidh na Rúisigh. Ní raibh mé in ann - tá's agat - é sin a dhéanamh..." An liomsa a labhair sí? Fós ní fheadaraím.

Blúirín: Ní féidir leat loirg do chos a cheilt sa sneachta.

Nath a bhí ag Fergus ar ball beag.

Agus trúig a ghafa do ghadaí Sasanach...

2010-12-20

Nathanna

Tháinig mé ar an nath seo ar ball beag:

Audiatur et altera pars (Éistear leis an dtaobh eile)

Prionsabal thábhachtach dlí.

Gan amhras, tá leagan Gaelach de ann freisin:

Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Tá ceann deas acu san Ghearmáinis Íseal:

enes Mannes Rede ist nur die halbe Rede, man soll sie billig hören beede

(Níl i gcaint fhir amháin ach leath na cainte, is mithid éisteach leo beirt)

Tá sé seo chomh fíor, feictear dom, i gcás iriseoireacht agus atá i ndlí. Ach an ndéantar amhlaidh?

Blúirín: Imbolc 2011

Comhdháil iontach is ea Imbolc, ar siúl 12ú Feabhra 2011 san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne. Baileofar ann Gaeilgeoirí inspioráideacha chun a gcuid smaointe agus a gcuid tionscadal a roinnt lena chéile agus leis an lucht féachana.
Beidh ochtar ag caint ann, agus seans cainte ar feadh fiche nóiméad an duine - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh. Mar is léir thuas, tá cainteoirí den scoth againn, le saothar agus scéalta fíorspéisiúla ag gach duine acu. Gan dabht beidh téama an tionóil, "Inspioráid na bliana", tuillte go maith aige! Is féidir leatsa a bheith páirteach sa chruinniú éachtach seo...

Breis eolais: www.imbolc.ie

2010-12-16

Sceitheadh oscailte

Lógó openleaks.org
Bhí alt suimiúil eile san Tagesspiegel, maidir le Openleaks. Seo dream saorálaithe a d'fhág Wikleaks de bharr deacrachtaí le stíl cinnireachta Julian Assange; agus míshuaimhneas de bharr go raibh sé ag díriú fuinneamh iomlán na heagraíochta ar na sreangscéalta Meiriceánacha, agus neamhaird á dhéanamh ar sceitheadh eolais ó fhoinsí eile.
Cuir chuige eile atá faoin dream seo a eagrú. Beidh siad ag cuir bosca poist leictreonach rúnda ar fáil do sceithirí.
Beidh deis ag an sceithire an eagraíocht atá leis an eolas a fháil a roghnú. Má theipeann ar an eagraíocht sin gníomhú laistigh de am áirithe, sceithfear an t-eolas ar na heagraíochtaí ar fad atá nasctha le openleaks.
Tá sé i gceist go mbeadh an eagraíocht é féin trédhearcach, agus go mbeadh eagraíochtaí eile ag dul i mbannaí ar cé chomh iontaofa is a bheidh an trealamh agus an córas atá in úsáid.
Caithfidh mé a rá go maolódh cuir chuige mar sin m'amhras beagán. Táim fós amhrasach faoi sceitheadh rúin - go háirithe nuair is faoi rún atá an sceithire ag feidhmiú. Chím go bhfuil áit agus gá leis; agus gur féidir le sceitheadh dá shórt a bheith ceart agus riachtanach. Ach ní mór a bheith cúramach nach bhfuiltear ag déanamh ceithearnaigh i gcluiche rúnda níos mó ag lucht sceite an eolais. Féach go bhfuair muid amach tar éis na blianta gurbh leascheannaire an FBI a sceith rúin Nixon maidir le Watergate - de bharr naimhdeas d'iarrachtaí Nixon atheagar a chuir ar an FBI.

Is mithid an cheist maidir le cé atá baint cén leas as gníomh a chuir i gcónaí!

