15 December 2010

Blúirín: Gairm Scoile ó John Walsh

In alt san Irish Times inniu

Glacaimis páirt sa díospóireacht agus samhlaímis leagan nua den fhorbairt nach bhfuil faoi shrathair an fháis. Mhaífeadh go leor gur fánach an mhaise dúinn a bheith ag labhairt ar chúrsaí Gaeilge agus an tír i ndeireadh na feide. Ach is léir gur gá athbheochan nua agus is deis stairiúil í seo do phobal na Gaeilge páirt a ghlacadh san iarracht náisiúnta sin. Ná scaoilimis tharainn í.

13 comments:

Grá faoi Ghruaim said...

An ag magadh atá sibh?

aonghus said...

Níl.

Léigh an t-alt. Cen fáth nach bhfuil muide san áit ina bhfuil an Fionlainn, abair? Tír eile a bhí faoi bhrú ag na comharsan, ach atá anois ag tús cadhnaíochta.

Cá bhfuil Nokia na hÉireann?

As láthair: toisc go mbímid i gcónaí ag dréim le dream éigin thar sáile chun muid a tharrtháil - nó chun an locht as ár gcás a ghlacadh.

Léigh mé leabhar Finbar Bradley, agus bhí ciall leis an méid atá le rá aige.

Agus féach sampla Telegael: comhlucht Éireannach i margadh domhanda, agus dornán Emmys acu cheana féin - ach murach an Ghaeilge, ní bheidís ann.

Grá faoi Ghruaim said...

Níl an IMF san Fhionlainn. Tá an IMF in Éirinn, Rwanda, Uganda, Kenya. Is cuma leis an IMF faoin Ghaeilge

aonghus said...

Cinnte.

Ach tuige go bhfuil an IMF abhus? Agus cad a tharlódh nuair a imíonn siad - rud a dhéanfaidh ar ball beag? Tá jab le déanamh acu; tá athnuachan le déanamh againne.

Grá faoi Ghruaim said...

Ceapann tú go bhfuil an IMF chun fágáil,
Níl an nós sin acu

aonghus said...

Tá, san Iarthar.

Níl siad sa Ríocht Aontaithe níos mó. Mar shampla.

Grá faoi Ghruaim said...

Ceapann tú go hionann Muidne is an Ríocht Aontaithe. Ní féidir liom argóint leat.

aonghus said...

Ní féidir, mura bhfuil tú sásta machnamh ar an rud a deirim.

Dar ndóigh ní ionann muide agus an RA. Ach ní dóigh liom go mbeidh an IMF anseo mura bhfuil siad ag baint leas as. Fúinne atá sé an athnuachan a dhéanamh, ní faoin IMF.

Brabach atá uatha siúd, ar chostas íseal, amhail banc ar bith eile.

Grá faoi Ghruaim said...

@Brabach atá uatha siúd, ar chostas íseal, amhail banc ar bith eile.
Déanann an IMF brabús i ngach tír ina bhfuil siad agus déanfaidh siad brabús anseo freisin. Níl muintir na hÉireann chun an brabús sin a fheiceáil. Ní dúinne atá siad anseo, is chun airgead a fháil arais dos na daoine a thug airgead do Fhianna Fáil ia Anglo Irish atá siad.

aonghus said...

Tuigim sin go maith.

Tá siad ag teacht. Ní hionann sin agus a rá go mba cheart dúinn luí síos fúthu!

Fúinn féin atá sé athnuachan a dhéanamh ar ár gcóras: chuige sin is mithid dúinn éirí as a bheith ag súil le déirce ó thar lear.

Agus is cuid den leigheas athmhachnamh ar ár bhféiniúlacht fein, an Ghaeilge san áireamh, seachas a bheith ag sodar i ndiaidh na n-uasal.

aonghus said...

Nod leat go bhfuil siad ag teacht ón uair a d'inis na bainc bréaga agus gur ghlac an Rialtas freagrach as a bhfiacha.

Níl dul siar ar sin anois, cuma cé mhéid agóid a bhíonn ann. Níl sa vóta Dála inniu ach dráma beag polaitíochta gan chiall.

aonghus said...

dráma beag polaitíochta gan chiall agus bhuaigh an Rialtas, dár ndóigh

ormondo said...

Níl ach rud amháin nach mbeadh ar chumas an IMF a choigistiú.