Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-07-31

Daonlathas Digiteach

Bhí alt spéisiúil ag Danny O'Brien san Irish Times inné, ag plé an eolais a sceitheadh leis an suíomh Wikileaks ó cogadh na hAfganastáine.

Ach bhí alt eile ann freisin: faoi forbróir bogearraí a bhí ag scagadh an eolais seo don Guardian.

Sin an rud faoi idirlíon agus faisnéis: tá an oiread sin ann, agus ón méid sin foinsí, go bhfuil gá le ríomhairí chun cóiriú a dhéanamh air. Agus mar sin gá le saineolaithe chun na huirlisí cóirithe agus scagtha a fhorbairt.

Agus ardaíonn sin ceisteanna iontaoibh. Ar an gcéad dul síos - ní fíric gach tuairisc; tá baint aige le tuairimí an té a scríobh, agus leis an eolas neamhiomlán atá ar fáil don té sin. Agus ansin, tá fiúntas obair na scagairí ann. Níl bogearra gan locht ann, ó tharla gan daoine gan locht a bheith sách gann, fiú i measc ríomhchláraitheoirí.

Ansin, caolseans go bhfuil mórán daoine a bhfuil sé ar a gcumas tátal a bhaint as na sonraí amha.

Táimid mar sin, ainneoin eachtra mar seo, spléach bealach amháin nó bealach eile, ar doirseoirí faisnéise de chineál amháin nó cineál eile. Ní heol dúinn fós cé a sceith an t-eolas seo, ná cén fáth - cé go bhfuil an FBI sa tóir air.

Ní mór a bheith airdeallach i gcásanna mar seo. Tháinig sé chun solais ar na mallaibh gurbh de bharr streachailt cumhachta idir an FBI agus an Uachtarán Nixon a sceitheadh an t-eolas maidir le cás Watergate.

Tá an cheart ag Danny, ní mór dúinn teacht i dtír ar eolas mar seo ar mhaithe lenár cinntí daonlathacha. Mar sin féin, ní mór dúinn a bheith soiléir - beith muid fós a feidhmiú i scamaill éiginnteachta.

Agus sin gan an lúb ar lár is mó a lua - is beag duine san Iarthar a bhfuil teangacha an Oirthear ar a thoil aige, ná eolas ar a gcultúir. Ní hamhlaidh do naimhde an Oirtear sna grúpaí antoisceacha; níl aon ghanntanas Béarlóirí ina bhac orthu, gan trácht ar an líon suntasacha daoine atá lonnaithe san Iarthar atá báúil dá gcás.

Aguisín: alt eile inniu a chuireann leis an méid a scríobh mé.

Scéilín grinn grúdlainne

Bhí Comhdháil lucht grúdlainne ar bun i Seattle. Ionadaí de chuid Guinness ag freastal air.

Am lón, d'fhiafraigh an freastalaí cad ba mhaith leis na daoine uaisle ól.

"Coors Light, gan amhras", arsa fear Coors, " an beoir is fearr ar domhain".
"Budweiser domsa" arsa fear Anheuser Busch.
"Fosters anseo" arsa an fear Fosters.
agus mar sin de go dtáinig an freastalaí chomh fada le fear Geata San Shéamuis.

"Gloine uisce, murar mhiste leat", ar sé.

"Uisce?" arsa an freastalaí agus iontas air.

"Bhuel, ó tharla nach bhfuil aon duine eile ag ól leanna...."

2010-07-30

Blúirín: Ólaim sláinte Budweis!

Údair sásamh dom an scéal seo san Irish Times: gur bhain an grúdlann Seiceach an ceart an ainm Budweiser a úsáid fós san Eoraip. Níl an chead sin acu abhus, dar ndóigh: ag Anheuser Busch atá an Trádmharc in Éirinn. (Trua nach bhfuil a chomhionann de bheoir acu....)

Duisburg, Túr Siolóam agus na Ceannpheacaí Marfacha

Is cosúil go ndúirt tráchtaire caomhach sa Ghearmáin gur pionós Dé a bhí sa tubaiste i nDuisburg ag an Love Parade. De bharr an meisce agus an chollaíocht phoiblí - aerach agus díreach - a bhíodh ar siúil ag an Love Parade. Dúradh rud cosúil leis faoi Hurricane Caitríona - gurbh díoltas Dé ar chathair aerach é.

Sin dearcadh nach dtuigim. Dearcadh atá ag teacht salach go soiléir ar theagasc Chríost.
San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh le chéile. Dúirt sé leo á bhfreagairt: "An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? Níor mhó deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim? Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh. Lúcás 13:1-5
Dúirt sé linn gan breithiúnas a thabhairt (Matha 7:1-5) agus léirigh an droch thoradh ar an duine féin atá mar thoradh ar bhreithiúnas ar dhaoine eile in eachtra an Fhairisíneach agus an Poibleacánach (Lúcás 18:9-14).

Cinnte is ceart duáilce a thabhairt ar dhuáilce; is féidir breith a thabhairt ar ghníomh. Is féidir, agus is ceart a thabhairt le fios go bhfuil iarmhairtí colainne agus anama ag meisce agus ilchumasc. Scaiptear galair dá bharr.

Tá na seacht ceannpheacaí ann cinnte; díomas, saint, drúis, craos, tnúth, fearg agus aimhleisce. (c.f. CnhEC, 1866) Ach caithfear idirdhealú go cúramach idir an gníomh sofheicthe agus an peaca - rud a éilíonn lán eolas agus saor thoil: (c.f. CnhEC, 1859) Agus sin nithe nach féidir breith a thabhairt orthu ón taobh amuigh, agus cinnte bheadh sé bómánta iad a chuir i leith daoine nach bhfuil aithne dá laghad agat orthu, de bharr go bhfuair siad bás i dtubaiste.