Amas chruinn idir an dá shúil

D'fhreastail mé ar dhráma nua Aoidh Uí Dhomhnaill aréir. Bhí sé thar barr.
 Scéal lánúine spreagtha ag, seachas bunaithe ar, scéal Sharon Collins ("Lying eyes"). Tragóid mar a thuigfeadh na Gréagaigh é - dán cruálach na díse ag eascairt as a bpearsantachtaí féin. Cliar de chúigear a bhí ann, faoi stiúir Lara Ní Chathmhaoil. Thart ar uair go leith ar stáitse le dearadh thar a bheith simplí ach éifeachtach. (Dara McGee) - balla gloine ar baineadh feidhm as chun cuid de ghníomhaíocht a léiriú mar taibhiú scáile. Baineadh úsáid as an chliar chun feisteas an stáitse a athrú - ar bhealach a raibh cóiréagrafaíocht ag baint leis chun gnéithe den dráma a léiriú. Ghluais an dráma siar is aniar san am - ag léiriú diaidh ar ndiaidh an  gad a bhí ag druidim le scornach an banlaoich. (Siobhán O'Kelly). D'fheidhmigh an dara bhean (Maighréad Ní Chonghaile) mar a bheadh cór gréagach  inti - ag léiriú, ag cuir doimhne leis an scéal, ag baint eolas as an mbanlaoch. B'é Séamus Moran a bhí i bpáirt an leannáin; agus thug sé léiriú phaiteanta ar idir geal agus dorcha an phearsa sin. Bhíos thar a bheith tógtha le haisteoireacht Bhrendan Murray - a raibh air dlíodóirí éagsúla agus póilíní a chuir inár láthair agus a rinne é sin ar bhealach chomh héifeachtach - athrú beag ar a ghruaig agus a ghnúis, agus nocht pearsa eile. B'é John Burke a bhí i bpáirt an fheallmharfóra - nó arbh ea? 

Bhí na haisteoirí ag léiriú an scéil le corp agus guth; agus ag baint gach úsáid as an stáitse, an fhuaim agus an solas.


Tá leisce orm mórán den scéal a scaoileadh libh - nod libh go bhfuil deis agaibh an léiriú gairmiúil seo (i ngach chiall) a fheiceáil idir seo agus an Satharn! Tapaígí an deis, má tá sibh abhus in aon chor! Maidir liomsa, beidh súil in airde agam don gcéad gníomh eile ag TíAitreo.

2010-12-15

Maolcheann

San S Bahn. Mall istoíche. Dornán daoine. An imirceach leis féin. Bean faoi chaille gar dó. Tagann maolcheann isteach. Íde béal don bhean. Casann ar an imirceach: "Coimhthíoch thusa fosta?" Imní. "Sea". Labhair dúchasach leis. Caint stuama, foighneach. Faoiseamh orm. Ghabhas buíochas leis ar ball.

Blúirín: xkcd & Wikileaks

Ó XKCD

Blúirín: Gairm Scoile ó John Walsh

In alt san Irish Times inniu

Glacaimis páirt sa díospóireacht agus samhlaímis leagan nua den fhorbairt nach bhfuil faoi shrathair an fháis. Mhaífeadh go leor gur fánach an mhaise dúinn a bheith ag labhairt ar chúrsaí Gaeilge agus an tír i ndeireadh na feide. Ach is léir gur gá athbheochan nua agus is deis stairiúil í seo do phobal na Gaeilge páirt a ghlacadh san iarracht náisiúnta sin. Ná scaoilimis tharainn í.

2010-12-13

Damh seacht mbeann

Bhí an t-aosánach leis féin ar feadh an lae ar an sliabh. Ceo ar an mbogach. Ag lorg foinse na Life. Tháinig sé air. Uisce úr ag spalpadh le neart as poll dubh móna. Raithneach mar chaille air. Chrom sé chun ól. D'ardaigh a cheann. Damh beannach ar faire air tríd an gceo. Corraí croí. Cuimhne buan.

Blúirín: Litearthacht oileán na nOllamh

Is annamh mé ar aon fhocal le Fintan O'Toole. Ach tá iomlán an chirt aige san alt seo dar liom.

Séanadh cearta atá ann gan cur ar chumas daoine léamh.

Foirm den cumhacht is ea litearthacht, agus foirm d'easpa cumhachta is ea neamhlitearthacht. Is eol do na máistrí riamh anall seo. Is mithid do na saoránaigh é bheith ar eolas acu freisin.

2010-12-12

Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. (Fil 4:4)

Fleasc Aidbhinte le hAndrea Schaufler, leis an coinneal bándearg
Tugtar Domhnach Gaudete ar inniu, an tríú Domhnach den Aidbhint.

Ón sliocht thuas a thagann focail oscailte an Aifrinn.

Faoin sean reacht bhíodh éide bándearg ar an sagart mar siombail ar an lúcháir; anois is minic coinneal bándearg ar an fleasc Aidbhinte chun an lúcháir a chuir in iúl.

