11 December 2010

Is treise tír ná tiarna

Tá ré Fianna Fáil thart, ar feadh seal ar aon nós. Agus mar a thuar Ciarán Cuffe, tá cogaint agus díleá déanta acu ar na Glasaigh.

 Tá meas agam ar lucht agóide: ach ní fheicim comharthaí sóirt an athnuachan ó bhun atá de dhíth ar an dtír ag teacht ón dtoghchán atá ag druidim linn.
Tá sé in am na finscéalta atáimid ag insint dúinn féin le fada a réabadh. An seafóid faoin "onnmhairí is mó bogearraí" - tá níos mó i gceist le forbairt bogearraí ná CDanna a chuir i mboscaí. An finscéal eile  faoi "córas oideachas de chaighdeán domhanda" - is leor torthaí sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic, torthaí atá ag sleamhnú leis na blianta, chun é sin a bhréagnú. Is mór idir córas oideachais agus oiliúint i conas teacht tríd scrúdaithe le bua.
Go bhfios dom níl páirtí ar bith ag caint ar oideachas - seachas oiliúint - a threisiú. Ná ar conas an rud ar a dtugtar an Mittelstand air sa Ghearmáin a threisiú - na comhluchtaí beaga agus an mheánmhéid arbh iad cnámhdroma an gheilleagair thall iad. Rud nach ndéanfar gan oideachas samhlaíoch.

Seachas sin táimid ag bráth ag infheistíocht dhíreach eachtrach - comhluchtaí nach bhfuil dílseacht acu do faic ach a mbrabach, agus a shúfaidh a bhfuil le fail acu de dheontais agus cleasa cánach;  agus a ardóidh a seolta soir ar an bpointe má tá cianóg rua breise de bhrabach le déanamh as.

De bharr an fhaillí a rinne muid in oideachas, nuair atá comhlucht nualaíoch againn - Havok abair - ní thig leo forbairt san tír seo toisc nach bhfuil na saineolaithe le fáil acu!

Tá réabhlóid de dhíth orainn, agus is san oideachas is mithid tús a chuir leis. Níl feabhas thar oíche i ndán dúinn; agus níl réiteach simplí ar ár bhfadhbanna. Ach d'éirigh le tíortha eile atá an aon mhéid agus le acmhainní mar atá againn forbairt. Is mithid dúinn é sin a dhéanamh freisin. Oideachas an eochair.

Delenda est Marlboro!

Aguisín: Ag cainteoir ó Chonamara ar Rónán Beo a chualas an nath thuas, rud a thugann léaró dóchais éigin dom.

10 comments:

ormondo said...

"...is leor torthaí sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic, torthaí atá ag sleamhnú leis na blianta, chun é sin a bhréagnú."

An comhartha é nach bhfuil daltaí an lae inniu toilteanach dul i ngleic le hábhair dheacra?

Drochscéal a bheadh ann, más amhlaidh atá sé.

aonghus said...

Fadhb níos leithne atá ann, sílim.

Is dóigh liom go bhfuil meas an idir oidí agus oideachas tithe agus daoine a smaoineamh ar oiliúint agus brabach tapaigh amháin.

Grá faoi Ghruaim said...

Bhreathnaigh an OECD ar daoine atá 15 atá in ann léamh an tseachtain seo agus tagann laghdú air gach bhliain. Tá daoine ag caint faoi na meánscoileanna agus an drochchuí atá orthu agus na múinteoirí iontu buartha faoina laethanta saoire amháin
Tá daoine ag labhairt faoi gach bhréag - Lisbon, Euro, córas polaitiúla a athrú, córas oideachais a athrú, eisimirce, fágáil slán leis ár máistrí san Eoraip, ag déanamh fáillí ar na bainc, tá ár sochaí briste agus cad is féidir linn déanamh faoi. Tá scannán amháin, níl sé feicthe agam go fóill, idir Éirinn anois agus Aufstieg und Fall der Stadt Mahogany agus nuair a thosnaíonn daoine ag labhairt agus tá sé an deacair teacht ar an meon is cuma linn agus ciúnas. Tá daoine ag iarraidh an bealach ceart amach as, bealach níos fearr ná an IMF

Grá faoi Ghruaim said...

déanann an scannán comparáid idir Éirinn agus Mahogany, ba chóir dom rá

aonghus said...

Níl i scéim an IMF ach leigheas gearrthréimhseach ar an fhadhb nach bhfuil airgead le fail ar iasacht ag an Stáit de bharr cearrbhachas na mbainc, agus na cearrbhaigh sna bainc eile a bheith sásta leanacht leis an gcluiche a bhí ar siúl acu abhus. Táid anois ag speicléireacht ar an méid is féidir leo baint amach tríd an Euro a bhriseadh. Mar a rinne George Soros nuair a bhris sé banc Sasana.

Grá faoi Ghruaim said...

Tá an Euro críochnaithe in Éirinn. Bhí daoine á phlé cheana féin agus roghnaigh an ECB bheith níos déine ar mhuintir na hÉireann ná an IMF. Níl a fhios agam faoi Fianna Fáil, b'fhéidir go mbeadh siad in ann teacht ar ais tar éis tamaill ach ní bheidh an Euro nó an Eoraip ag tabhairt amach dúinn riamh arís. Is tír neamhsplách muid

aonghus said...

Ní raibh ár airgeadais féin riamh againn ach ar feadh b'fhéidir deicm mbliana. Gan an Euro bheadh muid níos doimhne san dríob, fearacht an Íoslainn.

Ar mhaith leat filleadh ar laethanta an Cogadh Eacnamaíochta?

Níl aon tír ar domhan ar féidir leis bheith iomlán neamhspleách mar sin.

Grá faoi Ghruaim said...

Tá an Íoslainn ag teacht amach as cúlú eacnamaíochta. Tá siad ag déanamh ar fheabhas. Táimid ag déanamh i bhfad níos measa agus táimid fós ag dul sa treo mhícheart.Éire nó an Euro, b'fhearr liom Éire
dála an scéal tá cogadh eacnamaíochta ar súil i láthair na huaire. Euro, an tSín agus a lán eile agus cuireann sé isteach go mór orainn ach níl aon duine páirteach sa chluiche ag smaoineamh orainn. Tá an Euro marbh.

aonghus said...

Feicimid.

Níl in airgeadra ach geallúint íoc: cé a ghlacfadh le geallúint ó Rialtas na hÉireann faoi láthair?

Is dócha go bhfuil an Íoslainn ag filleadh ar eacnamaíocht cheart: ní rabhdar chomh gafa le speicléireacht is a bhíomar, lasmuigh de bhanc nó dhó. Ach nílid ach an oiread chomh spléach ar déirce is atáimid. Cé thóg na bóithre abhus?

Is fíor gur chabhraigh an ECB leis an bpoll a thochailt abhus; ach is fadhb uile-aontais atá ann, agus bheadh sé saonta, dar liom, creideamh go mbeadh ar chumas aon tír briseadh as an Aontas agus go n-éireoidh leo.

aonghus said...

Ar rud a mheas mé scríobh thuas:

agus na cearrbhaigh sna bainc eile gan a bheith sásta leanacht leis an gcluiche a bhí ar siúl acu abhus.