Tá teagasc dearfach ag an Críostaí le roinnt; is féidir, agus is gá an teagasc sin a mholadh. Ach ní haon chabhair é daorbhreith a thabhairt ar íospartaigh timpiste: agus is gcás Duisburg beidh le feiceáil - an iad drúis agus craos ba chiontaí - nó díomas agus saint, ina measc siúd a thug neamhaird ar rabhadh na saineolaithe...ansin féin fiú, is ar an gníomh a thabharfar breith, agus acu siúd a bhfuil an dualgas sin acu.

Ach ní díoltas Dé atá i gceist, ach iarmhairtí ar cinntí daonna.


Aguisín: Bhí sé de cheart agam an rud a scríobh Eva Herman a léamh ar dtúis. Seasaim leis an méid a scríobh mé thuas - ach níl mé cinnte go raibh sí ag rá gur díoltas Dé a bhí ann: Eventuell haben hier ja auch ganz andere Mächte mit eingegriffen, um dem schamlosen Treiben endlich ein Ende zu setzen.

Aguisín 2:Píosa eile a scríobh sí maidir leis an aisfhreagra ar an méid a scríobh sí.

2010-07-29

Mo Leabhragáin

Do Néidí, mar fhreagra.

Tá roinnt mílte leabhair ar leabhragáin sa tigh seo. Níor chuntas mé riamh iad. Sa bhreis ar leabhair do pháistí is dócha go bhfuil roinnt céadta leabhair i nGaeilge agam, cnuasaithe thar na blianta.

Cuid mhór acu, is san Siopa Leabhair i Sráid Fhearchair a cheannaíos iad. Cuid maith eile, is i siopaí athláimhe timpeall na cathrach a cheannaigh mé iad. Bhíodh soláthar mhaith ag Waterstones uair dá raibh, nuair ba siopa leabhair a bhí iontu seachas ollmhargadh ilmheáin mar atá anois. Tá Hodges Figgis fós go maith. Nuair a bhím thiar i Corca Dhuibhne, is gnách go dtugaim beart liom ón gCafé Liteartha.

Agus tá an siopa Cúpla Focal i mBré. Le blianta beaga anuas tá Litríocht ann.

Tá na foinsí ann, mar sin.

Tá sé d'ádh orm go bhfuil Gaeilge ag leabharlannaí Bhré, agus cnuasach sách maith ansin - agus é sásta leabhair a cheannach má iarrtar iad. Sé an feall go mbíonn na leabhair Gaeilge i bhfolach de ghnáth, leis an litríocht "iasachta" áit éigin sna 900í 891.61 de réir córas Dewey. Deirtear liom go bhfuil cnuasach breá san Leabharlann san ILAC.

Agus is féidir teacht ar leabhair ó leabharlainn eile tríd http://www.borrowbooks.ie/.

Gan amhras, is fusa sin má bhíonn fhios agat cad atá uait. Bhíodh an t-eolas sin ar fáil i léirmheasanna i Lá Nua agus Foinse, agus tá fós i bhFeasta. Agus roinnt áirithe san Timire. I gComhar freisin, is dócha - cé go bhfuilim éirithe as a bheith á cheannach sin.

Ach is fíor do Ghabriel Rosenstock, is faoi rún atá cuid mór de litríocht na Gaeilge, shílfeá.

"Leanaim" údair ar leith de ghnáth. Maidhc Dainín Ó Sé, abair, a bhfuil dornán úrscéalta scríofa aige. Joe Steve Ó Neachtain. Na Griannaigh. Seán O'Connor, fiú! Agus tá úrscéal de chuid Séamus Poncán agam freisin.

Nuair a thaitníonn leabhar liom, bíonn sé le léamh anseo. Ní gnách liom scríobh faoi leabhair mura dtig liom é a mholadh. Ní léirmheastóir mé.


1Leasaithe de bharr an t-eolas a thug leabharlannaí dom!

2010-07-28

Blúirín: Dul don Róimh - ód ríomhaire


Teacht don Róimh:
Mór saothar, beag tairbhe -
An Rí a lorgaíonn tú abhus,
Murar thug leat É, ní bhfaighidh.


Mar sin féin, tá seoda álainn de chuid cultúr an Iarthair le fáil ann; ach an Rí a bheith leat, tig leo tú a thabhairt níos gaire dó, ar eití leithéidí Michelangelo.

Bhí mé féin san Róimh - faoi dhó, más buan mo chuimhne, agus thug mé cuaird ar Baisleac Pheadair. Go deimhin, faoi sé de phribhléid agam Aifreann na Cásca a éisteacht ann sna 1980í.

Ní raibh mé riamh san Séipéal Sistíneach, ámh.

Anois áfach, tig leat na seoda seo a fheiceáil ó'd ríomhaire: Turas fíorúil ar Bhaisleac Pheadair agus an Séipéal Sistíneach

Íomhá: An Doras Naofa, ó Wikimedia.

Blúirín: Alex ón mBrasaíl

Píosa ag Alex Hijmans ar toghchán uachtaránachta na Brasaíle san IT inné.

Cróthnáim "Ó na Ceithre hAirde" - alt rialta Alex i bhFoinse mar a bhí.

Sin bearna nach bhfuil líonta fós - is maith ann Beocheist san Irish Times, ach níl an rialtacht ceanna ag baint leis ó thaobh téama ná údar.