Tá Sé ag teacht!

2010-12-11

An Bradaí gach Hacker?

Chuas sa tóir ar Hacker ar focal.ie toisc gur theastaigh uaim Gaeilge a chuir ar Hacktivist d'alt thíos.

Bradaí an téarma atá ann; mar sin mhúnlaigh mé bradghníomhaí. D'fheil sin don chiall a bhí uaim.

Ach is amhlaidh go bhfuil bríonna eile ag Hacker - cuid acu dearfach. Go deimhin, ó thús is brí dearfach a bhí in uachtar - duine a raibh ar a chumas rudaí cliste a dhéanamh le ríomhaire, nó go deimhin nithe eile. Bhíomar á phle seo ar na mallaibh Tí Dennis agus Sugru faoi chaibidil againn. Shocraigh muid ar "seift" mar Ghaeilge ar Hack.

Mar sin, céard faoi seifteálaí don chiall dearfach? Daoine fearacht Larry WallEric Raymond?  Sár seifteálaíthe iad beirt!

An síbín é seo?

Úsáidtear an a comhartha "#!" ar a dtugtar shebang ar chóras Unix chun cuir in iúl don gcóras oibriúcháin go bhfuil eolas ag teacht maidir le cén léirmhínitheoir atá lé n-úsáid leis an script a thosaíonn leis.

Agus inniu tháinig mé ar alt a nascann shebang le síbín....

Blúirín: Wikileaks - tá amhras orm fós!

Julian Assange (ón gnáth fhoinse)
Ní dóigh liom gurbh é seo namhaid an phobail, mar atáthar ag maíomh thall. Ar an gcéad dul síos, is mithid smaoineamh nach bhfuil i Julian Assange ach aghaidh phoiblí Wikileaks - ag feidhmiú mar seoltóir tintrí do fhearg na Rialtais. Seachtain corrach a bhí ann, le Paypal agus Mastercard ag tarraingt a seirbhísí ó Wikileaks - agus iad an ansin faoi ionsaí ag bhradgníomaithe dá bharr. Bhí pro agus contra spéisiúil ag Mercator.net ar an gceist. Agus anois tá machnamh acu ar eitic na ceiste.
Maidir leis na cúiseanna atá curtha i leith Julian Assange sa tSualainn, bhí alt spéisiúil san Irish Times inné; rud a chuir ag athmhachnamh arís mé maidir leis na cúiseanna seo - cúiseanna atá deacair a chruthú nó a bhréagnú pé scéal é. Tá sé suntasach áfach go bhfuil sé de cheart ag na mná sa chás ionadaíocht dlí dá gcuid féin a bheith acu, neamhspleách ar an ionchúisitheoir stáit, agus go bhfuil sé de cheart acu an dara tuairim a lorg i gcás mar seo - rud a mhíníonn b'fhéidir an chúis gur athosclaíodh an chás. Bheinn go láidir i bhfabhar córas mar é abhus.

Tá ceisteanna casta, spéisiúla ag eascairt as geall le gach gné den gcás seo; agus sílim go mbeidh forbairt i ndán don sochaí dá bharr - chun feabhais i ngnéithe airithe, chun donais i ngnéithe eile...

Tá rud amháin cinnte, mar a d'fhoghlaim CLG ar na mallaibh - má tá sonraí ar ríomhaire, tá siad in-sceite go héasca!

Is treise tír ná tiarna

Tá ré Fianna Fáil thart, ar feadh seal ar aon nós. Agus mar a thuar Ciarán Cuffe, tá cogaint agus díleá déanta acu ar na Glasaigh.

 Tá meas agam ar lucht agóide: ach ní fheicim comharthaí sóirt an athnuachan ó bhun atá de dhíth ar an dtír ag teacht ón dtoghchán atá ag druidim linn.
Tá sé in am na finscéalta atáimid ag insint dúinn féin le fada a réabadh. An seafóid faoin "onnmhairí is mó bogearraí" - tá níos mó i gceist le forbairt bogearraí ná CDanna a chuir i mboscaí. An finscéal eile  faoi "córas oideachas de chaighdeán domhanda" - is leor torthaí sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic, torthaí atá ag sleamhnú leis na blianta, chun é sin a bhréagnú. Is mór idir córas oideachais agus oiliúint i conas teacht tríd scrúdaithe le bua.
Go bhfios dom níl páirtí ar bith ag caint ar oideachas - seachas oiliúint - a threisiú. Ná ar conas an rud ar a dtugtar an Mittelstand air sa Ghearmáin a threisiú - na comhluchtaí beaga agus an mheánmhéid arbh iad cnámhdroma an gheilleagair thall iad. Rud nach ndéanfar gan oideachas samhlaíoch.

