Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-02-16

Quadregesima

Beidh mé féin ag tarraingt siar ón idirlíon ar feadh an Charghais. Feicfidh mé um Cháisc nó mar sin sibh!

2010-02-14

Blúirín: Ilaibítreachas

Á phlé ag Michal Měchura ar a bhlag san teanga eile úd.

Aontaím leis go mba cheart d'aon bhogearra atá ag plé le sonraí daonna a bheith ilaibítreach le cúnamh Unicode. Gan amhras, fágann sin ceisteanna fós le réiteach - go hairithe conas litreacha le aiceann a chuir in ord. "fra a til å" a deir na hIoruaigh, ag áireamh å mar litir deiridh a n-aibítir siúd. Abhus, déantar neamhaird den aiceann de ghnáth agus focail á gcur in ord.

Athbhliain faoi mhaise!

Bliain an Tíogar ag tosú inniu agus Féile Earraigh na Síneach. Go raibh bliain mhór mhaith againn uilig!

2010-02-13

Siúinéir Samhlaíoch Seanchais

Táim ag léamh úrscéalta Terry Pratchett faoin Teascdhomhain ó bhí mé ar an ollscoil breis agus scór bliain ó shin. Tá beagnach gach ceann acu i mo l-spás fhéin agam. Seachnaím litríocht thánaisteach go hiondúil, cé go bhfuil spléachadh nó dhó caite agam ar an gComhad Anótáilte Pratchett. Ach ní bheadh fonn orm éirí gafa le – abair – amlíne an Teascdhomhain.

Mar sin féin, chroch mé liom an leabhar The Folklore of Discworld (Seanchas an Teascdhomhain) nuair a chonaic mé san leabharlann ar na mallaibh é.

Mar a léiríonn an CAP, tá na húrscéalta breac le tagairtí do litríocht, eolaíocht agus – go hairithe – seanchas.

San leabhar seo, chuaigh saineolaí ar sheanchas na Breataine i bpáirt leis chun roinnt de na naisc seo a léiriú. Mar a dúirt an fear é fhéin – cuireann draíodóir siamsaíocht ar fáil faoi dhó. Lena chleas, agus ansin le léiriú conas a rinne sé é.

Dúirt sé le comhthionóil lucht béaloidis tráth gur amharc sé an bhéaloideas mar a amharcann siúinéir ar chrann. Ach, mar a dúirt an saineolaí seanchais a d'oibrigh ar an leabhar seo leis, fáiltíonn Bile an tSeanchais roimh siúinéirí chliste.

Rianann an leabhar na gnéithe béaloidis atá le fáil sna húrscéalta, ag tabhairt tagairtí do na bunfhoinsí abhus san domhan seo. Rud a chuir mé an suim iontu ná an bealach a léiríonn siad go bhfuil an t-uafás béaloidis abhus a maítear a bheith “ársa” ach nach bhfuil ann ach scéal measartha nua. An Bandia trí ghnéitheach – maighdean, máthair agus cailleach, abair. Scéal a múnlaíodh san chéad seo chaite.

Dea leabhair, a chuir leis an taitneamh a bhainim as na húrscéalta.


2010-02-10

Bogearraí ar rothaí

Tá Toyota ag glaoch ar ais ar a gcarranna Prius, de bharr deacracht sna bogearraí.

Is cosúil go mbaineann an deacracht áirithe seo leis an gcóras ABS - an córas a stopann na coscáin ó bacadh nuair nach an greamú idir rothaí agus bóthar go maith. Is cosúil gur braith tiománaithe nach raibh na coscáin ag obair i gceart nuair a bhuail siad linntreog ar bhóthair sleamhain. Tá taithí éigin agam ar rialú greamaitheachta mar a bhaineann sé le traenacha, mar a phlé mé cheana.

Gan amhras tá na cúinsí difriúil i gcás cairr. Ach is cinnte go mbaineann dúshlán le dearadh córas dá leithéid le bheith feidhmeach faoi na cúinsí ar fad a mbíonn ar charr plé leo.