2010-07-23

Na nithe is le Céasar


Is minic, nuair a bhíonn sé de dhánacht ag Críostaí tuairim a léiriú maidir le ceisteanna polaitíochta, go ndeir duine éigin "Ach dúirt Íosa na nithe is le Céasar a íoc leis". Is cosúil go gceaptar go forleathan nach mian le hÍosa go mbeadh a lucht leanúna gafa le ceisteanna an stáit. Ach ní fíor sin. Is mithid, b'fhéidir, an sliocht ar fad a thabhairt: (Marcas 12:13-17)

Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus na Hearódaigh chun breith air ina chaint. Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: "A Mháistir, tá fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid? Ach bhí fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: "Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé." Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: "Cé hé arb é seo a íomhá agus a inscríbhinn?" "Céasar", ar siad leis. Dúirt Íosa leo: "Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia." Bhain an freagra seo dá mboinn iad le hionadh.

Anois, ní shin le rá gur cheart dialathas a bheith ann. Rinne ró urraim ag polaiteoirí don gcliarlathas in Éirinn an dochar don Stáit, don Eaglais agus don pobal. Tógfaidh sé fada go leor orainn teacht as iarmhairtí uilig an cléiriúlachais, nach bhfuil sna scannail faoi mhí úsáid ach cuid díobh.

Ach tá sé de ghairm ag Críostaí a bheith "in san saol, ach gan a bheith den saol". Dúirt Críost nach mbeadh sin éasca; go dtug siad drochíde don adhmad uaine, agus mar sin gurbh measa an íde a thabharfaí ar an adhmad tirim.

Bhí Críostaithe riamh dílis d'údarás dlisteanach an Stáit. "Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta, más do ghobharnóirí é de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh" a scríobh Peadar ina chéad litir.

Mar sin féin, tá de ghairm ag Críostaithe seasamh ar son an rud a chreideann siad a bheith fíor. I bPoblacht Daonlathach, mar a mhaíonn muid a bheith againn anseo, tá an dualgas chéanna ar an gCríostaí agus atá ar aon saoránach eile: bheith gníomhach i bhfeidhmiú na cumhachta thar ceann an phobail, arbh é an ardcheannasach é.

Ní ag an gcliarlathas atá sé feidhmiú sa ról seo. Mar a dúirt C.S. Lewis tráth, bheadh sé chomh díchéillí céanna a bheith ag súil le litríocht Chríostaí a eascairt as na heaspaig ag scríobh leabhair ina gcuid am saor agus a bheadh sé bráth ar na heaspaig chun polaitíocht Críostaí a chuir chun cinn.

Dualgas na hEaspaig an foirceadal a theagasc. Dualgas - agus ceart - baill eile na hEaglaise an teagasc a chuir i crích ina saolta, in ngach gné díobh, san saol pholaitiúil chomh maith le aon ghné eile.

Ní mór a mheabhrú freisin go ndúirt Íosa: "Ná bígí ag ceapadh gur tháinig mé chun síocháin a chuir ar an talamh. Ní chun síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh" (Matha 10:34) agus "Chun tine a chaitheamh ar an dtalamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!" (Lúcás 12:49)



Íomhá: Déanar de chuid Tiberius Céasar, ó Wikimedia.

2010-07-22

Reacaireacht filíochta don gCime mar Chách

Ealaín béil ó cheart is ea filíocht. Cuireann reacaire maith go mór leis an bpléisiúr a bhainim as; is fearr fós é nuair is deá reacaire an file féin.

Fuair mé bronntanas ar na mallaibh de CD seo; atheisiúint de chuid Gael Linn.

Tríocha cinn de dhánta atá air; á chanadh1 ag an bhfile, agus uaireanta réamhrá curtha aige leo.

Iontach ar fad. Thaithin filíocht an Direánaigh riamh liom. Ní fear tuaithe sa chathair mé; sna bruachbhailte a tógadh mé. Ach mothaím uaireanta stoite sa chathair, go háirithe agus mé i ngleic le maorlathas. Is furasta bá a bheith ag duine leis an gcaitheamh i ndiaidh an saol simplí - más fíor - tuaithe.

Pé scéal é, tá na dánta seo i'm phóca agam anois, ar mo sheinnteoir póca. Súil agam gur maith leo an chomhluadar - tá reacaireacht Pheig, Bhab Feiritéar agus Chaitlín Maude ann freisin. Gléas iontach!

1Níl ceol leo, ach tá "léite" nó "labhartha" ró leamh mar chuir síos ar an gcur i láthair.

2010-07-17

Cosán cianda coisricthe

Go hiondúil, is ar an mBaile Breac a chuireann muid fúinn agus muid i gCorca Dhuibhne. Mar sin, is suas agus anuas cosán na Naomh a dhreap mé Cnoc Bréanainn go dtí seo. I mbliana, agus muid ag cuir fúinn i mBaile na hAbha, thapaigh mé an deis dul bealach eile le mo dhara mhac. An chéad uair suas Bréanainn aige siúd a bhí ann.

Téann Slí Corca Dhuibhne tríd Baile na hAbha, agus ar aghaidh suas Cnoc na Bristí i dtreo an mhám idir Más na Tiompáin agus Piaras Beag. Is ann atá an gallán greanta seo. Agus b'shin mar a shiúl muid ar dtúis. Dreapadh 600m atá i gceist leis an gcuid seo, ach thar thart ar 3km. Mar sin féin, b'é seo an cuid is deacra, dar liom. Ansin chas muid ó dheas, ag dul thar Piaras Beag agus timpeall ar Piaras Mór. Tá claí - nó ar a laghad na pollaí - ansin ar féidir é a leanacht, thar Gualainn na hAille, os cionn Coimín na gCnámh agus Aill a'Turasa go dtí barr Bhréanainn.