Seachas sin táimid ag bráth ag infheistíocht dhíreach eachtrach - comhluchtaí nach bhfuil dílseacht acu do faic ach a mbrabach, agus a shúfaidh a bhfuil le fail acu de dheontais agus cleasa cánach;  agus a ardóidh a seolta soir ar an bpointe má tá cianóg rua breise de bhrabach le déanamh as.

De bharr an fhaillí a rinne muid in oideachas, nuair atá comhlucht nualaíoch againn - Havok abair - ní thig leo forbairt san tír seo toisc nach bhfuil na saineolaithe le fáil acu!

Tá réabhlóid de dhíth orainn, agus is san oideachas is mithid tús a chuir leis. Níl feabhas thar oíche i ndán dúinn; agus níl réiteach simplí ar ár bhfadhbanna. Ach d'éirigh le tíortha eile atá an aon mhéid agus le acmhainní mar atá againn forbairt. Is mithid dúinn é sin a dhéanamh freisin. Oideachas an eochair.

Delenda est Marlboro!

Aguisín: Ag cainteoir ó Chonamara ar Rónán Beo a chualas an nath thuas, rud a thugann léaró dóchais éigin dom.

2010-12-09

Blúirín: scéal gan údar?

Mír ag Nicholas Carr ag cáineadh an tuairim go mbeidh scéalaíocht saor ó údar an scéal.

Sílim go bhfuil an cheart aige; fiú i gcás scéal béaloidis, feictear dom go raibh fréamh scéalaí i gceist; cinnte, cuireann scéalaithe a gcasadh féin agus a snas féin ar an scéal. Ní hionann sin agus maíomh nach bhfuil gá le  údair; ní ionann cruthú agus glacadh.

Le gach bó a lao; agus ní scéal gan scéalaí!

2010-12-08

Dia do-aisnéise; Dia uilefhial

Inniu Lá Féile Muire gan Smál; teideal a d'fhógair Pius IX in 1854; agus a shoiléirigh Pius XII i 1950, teideal a d'úsáid sí féin nuair a dúirt sí Que soy era Immaculada Concepciou le Bernadette Soubirous.
Muire gan Smál, mar a chonaic El Greco í.



“Mórann m’anam an Tiarna, agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d’ardaigh sé daoine ísle;
Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D’fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire
– de réir mar gheall sé dar n-aithreacha – d’Abrahám agus dá shliocht go brách.”

(Lúc 1:46-55)

Doras feasa fiafraí

Agus tá nathanna nach é ceilte lastiar de dhoras suíomh Dennis:
Aon cheist? Seachain ámh mar is bé collaí cluas cách!

2010-12-07

„Das Fragen ist die Frömmigkeit des Denkens“

Baineadh feidhm as an nath thuas, a dúirt Heidegger tráth, mar theideal ar alt faoi Peter Seewald. (Peter Seewald an t-iriseoir a chuir an Pápa faoi agallamh san leabhar Solas an Domhain)

Fiafraitheacht cráifeacht an mhachnaimh.
Feictear dom go dtéann an nath seo go maith leis an cnuasach atá Fergus ag caitheamh gus leis.

2010-12-06

Lá le Nioclás

Tarrthálann Nioclás na Mairnéalaigh
Lá Fhéile Nioclás atá ann inniu; cara na mairnéalach1 agus na bpaistí. Is iomaí scéal faoin easpag naofa seo ó Myra atá ann, an fear a leag síos an patrún do Dhaidí na Nollaig de bharr a charthanacht. Mar is dual do phaistí de shliocht na Gearmáine, d'aimsigh mo chúram rudaí deasa ina mbróga inniu...

Beannachtaí an Lae oraibh go léir.








1 Ar an Mór Roinn is minic Eaglais tiomnaithe do Shan Nioclás cois cuain, agus urraim ar leith ag loingseoirí dó. Tá a leithéidí abhus freisin: i Rinn Ó gCuanach agus i gCionn Sáile Átha Cliath.

