03 December 2010

Blúirín: arsanaic agus beatha nua

Radharc ar Mono Lake, áit ar aimsíodh an frídín.
Ón gnáth fhoinse. Le Mila Zinkova
Alt chuimsitheach faoin frídín nua aimsithe ar féidir leis arsanaic a úsáid in áit fosfar chun slabhraí DNA a thógáil.

Beatha atá ann, Jim, ach ní mar a bhfuil taithí againn air...

Is maith liom an smaoineamh go mbeadh cabhair anseo do nithe atá de dhíth orainn ach bac orainn de bharr easpa fosfar.

2 comments:

Mise Áine said...

Alt iontach suimiúil - go raibh maith agat, a Aonghuis.

@ '"We've cracked open the door for what's possible for life in the universe...What else might we find?'

Is dóigh liom go bhfuil go leor le foghlaim againn fós, go leor ceilte ag an nadúr uainn.

Ach an rud is suimiúla, cheap mé féin, ná an bealach atá ag an nadúr, nó frídín, athchóiriú a dhéanamh, nuair is gá, ag brath ar an timpeallacht ina bhfuil siad.

Éabhlóid, meas tú?

aonghus said...

Is dócha é, cé nach raibh sé sin iontach soiléir. Is féidir go raibh an chumas san frídín ó thús.