Mar is dual do sliabh atá baiste, tá cros mór ar bharr - ach freisin fothraigh séipéil nó cill bheag - níl fágtha ach an bonnsraith, ach tugann sé foscadh éigin chun lón a ithe! Tháinig muid anuas Cosán na Naomh go dtí an Baile Breac. Tá an bealach seo marcáilte go maith le cuaillí bána plaisteacha, agus crosanna móra - Stáisiúin na Croise. Ceithre uair an chloig ar fad a thóg sé orainn.

Is cinnte go bhfuil na bealaí seo in úsáid leis na mílte bliain - bhíodh na hardáin naofa riamh. Ach bhíodh na comharthaí slí níos spéisiúla fadó, feictear dom!

Cultúr na hEaglaise



Tháinig mé inniu ar an bhfíseáin seo de chuid "Les Prêtres"; dream a rinne aithris ar an ngrúpa Éireannach "The Priests". Agus gan amhras tá CDanna rathúla eile ann le téama láidir Eaglasta: "Chant" le Manaigh Heiligenkreuz: agus Alma Mater le guth an Phápa air.

Tá sé spéisiúil, dar liom, an spéis seo sa chultúr Eaglasta, ag am go bhfuil na foirceadail as ar fáisceadh an chultúir seo faoi bhrú - de bharr cúinsí inmheánacha agus seachtracha.

Meabhraíonn sé líne ó scéal de chuid Saki dom (líne i mbéal héadónaí amach is amach) : “They say Christianity is in decay; but no religion that invented green Chartreuse can ever die"

Níl mé cinnte cén tátal atá le baint as.

2010-07-16

Blúirín: an Stát agus cúrám leanaí

Alt ag Louise Rafter san Irish Times inniu. Bean í seo a tháinig tríd córas cúraim an Stáit agus atá leonta dá bharr.

Táimse freisin amhrasach faoi leasú bunreachtúil maidir le cearta leanaí mar leigheas ar an bhfadhb.

Ba cheart díriú ar dtúis ar athnuachan ó bhonn an seirbhísí an Stáit san réimse seo.

Luaitear, mar shampla, an chás ghránna ciorrú coil i Ros Comáin nó cás thruamhéalach Móin na gCaor mar cúiseanna le leasú bhunreachtúil. Ach tá dá chás seo, bhí na hÚdaráis Stáit ar an eolas: theip orthu feidhmiú de bharr mí-eagar agus easpa acmhainní.

Ní leigheasfaidh leasú bunreachtúil é sin.

Saoirse coinsiasa agus cláraitheoirí

Ar dtús: mo leithscéal roimh ré d'aon léitheoir a bhraitheann maslaithe toisc go bhfuil seasamh caomhach agamsa ar chúrsaí collaíochta. Ní mian liom aon duine a mhaslú: ach nílim chun mo thuairimí a bhréagnú ach oiread. Is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo go maith iad.

Tá alt liom i nGaelscéal an lae inniu maidir le saoirse coinsiasa.

Luaim ann "Faoin mbille [Bille um Páirtnéireacht Shibhialta], atá achtaithe anois, is cion é do chláraitheoir diúltú páirt a ghlacadh i searmanas páirtnéireachta sibhialta."

Is mithid rud amháin a shoiléiriú faoi seo. Sa mhéid agus gur gníomh riaracháin atá i gceist: páirtnéireacht atá de réir dlí a chlárú, ní thagann coinsias i gceist. Ní gníomhaire saor an státseirbhíseach i gcás dá leithéid.

'Sé an deacracht atá agamsa ná go mbíonn searmanas i gceist; ceiliúradh, agus an chláraitheoir mar "cheiliúraí" san searmanas seo.

Is san ghné seo amháin go bhfeicim go bhfeadfaí deacrachtaí coinsiasa a bheith ag duine; agus sílim go mbeadh sé de cheart ag duine socrú a dhéanamh an deacracht seo a sheachaint: ní tríd diúltú scun scan do clárú, ach tríd socrú a dhéanamh duine eile a chuir ar fáil.

B'fhearr go mór, dar liom, an gníomh riaracháin agus an cheiliúradh a scaradh go hiomlán. Riarachán a fhágáil faoin Stát; agus forais eile a bheith ann do gceiliúradh agus searmanas, gnéithe atá tábhachtach don duine agus don bpobal, ach ar cheart iad a bheith neamhspleách ar an stát.

Fáiltím dá réir roimh na searmanais a chuireann an Cumann Daonnachach ar fáil.

2010-07-15

Urnaigh ri Naomh Colum Cille (sleachta as)


Tha mi 'coisrigeadh nan tri chaol, 's gach ni a th'agam an lathair Nh. Cholum Chille 's nan Naomh Gàidhealach uile.
...
Tha mi 'coisrigeadh Caol nan dùirn.
A Naoimh Cholum Chille!
Guidh gu grad, 's gu buileach, 's gu dùrachdach;
guidh gu tuath, 's gu deas; guidh an ear agus an iar;
guidh a nuas agus shuas, a bhos agus thall;
guidh ar ais 's ar aghaidh, h-uig agus uaithe, agus gu là bràth.
...
Na seachd reultan 'gam stiùradh
An dà-fhear-dhìag 'gam sheòladh
Na còig lotan 'gam dhìonadh
Na tri sanasan 'nam chluasan
Sìth nan Seachd Eaglaisean 'gam cuairteachadh
An aon Dia 'gam riaghladh
Sgiath chreidimh os mo cheann
An claidheamh soluis air m'aghaidh
Focal Dhé ar mo chultaobh
M'Aingil choimhdhich làmh rium
An Spioraid Naomh maille rium
A nis agus gu sìorruidh Amen.
Triath nan Triath. Amen.