Tá suas le milliún líne cód sna ríomhairí éagsúla i gcarr ag an deireadh daor den mhargadh. Mar sin, ní chuireann sé ionadh dá laghad orm fabhtanna a bheith ann. Ó tharla gan daoine gan fabht a bheith ar fáil, ní dearfar bogearra gan fabht. Ach tá innealtóireacht bogearraí éagsúil ó innealtóireacht eile. Is rud ar leith gach bogearra - ní féidir dul i muinín na modhanna staitistice a thugann tacaíocht do innealtóirí eile maidir le iontaofacht bunábhair agus codanna de ghléas.

Tá obair áirithe déanta chun tionchar cláir ar leith atá ag feidhmiú ar an ríomhaire céanna ar a chéile a shrianadh. Is cabhair é sin chun an méid promhadh is gá a dhéanamh a laghdú. Ach fiú ansin tá sé ionann is dodhéanta bogearra chasta a phromhadh faoi na cúinsí ar fad ar féidir teacht orthu san fíor saol a réiteach.

Ní hé seo an aisghairm deiridh bogearraí, ná baol air, a bheidh in earnáil na gcarr.

2010-02-09

Domhan baolach na nÓg

Tá alt ag Kate Holmquist inniu faoi tromaíocht ar líne, agus an baol atá ann d'aosánaigh. Tá beirt mhac sna déaga agam, agus iad araon ar líne cuid mhaith. Le bheith ionraic, ní féidir liom a bheith iomlán cinnte nach bhfuil siad in aon chúinne baolach. Tá labhartha againn leo maidir le bheith cúramach. Coinníonn muid súil éigin ar cad atá ar bun acu - ach caithfidh muid muinín a bheith againn astu freisin má tá siad le fás.

Feictear dom go bhfuil an dúshlán mar a bhí riamh - caidreamh oscailte a bheith agat le do ghasúir, i dtreo is go mbeidh siad sásta teacht chughat má tá siad buartha faoi aon rud. Ní raibh sé riamh éasca, ach is gá é a dhéanamh.

Ní dóigh liom gur féidir a bheith ag súil le haon feabhas ón Rialtas ná ón na comhlachtaí móra. Ní hé a gcúram siúd é, agus ní bheidh siad in ann áit tuistí a ghlacadh riamh.

Blúirín: Charte des droits et devoirs

allagar sa bhFrainc maidir leis an bhféiniúlacht náisiúnta le tamaill. Táthar ag caint ar cairt cearta agus dualgais - ach is cosúil gurbh iad eachtrannaigh ar mian leo bheith ina saoránaigh amháin a mbeidh orthu glacadh go sollúnta leis an gcairt seo.

Agus, mar a chíorann Beocheist an lae, ní bheidh ceart ná dualgas ann an burqa a chaitheamh...

Tá amhras orm faoi iarrachtaí mar seo ón bharr anuas féiniúlacht a dheimhniú. Ach is sean nós atá ann sa bhFrainc, feictear dom.

2010-02-08

Lón machnamh ó Matt Hussey


Tá an leabhar An Forthéamh Domhanda le Matt Hussey léite anois agam.

An cáineadh ar dtús: is trua nár déanadh cúram níos fearr de leagan amach an leabhar. Níl oiread agus léaráid amháin ann. Téacs reatha ar fad atá ann, le teideal an-fhada ar na codanna. Ní leagtar amach cothromóidí ar bhealach a shoiléiríonn iad.

Nílim iomlán cinnte gurbh gníomhartha daonna amháin is cionsiocair leis an athrú follasach aeráide atá ann. Tá curtha le'm amhras de bharr gníomhartha mí stuama cuid acu siúd atá ag craobhscaoileadh teagasc an "Téamh Domhanda Duine-ginte". Ach tá rud éigin ag tarlú. Agus fiú mura mbeadh, tá cúiseanna maithe caitheamh ar bhealach níos stuama leis na hacmhainní nádúrtha atá againn. Tá a leithéidí déanta cheana, agus léargas san leabhar orthu: chuaigh muid i ngleic san Eoraip leis an truailliú a bhí ag scrios ár gcathracha agus aibhneacha - agus is fearrde muid dá bharr. Monuar, chuir muid roinnt de na fadhbanna thar tonn - go háirithe go dtí an tSín agus an India mar a bhfuil borradh mór faoi déantúsaíocht - ar choinníollacha a bheadh doghlactha againne san Iarthar - ach go bhfuilimid breá sásta teacht i dtí ar na hearraí ar chostas íseal a ghintear dá réir.