2010-12-05

Féitheoga an eolais

Rud eile a léiríonn scéal Wikileaks, mar a rianaíonn Nicholas Carr san alt seo, ná na cumhachtaí atá san idirlíon.

Rinne EveryDNS an t-ainm wikileaks a bhaint as an liosta a bhainistíonn siad: rud a d'fhág an suíomh gan teacht air seachas dóibh siúd a riabh seoladh IP an ríomhaire ar eolas acu. Bhain Amazon de na freastalaithe iad; agus tá PayPal ag diúltú airgead a bhailiú dóibh níos mó.

Ainmhí aisteach is ea an idirlíon; forbartha ar dtúis le hairgead ó Roinn Cosanta SAM, agus in Ollscoileanna mór le rá; ach anois, mar a léiríonn an méid thuas, i seilbh an iliomad comhluchtaí tráchtála - agus mar sin féin le íomhá agus tuiscint geal le bheith ainrialach i measc na n-úsáideoirí, agus ó thaobh na bogearraí saora a chuireann an chuid is mó dá chumas ar fáil.

Mar sin féin, ...

2010-12-03

Blúirín: arsanaic agus beatha nua

Radharc ar Mono Lake, áit ar aimsíodh an frídín.
Ón gnáth fhoinse. Le Mila Zinkova
Alt chuimsitheach faoin frídín nua aimsithe ar féidir leis arsanaic a úsáid in áit fosfar chun slabhraí DNA a thógáil.

Beatha atá ann, Jim, ach ní mar a bhfuil taithí againn air...

Is maith liom an smaoineamh go mbeadh cabhair anseo do nithe atá de dhíth orainn ach bac orainn de bharr easpa fosfar.

Blúirín: Wikileaks arís

Alt spéisiúil ag Danny O'Brien san Irish Times inniu faoi cad atá ag tarlú i measc meitheal WikiLeaks;

(Agus táim fós amhrasach!)

Ach táim amhrasach freisin faoi na hiarrachtaí  iad a bhrú den idirlíon...

2010-12-02

Ag sceitheadh fírinní

Tá nuachtáin breac le scéalta a fuineadh as na teachtaireachtaí idir taidhleoirí SAM agus a gceanncheathrú atá foilsithe ag WikiLeaks.

Ach an bhfuil aon fíor eolas, aon fíor leas sna scéalta seo? Ar cheart scéal a hinsíodh faoi rún a sceitheadh, díreach cionn is gur faoi rún a insíodh?

Tá amhras orm. Cén mhaith a dhéanfaidh foilsiú na scéalta seo? Nach amhlaidh a chuirfidh siad le hamhras - agus fiú fuath - i measc na náisiúin?

Minic go leor is scéalta dúirt bean liom go ndúirt bean léi atá i gceist: scéalta cinnte ar cheart do thaidhleoirí iad a chnuasach, chun go ndéanfaí scagadh orthu ag daoine a bhfuil scil acu ann, ar mhaithe le leas a náisiún: sin tar éis an tsaoil, dualgas an taidhleora.

Ach iad a fhoilsiú ina smionagar fírinní ós comhair an domhain mór, ar mhaithe le ceannlínte baotha sna nuachtáin? Tá amhras orm!

(Tá amhras orm freisin faoin gcás sa tSualainn in aghaidh bunaitheoir WikiLeaks, ach sin scéal eile)

Tá rúin ann atá dlisteanach.

Dráma eile le Aodh Ó Dómhnaill

Seo an cur síos atá ag an Amharclann air:
Dhéanfadh Nuala Barrett rud ar bith dá fear. ‘Sé Donie bun agus barr a saol, agus cheap Nuala nach mbeadh teora leis an méid go ndéanfadh sí is go dtabharfadh sí dó. Ach tá a dteora féin ag cách, mar a thuigfidh Nuala go luath. Instear scéal a ngrá is a tharla dó tré spléachtaí siar is ar aghaidh, agus tríd na hargóintí a bhíonn ag Nuala le Fionnuala, agus an bheirt bhan ag iarraidh teacht ar an fhírinne. Scéal sleamhan, slíoctha is ea Idir an Dá Shúil a leanann rian an fhíor-shaoil agus nithe a tharla in Éirinn ní ró-fhada ó shin agus an Tíogar Ceilteach fós beo, ach é ag lagú.

Breis eolais ó Amharclann na Mainistreach.