(Ón leabhar a luaigh mé, Lòchran an Anma. Íomhá: fuinneog i nDún Éideann, ó Wikipedia na Catalóinise ar dtúis )

2010-07-14

Baol siopaí leabhair don leabharbhách

Bhíos i mBré Dé Satharn (ar mo shlí go dtí an leabharlann, mar a tharlaíonn sé) nuair a chuaigh mé thar an siopa leabhair dara láimh. Bhuail leabhair san fhuinneog forrán orm agus mé ag dul thart.

"An Máirnéalach Dubh", le Joseph Conrad, aistrithe ag Seosamh Mac Grianna. Shlog mé an baoite agus chuaigh isteach ag cuir ceiste faoi. Dúirt fear an siopa go raibh breis aige i mbosca. Buíochas le Dia go raibh m'iníon liom - d'éalaigh mé gan ach ceithre leabhair a cheannach, ar €15.

Sa bhreis ar an Máirnéalach Dubh, fuair mé Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire, agus Imleabhar I de leagan Ghaeilge na linne seo ar rinne Pádraig De Barra "Agallamh na Seanóirí". Faraor, ní raibh aon imleabhar eile aige - dúirt sé go raibh scoth na leabhair imithe cheana féin.

Agus ansin leabhrán beag spéisiúil - "Lòchrann an Anma Leabhar-Ùrnaigh Caitliceach" - i nGaeilge na hAlbain, a foilsíodh i nDùneideann i 1906.

Croch mé liom é de bharr an tiomnú lámhscríofa a bhí ann - "Bronnadh é seo le fíor mheas ar Thomás Ó Deirig Aire an Oideachais ag Seaghan Mac Guaire C.S.S.R"

Go deimhin, níor thug mé faoi ndeara gur Gaeilge na hAlbain a bhí ann go dtí ar ball. Tá roinnt sleachta ana bhreá ann a bhfuil rún agam iad a roinnt libh amach anseo. Abair fileata!

Rud eile spéisiúil - ainneoin gurbh i 1933 a foilsíodh "An Máirnéalach Dubh", is sa chló Rómhánach atá sé.

Uaimh seodra seachas ladrainn ab ea an siopa an uair seo - tá na leabhair uilig i staid fíor mhaith.

2010-07-13

Blúirín: Páistí ar ordú

Aiste ag Mercator.net ar na ceisteanna a ardaíonn gineadh leanaí le síol nó ubh deonaithe.

Ag gabháil Slí na nGabhar

Tá léarscáil nua 1:25000 de Cnoc Bréanainn ar fáil ón Suirbhéireacht Ordanáis; cabhair mór a bhí ann agus mé ag súil thiar. Seo thuas an conair a lean mé agus mé ag tabhairt cuairt ar Loch a' Dúin agus Com an Áir. Bhí an chuid eile den teaghlach ag dul go dtí na Machairí, áit a raibh na buachaillí ag dul ag clársheoltóireacht le Jamie Knox.

Tá cosán isteach go Loch a' Dúin díreach tar éis an bóthar go dtí an Clochán agus an Chonair trasnaithe agat ag teacht ón Daingean. B'shin mo thúsphointe. (Murach go raibh mé ann san Fhómhair, ní bheadh sé faighte agam - níl aon fhógra ann, cé go bhfuil fógraí istigh ag Comhlacht Bhréanainn Teo.) Tagann deireadh leis an mbóithrín cois Scóraid tamaill roimh an loch, agus tá an bealach cois locha sách garbh. Ach bhí an Scóraid íseal, agus bhí mé in ann an abhann a thrasnú faoi bhun an easa. Thart ar leathuair a thóg sé orm dul chomh fada leis sin. Ar aghaidh liom ansin ar thaobh eile an locha. Thosaigh mé ag dul suas le fána ar Slí na Gabhar. B'éigean dom conair sách lúbach a ghearradh - tá Slí na Gabhar sách géar! Thug uair go leith eile go barr an chnoic mé; thar dornán clochán. Agus tríd, mar a luaigh mé, talamh lán de lusanna. Bhíos anois ag féachaint anuas isteach i Com an Áir. Bhí scéal, nach cuimhin liom na sonraí ar fad de, ag Mícheál Ó Coileáin, seandálaí, faoi. Is cosúil go n-aimsítear a lán bataí le bior orthu ann; ach iad ró bheag le bheith ina sleánna ag daoine. Creideann seisean go raibh baint éigin aige le fíoch fianna. Pé scéal é, bogach leathan atá i gceist. De bharr an triomach, ní raibh sé ró dheacair é thrasnú. Bhí sé i gceist agam dul fá na locha agus ó dheas ó Sliabh Macha Ré. Ach ní fhaca mé na locha! Is féidir go raibh siad ceilte orm ag filleadh sa talamh, ach sílim go raibh siad triomaithe. Pé scéal, ní dheachaigh mé sa tseans, agus chuaigh díreach ó dheas go Bearna na Gaoithe; áit eile a bhfuil a hainm tuillte go maith aici. Uaidh sin suas an Chnapán. Bhí ceo agus brádán ann faoi seo, agus níor bhain mé mórán taitneamh as an siúlóid dtreo Barr Conrach. Bhí mé breá sásta an carrchlós ag barr a bhaint amach, thart ar ceithre uair a chloig ó thosaigh mé amach. Bhí sé ag stealladh báistí faoi seo; bhí an dearg ádh liom síob thar nais go dtí an Daingean a fháil. Fear a rinne aistear Mhaidhc Dainín droim ar ais - as Chicago go Corca Dhuibhne - a thug an síob dom. Bhíodh sé ag obair ar an dtógáil - agus ag oiliúint leaids óga mar chuid dá iarratas ar cead cónaithe abhus. Tá an Bád bán tugtha orthu féin acu siúd anois, agus eisean gan obair anseo.