Tá eolas sa leabhar faoi na cúinsí a fheictear a bheith leis an athrú aeráide, na tionchair éagsúla, agus na ceisteanna atá le réiteach. Tá plé - a shílim a bheith measartha ionraic - ar cheist chasta na bithbhreoslaí agus na hiarmhairtí neamhbheartaithe a bhí ag socraithe an Iarthar cuir leis na méid bithbhreosla a bhí in úsáid acu - ardú i bpraghsanna beatha, mar shampla.

Tá gné amháin den leabhar nach n-aontaím leis. Dar leis go bhfuil ceangal idir ardú daonra agus ardú astacháin. Ach níl an ceangal sin ann. Tá fás thar chuimse, mar shampla, ar astacháin na Síne - ainneoin polasaí docht "aon linbh" atá ag cothú fadhbanna dóibh. Tá titim ar dhaonra an Iarthair, go hairithe an daonra dúchasach san Eoraip - ach mar is léir ón léaráid thuas, is san Iarthar atá an fhadhb is mó le hastacháin.

Cinnte, mar a thagann forbairt chun cinn san gcuid eile den Domhan, beidh úsáid acmhainní níos mó ansiúd freisin - ach má thagann muid ar freagraí cliste ar na dúshláin, ba cheart go mbeadh muid in acmhainn cúinsí beatha a fheabhsú abhus agus thall, gan cur leis na deacrachtaí atá againn.

Agus tá dóchas agam gurbh amhlaidh a bheidh, cé go mbeidh sé mall agus is cinnte go mbeidh tubaistí ar an mbóthar ann.

Tríd is tríd is achoimre maith ar an gceist leabhar Matt, agus tagairtí ann do cáipéisí eile chun dul níos doimhne sa cheist. Is fiú é a léamh.



An Forthéamh Domhanda
Matt Hussey
Coiscéim 2009
136 lth.

Íomhá: Astacháin CO2 per capita. Beagán as dáta - tá an tSín agus an India ardaithe go mór le blianta beaga anuas, cé go bhfuil an ráta per capita fós i bhfad níos ísle ná san Iarthar.

2010-02-07

Aistear anama

Tá "An Branar gan Cur" le Breandán Ó Doibhlin díreach críochnaithe agam. Tá foclóir leathan ag an Doibhlinneach, rud a fhágann go bhfuil stró neamhghnách ag baint le saothar dá chuid a léamh, agus thóg sé i bhfad orm bheith ar mo chompord leis an leabhar.

Tá an úrscéal spéisiúil seo suite i traein ó Bhaile Átha Cliath go Doire. Tá an laoch ar a shlí ó thuaidh, abhaile ar chuairt. Ag tús an scéil tá an cuma ar an scéal go bhfuil cinneadh déanta aige conas an chuid eile dá shaol a chaitheamh - dul le sagartacht. Sruth smaointe, agus an aistear traenach mar fráma dóibh, atá san úrscéal. Cíorann sé a shaol agus a chuid caidrimh le daoine eile - agus imíonn a chinnteacht le fána.

Tá léargas ar saol an fhir cúise, an léachtóir ollscoile, aos gnó Bhaile Átha Cliath, agus na ciorcail eile a thagann sé i dteagmháil leo san scéal. Léargas freisin ar féiniúlacht an náisiúnaí tuaisceartach, agus an neamhaird agus col a bhraitheann pobal an deiscirt leo.

Tríd is tríd, sílim gurbh fiú an tairbhe an trioblóid a chuir foclóir leathan Uí Dhoibhlinn orm! Is dócha freisin go mbeadh a leathbhreac de leabhair i mBéarla nó i nGearmáinis léite níos sciobtha agam - agus gurbh ormsa seachas ar siúd an locht. Easpa taithí ar an saghas seo litríochta.

