13 December 2010

Damh seacht mbeann

Bhí an t-aosánach leis féin ar feadh an lae ar an sliabh. Ceo ar an mbogach. Ag lorg foinse na Life. Tháinig sé air. Uisce úr ag spalpadh le neart as poll dubh móna. Raithneach mar chaille air. Chrom sé chun ól. D'ardaigh a cheann. Damh beannach ar faire air tríd an gceo. Corraí croí. Cuimhne buan.

5 comments:

Mise Áine said...

Go deas. Fíorscéal?

Dennis King said...

Amhairghin Glúingheal mac Míleadh a casadh ar do dhuine, ar ndóigh.

aonghus said...

Bunaithe ar fhíor scéal, Áine. Níl an oiread sin samhlaíochta agam.

@Dennis.
Sin nó a bhé. Aimhirgin cois Ruirtheach?

Dennis King said...

Áit ar bith. Nach eisean a dúirt

Am gáeth i mmuir,
Am tonn trethan,
Am fuaim mara,
Am dam secht ndírend
...

Is gaoth i muir mé,
Is tonn treathain mé,
Is fuaim mara mé,
Is damh seacht mbeann mé
...

aonghus said...

Uaidh sin a fuair mé an teideal.

Ach feicim gur chuid mé faid leis nár cheart a bheith ann.