2010-07-12

Bláth na Leabhair

Mar a dúirt mé, rinne mé a lán siúil agus mé thiar. Cosán na Naomh, (arís, le mo mhac is sine), chuig Baile an tSagairt, Cnoc Bréanainn leis an mac eile, agus liom féin go Loch a' Dúin, suas na Sléibhte go dtí Com an Áir agus ar aghaidh go Bharr Conrach.

Gach áit bhí lusanna áille fairsing, fearacht an ceann úd: Magairlín na Stuaice (Anacamptis pyramidalis). Ghlac mé an ghrianghraif sin ar Rinn Chonáill.

Anois, is fear cathrach mise. Is tearc m'eolas ar lusanna, agus is annamh go dtig liom ainm a chuir orthu, i dteanga ar bith. Ceann thall is abhus. An feileastram, abair. Neadaigh ainm an Devil's bit scabious i'm cheann de bharr go ndearna mé ceann a ghreamú i leabhar gearrthóg fadó riamh.

Bhí fhios agam go raibh leabhar ann den ainm Flóra Corca Dhuibhne. Iar filleadh dom ar an Daingean tar éis camchuairt Choim an Áir agus Loch a' Dúin (scéal d'oíche eile) rinne mé caol díreach ar an gCafé Liteartha. Agus gan amhras níor loic Seoirse orm. Leag sé lámh ar an leabhar ar an bpointe. Agus is seod atá ann: plúr an saothair iomlán a rinneadh: naoi gcinn déag d’fhillteáin, pictiúirí daite is go leor eolais ar a bailíodh i dtionscnamh de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar bhláthanna fiáine na leithinise. Ina measc, eolas béaloidis maidir le leigheas traidisiúnta. Tá corp an leabhair dhátheangach (cé go bhfuil breis eolais sa leagan Ghaeilge) ach tá aiste fhada chuimsitheach ar luibheolaíocht agus an cúinsí a mhúnlaíonn an réimse fásra i gCorca Dhuibhne atá i nGaeilge amháin.

Tá áthas orm go bhfuil an leabhar seo anois i'm l-spás fhéin. Agus anois is eol dom gurbh Odhrach Ballach an Ghaeilge ar Devil's bit scabious. Agus tá sásamh airithe le baint as mo snapshots féin, nuair a léim go raibh dua agus suas le uair an chloig de dhíth chun na grianghraif iontacha a ghlac Aodán Ó Conchúir a dhéanamh. Grianghraif a léiríonn saothar agus saíocht Mháirín UÍ Chonchubhair, agus gan amhras na daoine a chuaigh roimpi agus ónar mbailigh sí béaloideas. Níl fhios agam an bhfuil sé i gceist na fillteáin iomlána a chuir ar fáil ar líne - ba bhreá an rud é. Tuigim go bhfuil teacht orthu ag daoine a bhfuil suim acu iontu, i Músaem Corca Dhuibhne ar an mBuailtín.





Flóra Chorca Dhuibhne (1995)
ISBN 0-906096-07-3
Ar fáil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne

2010-07-11

Gaimbíní glice gaelacha Gearmánacha


(Giota de bhileog Lidl. An rud ar fad anseo. Aire PDF ~ 5MB)

Rinne muid roinnt mhaith siopadóireachta i Lidl sa Daingean agus muid thiar. Thug mé suntas don mbileog seo - go hiomlán i nGaeilge, agus dírithe go sonrach ar mhná tí na Gaeltachta, a bhfuil an dualgas trom orthu scata déagóir a bheathú ar bheagán airgid! Bhí giota i nGaelscéal faoi. Dúirt urlabhraí ón gcomhlacht go raibh"meon Éireannach" ag Lidl in Éirinn. Ní aontaím leis. Is léir go bhfuil ceachtanna foghlamtha go glé ag an mbainistíocht anseo ón mháthair-comhlacht Ghearmánach. Ceachtanna a bhaineann le margaíocht cliste, tóir ar chustaiméirí agus éifeacht! Ní "TOITD" atá anseo, ach caitheamh leis an nGaeltacht, agus na mná tí, mar mhargadh ar leith ar fiú aird a thabhairt air. Mo ghreidhn iad!

Gréasaí an tSnáthaid Mhóir

Tá seoid eile curtha ar an margadh ag Caitríona Hastings agus Andrew Whitson ó Chló an tSnáthaid Mhóir. An uair seo athinsíonn siad an scéal úd a bhailigh na deartháireacha Grimm: "An Gréasaí Bróg agus na Síoga". Saothair ealaíona seachas leabhair a bhíonn i gceist leis an obair a níonn siad - athinsint breá soiléir ar an scéal agus léaráidí dochreidte álainn.