An Branar Gan Cur.
Breandán Ó Doibhlin.
Sáirséal – Ó Marcaigh 1984
ISBN 086289025

2010-02-06

1798 i mBaile an Chinnéidigh


Tá an leac thuas ar an príomhshráid i mBaile an Chinnéidigh1, mar a bhfuil cónaí orm. Bhíos riamh fiosrach faoi - leac i nGaeilge amháin, agus gan aon tagairt féin mholtach don dream a chroch! Theip orm mórán eolais breise a aimsiú ar líne, seachas go raibh cath fuilteach sa bhaile i 1798.

Fuair mé roinnt eolais bhreise sa leabharlann ar na mallaibh. Is cosúil gur chuir na hÉireannaigh Aontaithe cath ar Airm na Breataine agus a dtacaithe dílseacha sa bhaile. Briseadh orthu, agus bhain an airm agus na gíománaigh díoltas fuilteach amach.

De réir an scéal béaloideas san leabhar a chonaic mé, chuaigh reisimint na "Ancient Britons" (marcra deonach as an Bhreatain Bhig) agus an Gíománaigh ar slad fíochmhar. Gabhadh Mícheál Ó Néill agus baineadh an radharc de.

Tugadh drochíde do sa bheairic. De réir dealramh phioc sé suas meáchan 28 punt, fuair greim ar dhuine de na hAncient Britons agus mharaigh é. Rinne an dara saighdiúir iarracht tarrtháil a dhéanamh ar a chomrádaí, ach ruaigh Mícheál é. Bhí sé ina raic cheart ansin, agus scairt siad uilig "Maraígí é". Do theilg sé an meáchan isteach sa slua, ag buaileadh saighdiúir eile. D'ordaigh an oifigeach é a thabhairt amach ar an sráid agus cuireadh dosaen piléir tríd.


B'eol dom go raibh gnéithe seicteacha agus uafara le 1798 i Loch gCarman - ach níor thuig mé an scéal a bheith amhlaidh i gCill Mhantáin chomh maith. Beidh orm dul níos doimhne san scéal.

1 Tá "Baile Ó gCearnaigh" luaite leis an mbaile in san taifid cartlainne. Spéisiúil go leor, sin an t-ainm atá in úsáid fós ag CLG ar an mbaile.

2010-02-05

Blúirín: "Plódú Daonra"

Ó Mercator.net:

Dá mbeadh daonra uile an Domhain ina gcónaí i SAM, bheadh an dlús daonra ann mar a atá in san Ísiltír anois!

2010-02-04

Énarchie agus oideachas don Scothaicme

Luaigh Dennis Énarchie ar trácht ar an blúirín a scríobh mé faoi Bunoideachas d'ábhar uachtaráin. Cuir síos atá ann ar na nascanna a chothaítear laistigh de mhaorlathas na Fraince de bharr an córas oideachais a fhágann gurbh as na scoileanna céanna a thagann na hard-mhaorlathaigh. Seilschaft - foireann téide - a thugann Gearmánaigh ar an rud céanna.

Ainneoin sin, feictear dom go bhfuil gá le oideachas don scothaicme, dírithe ar na ceannairí is fearr a chuir ar fáil. Feictear dom freisin go bhfuil gá cúram ar leith a dhéanamh do leanaí a bhfuil éirim ar leith acu.

Cuirtear cúram speisialta ar fáil do ghasúir a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, agus is maith sin.

Ach creidim go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna cúram faoi leith a thabhairt do na gasúir a fhoghlaimíonn an gnáth curaclam scoile gan stró. Is minic leanaí mar sin ag fulaingt leadrán sa rang - má bhíonn siad dalba dá bharr tá seans éigin go dtarraingeodh siad aird - agus b'fhéidir cúnamh orthu féin. Ach go hiondúil ní tugtar faoi ndeara é toisc iad a bheith ag cuir an obair bhaile ar fáil, agus gan raic a tharraingt. Mar sin féin, ní fhoghlaimíonn siad na scileanna foghlama a fhoghlaimíonn gasúir nach bhfuil an éirim chéanna iontu - agus bíonn siad thíos leis níos déanaí, san Ollscoil abair.