Fuair mé locht ar na CDanna a chuaigh leis na saothair roimhe seo: Gaiscíoch na Beilte Uaine agus Balor.

Ach tá an fhorbairt tagtha ar an ghné sin: gearrscannán atá sa reacaireacht an uair seo, ar DVD. Dónall Mac Ghiolla Chóil feistithe go cuí, agus curtha i láthair i suíomh iontach. Reacaireacht agus íomhánna ón leabhair pósta le chéile go foirfe.

Mar bhreiseáin, tá gearrscannán faoin gcaoi go ndeachaigh an fhoireann i mbun oibre chun an leabhair a chuir ar fáil, agus an DVD. Níl fhios agam ar craoladh an t-ábhar seo ar TG4, ach b'fhiú é. Gairmiúil, snasta álainn. (Cóip leabharlanna atá agam faoi láthair, ach sílim go mbeidh sé sa stoca ag m'iníon um Nollaig!).


An Gréasaí Bróg agus na Sióga le CD
Caitríona Hastings
Andrew Whitson
Ceol: Caoimhín Mac Giolla Chatháin
Scéalaí: Donall Mac Giolla Chóil
ISBN: 9780955227127
An tSnáthaid Mhóir 2009

2010-07-10

Blúirín: Cuairt na Banríona

Píosa Titley an tseachtain seo. Léigh ar fad, agus go cúramach é.

Cliste.

(Maidir le hEilís Saxe Coburg, tabharfaidh mé an aird chéanna ar a cuairt agus a thabharfadh mé ar chuairt ceann stáit ar bith - i. léifidh mé na nuachtáin, ach i bhfírinne is cuma liom. Ionadaí Pobal na Breataine í, agus meas de réir prótacal ag dul di dá bharr. Fiú muna bhfuil ceist na sé contae réitithe, ar a laghad tá conair chasta an daonlathais á leanacht ag gach taobh anois)

2010-07-09

An Chéad Phápa Dubh, ina fhocail fhéin


(Tugtar an Pápa Dubh ar ceannaire na nÍosánach, an Ord a bhunaigh Iognáid Loyola. Ord a bhfuil tionchar ar léith aige ar an Eaglais agus ar stair na hEorpa. Bhí cosc ar Íosánaigh dul go Críocha Lochlainn go dtí na 1960í, de bharr imní fúthu!)

Fuair mé an leabhair seo le déanaí i Veritas.

Scéal iompaithe Iognáid, mar a d'inis sé do bhall dá Oird atá ann. Tá an bunleagan i Spáinnis agus Iodáilis (de réir mar a bhí scríobhaí ar fáil don té a chuala an scéal).

Cáipéis spéisiúil atá ann, agus rinne Alan Mac Eochagáin CÍ (eagarthóir an Timire) tiontú an mhaith air, sílim.

Cé nach mbeadh na léaráidí ag dul go baileach le mo thoighis, feileann siad don leabhar.

Tá locht nó dhó agam ar an leabhar: tá roinnt mhaith botúin cló ann, faraor. Agus tá a lán fonótaí ag deireadh na leathanaigh. Níl fhios agam an amhlaidh a raibh siad sa bhunleagan, nó ar cuireadh leis iad sa leagan seo. Bhraith mé nach raibh i gcuid acu ach athfhriotal ar an méid a dúirt Iognáid, gan breis eolais. Agus go minic, de bharr leagan amach an leabhair, bhí an nóta ar an gcéad leathanach eile, le tagairt dó ar bhun an leathanaigh. Bhí achoimre ag dul le gach caibidil - is trua nár baineadh feidhm as sin chun ábhar na fonótaí a chuimsiú. Ach seans go rabhthas ag cloí leis an mbunleagan.

Scéal thar a bheith spéisiúil, an streachailt inmheánach a rinne aiséiteach agus múinteoir spreagúil creidimh as saighdiúir agus cúirteoir galánta. Agus an streachailt seachtrach - ré an tAthrú Creidimh a bhí ann, agus amhras forleathan ag na cúistiúnachtaí faoi aoinne a bhí díograiseach ar bhealach nua.


Scéal an Oilithrigh: Iognáid Loyola ina chuid focal féin
Alan Mac Eochagáin SJ a d'aistrigh:
Foilseacháin Ábhair Spioradálta (F. Á.S) 2009
ISBN: 9781906982010

2010-07-08

Blúirín: Peaca an chléiriúlachas

Aiste ag Mark Shea ar an mbotún seo, ar gá bheith i gcónaí ar an airdeall faoi san Eaglais.

Gotach Deisceartach

Tá roinnt tagairtí feicthe agam thall agus abhus do Flannery O'Connor mar scríbhneoir chaitliceach Meiriceánach. Níl mé baileach cinnte cad is "scríbhneoir chaitliceach", ach bhí mé fiosrach. Mar sin, nuair a chonaic mé cnuasach dá gearrscéalta sa leabharlann, chroch mé liom é.

Tá tionchar láidir Críostaí ar cuid mhaith de na pearsan sna scéalta - ach is Críostaíocht duairc an réamhchinniúint atá i gceist - Críostaíocht Chrios an Bhíobla, agus na Baistigh. Ana chuid dá laochra, síolraíonn siad as aicme na bhfeirmeoirí beaga; daoine a thuigeann áit mheasartha a bheith acu i gcéimlathas soiléir. Iad os cionn na niggers agus an "dríodar gheal", ach iad fós spléach orthu. Go minic, tá a maoin ídithe, ach iad fós uaibhreach de bharr an chéim a chreideann siad a bheith ag dul dóibh, céim atá bronnta ag Dia orthu.

Eascraíonn teannas agus brú as sin, agus is as sin atá na scéalta fite go healaíonta.

Chonaic mé cuir síos ar an stíl ó shin mar "Gotach Deisceartach"; sílim go bhfeileann sé sin. Bhí an ciníochas neamh-leithscéalach, instinneach fiú, an aisteach domhsa.

Domhain nua oscailte dom ag na scéalta; ar intinn agam breis dá saothar a léamh.

Blúirín: Ráiteas Chairde Iosrael

Chonac ar dtúis ar suíomh George Weigel é, ach tá suíomh dá gcuid féin acu.

http://www.friendsofisraelinitiative.org

2010-07-07

Clapsholas, Sráid Chill Dara

Blúirín: Tábhacht an ficsean

Tá fírinne le fáil i ndeá litríocht, a deir m'iar príomhoide san aiste seo:

Aontaím leis. Is fearr a fhaigheann scéal mhaith greim ar ár samhlaíocht agus tuiscint nár fíricí tirime staire, dá fheabhas an chumasc a thógann an staraí leo.

2010-07-06

Múrphictiúir

An ghrian ag dul faoi laistiar den Tiaracht. Bóthar órga ar an mbóchna. Bád faoi lán tseoil. Brat fleur-de-lis air. Ag déanamh caol díreach siar. Gan neach á stiúradh.
Tinfeadh comhrá don mhachnóir, ar a theallach. An teallach tréigthe anois. An mhachnóir ina chime ina cholainn, bactha ag stróc.

2010-07-05

Mosnia

Scéal seo na hiarrthóirí tearmann atá le bogadh ar an nuacht anocht.

An fíor scannal, dar liomsa áfach, ná go bhfuil duine ar bith ag fanacht cúig bliana agus níos mó le cinneadh.

Agus maidir leis an gcóras ghránna soláthar díreach, ina dtógtar uathu gach féidearthacht cinntí a dhéanamh agus iad ag fanacht ar chinneadh úd na maorlathaigh.....

Cás [eile] go mbeadh ort bheith i'd Khafka le cuir síos cuí a thabhairt.

2010-07-04

Lorgaireacht na Liag


Ó luaigh Dennis an Cros úd anuraidh, táim fiosrach faoi liacha úd Baile an tSagairt. Mar sin, nuair a fuair mé deis, chuaigh mé á lorg. Bhí mé i bhfeighil m'iníon, agus í á iompair agam. Shúil muid amach fán gcósta, ag tosú ag an Cúilín san Daingean; tá cosán deas fán gcósta ar fad uaidh sin, timpeall ar Óstán na Sceilge agus amach go dtí an teach solais. Chas muid isteach fán bhóthair ansin. Lorg, rian ná comhartha ní raibh. Ná duine le ceist a chuir air. Bhí tuairim fíor-gharbh agam cá raibh an áit, ach sin a raibh ann. Ba leor sin dom cinneadh casadh ar dheis isteach i mbóthar. Bhí aosánach ag obair ar tigh ann, ach ní raibh tuairim aige cad a bhí á lorg agam. (Sílim anois gur mb'fhéidir go raibh gliceas Ciarraíoch i gceist).
Lean mé orm píosa beag eile mar sin féin, agus chonaic an méid atá sa ghrianghraf thuas i lár goirt mhór. Bhí rud bán ag lonrú i gcúinne amháin; cheap mé gurbh dócha gur fógra stáit a bhí ann. Ní raibh aon fhógra ar an geata seachas "Beware of the Bull" agus an gnáth séanadh freagrachta. Ach ba léir nach raibh aon eallach sa ghort, mar sin chuaigh mé sa seans. Agus, fógra a bhí ann: mar a deir an fógra, is mulláin seachas liacha atá i gceist. Bhí na inscríbhinní sách deacair le feiceáil; agus ní bhfuair mé an ceann a bhí á chíoradh againn. Tá na clocha sách beag; agus, gan amhras bhí iníon a bhí ag éirí mífhoighneach agam; agus mé gan aon trealamh a chuideoidh liom na inscríbhinní a léamh. (Uair eile, b'fhéidir). Mar sin, thrasnaigh muid go dtí taobh eile an ghoirt, a thug amach ar an N86 muid. As sin, ar aghaidh ar chúlbhóithre go dtí an Daingean arís - go Sráid Eoin.

Dhá uair go léith a thóg an camchuairt. Agus bhí faobhar ar mo ghoile...is maith an rud go bhfuil an Daingean breac le proinntithe!

2010-07-03

An baile i bhfad siar

Ar saoire a bhíos le coicís. I mBaile na hAbha, i gCorca Dhuibhne. Imeall Iartharach iarthar Dhuibhneach. Radharc bhreá trasna na leithinse, An Tiaracht soiléir ag bun na spéire go minic agus muid ag amharc ó dheas.

Bhíos i bhfad níos suaimhní ar an saoire seo; anuraidh bhí muid díreach tosaithe ar gearr seachtain oibre, agus bhíos duairc, éiginnte imníoch dá réir. Anois agus post nua tosaithe agam, táim i bhfad níos dóchasaí.

Agus aimsir neamhghnách freisin! Táim dubh ón ngrian.

Bhíos gníomhach go maith freisin, agus roinnt siúlóidí maithe déanta agam - lón blagadóireachta amach anseo.

Caolseans go mbeidh am nó fonn orm an 1000+ post (300+ i nGaeilge) a d'éalaigh uaim a léamh. Súil agam nach gcaillfidh mé aon seod!