Is trua sin. Ach i ré seo na ranganna ró phlódaithe abhus, muna bhfuil sé d'acmhainn ag a dtuistí rud éigin a dhéanamh faoi, cuirfear éirim, a chuirfeadh innealtóirí agus eolaithe den scoth ar fáil, amú.

2010-02-03

Blúirín: Bunoideachas d'Uachtaráin

ó First Thoughts: Cúrsa molta d'ábhar Uachtaráin SAM.

Is cinnte go m'bhfearrde muid dá mbeadh cinn Rialtais oilte go maith. Agus, ach go hairithe, ceann rialtas a bhfuil an oiread cumhacht agus tionchar aige agus atá ag Uachtarán SAM.

Nathaíocht

Feictear dom gur focalbháigh iad mionphobal blagadóirí na Gaeilge. Rud is dual dúinn, is dócha, mar Gaeil.

Tá an méid seo le rá ag Tomás Ó Máille in "An Béal Beo":
Bíonn siad, nó bhídís, scaití ag nathaíocht. Is ionann an nathaíocht ó cheart agus a bheith ag déanamh píosaí filíochta (ar a chéile), lúibíní etc. Is ionann nath agus filíocht, mar atá sa gcaint 'gan nath gan ábhar'. Is ionann nathaíocht freisin, agus a bheith ag rá cainteanna grinn le chéile, focail a bhfuil gearradh iontu. Maidir le nathaíocht, caithfear trácht a dhéanamh uirthi ar ócáid eile.1 (lch 171-172)
Ós rud é muid a bheith tugtha don gcaint agus na cora cainte casta, táim cinnte go mbainfidh sibh sult as an alt seo, san teanga eile úd. An briathar ina ainmfhocal, nó a mhalairt, a bheathaíonn bráithre an ghrinn!

1 Ní dóigh liom go bhfuil an trácht geallta curtha ar fáil sa Bhéal Beo. An eol d'aoinne saothar eile leis an Máilleach, ag plé le nathaíocht a bheith ann?

2010-02-01

Blúirín: Taisce Tosta

Scéal ag Newsweek faoi fhear atá ar a dhícheall spás a chruthú don tost - áiteanna saor ó fuaim an duine agus a ghléasanna - a chuid eitleáin ach go hairithe. Agus scéal eile a bhí ar RTÉ ag maíomh go bhfuilimid dár mbodhrú féin le ceol ró ard.

Muire na nGael


A Naomh Bríd a Mhuire na nGael, scar orainn do bhrat.

A Naomh Bríd a chroí na Féile, stiúir sin ar an mbóthar ceart.

A Naomh Bríd gheanúil ghrástúil, ar ár namhaid cosain sinn.

A Naomh Bríd a bhean rialta álainn, ar uair ár mbáis glaoigh orainn.


Táimid beagnach ar fad an an bport céanna inniu, Lá na Féile Bríde, Imbolc, tús earrach Éirinn más fíor!

Tarlaíonn sé gurbh í Bríd patrún bunscoil na gCailíní abhus (tá an dá scoil nasctha ó shin). Bhí an scoil ar fad ar Aifreann ar maidin, rud a mheabhraigh an nasc úd dom. Luaigh an sagart nós Bhrat Bríde - nach raibh cloiste agam roimhe, cé go bhfuil an scéal agam. Beidh ar mo chumas a rá leis go bhfuil an nós fós beo ag Proinsias! Níl freagra ceiste Fhearghuis agam - ná níl sé i sanasaíocht Chormaic ag Dennis.

De réir mo thuiscint tá baint aige le caoirigh, ach mar fhear cathrach....

Beidh suim ag Dennis san ceann seo a fuair mé in Ár bPaidreacha Dúchais (uimhir 533)

A Bhríd ban naomh, bean na bratóige buí,
ar choimrí a géaga gile dúinn
ón mbéile seo go dtí an béile arís
Ar choimrí Dé agus Bhríd' ban-naomh dúinn.
Bríd Ní Dhaighidí a chuireann an long
go réidh chuig poirt,
ar a coimrí sin dúinn féin
ós léi féin an oíche anocht
(Tá comhartha ceiste in ndiaidh a sloinne sa leabhair! Baiste diaga eile, is léir!)

01/02/2010

Dáta palandrómach. (Abhus pé scéal é!)