Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-08-30

Creideamh, Eolaíocht agus Fianaise

Bhíos ag caitheamh spléachadh ar na tráchtanna ar an bpíosa seo le John Waters nuair a tháinig mé ar an maíomh gurbh é a dhéanann creidmheach agus é tinn ná "guí agus dóchas a bheith aige" seachas dul i muinín na lianna mar a dhéanann aindiachaí stuama.
Caithfidh mé a rá go gcuireann an dearcadh seo - ó dhaoine a mhaíonn  go hiondúil go bhfuil siad saor ó réamhchlaonta agus go bhfuil an slí a dhearcann siad ar an saol bunaithe ar fhianaise - mearbhall orm.
An é nach bhfuil fhios acu gurbh iad na hOrd Rialta a bhunaigh na céad ospidéal san Eoraip? Agus gurbh forais eaglasta ab ea na hOllscoileanna?
Is as ithir na Críostaíochta a d'fhás eolaíocht an Iarthar - as ithir torthúil creideamh na nGiúdach agus na Críostaithe a chreideann i nDia réasúnta; leanann as sin go bhfuil an Chruinne faoi réir ag dlíthe an réasún, agus mar sin gur féidir an réasún a chuir i bhfeidhm air.
Luaitear Galileo mar fhianaise go bhfuil an Eaglais "frith-eolaíoch".
Ach tugaim dúshlán aon aindiachaí beirt eolaí eile a ainmniú a rinne an Eaglais "géarleanúint" orthu!
Agus cad mar gheall air Lemaitre, nó Mendel? Is iomaí eolaí i measc an chléir, agus is iomaí eolaí atá creidmheach fós.

Blúirín: Naomh Fiachra

Naomh Fiachra, ó Wikimedia.
Inniu Féile Naomh Fiachra, rud a mheabhraigh an scéal seo faoi cheiliúradh air i Vín na hOstaire dom.

Tá trácht air i nGaelscrínte i gCéin leabhair Thomáis Uí Fhiagh: D'aistrigh sé iomann de chuid muintir Mheaux faoi:
Éire a sheol an naomh thar lear,
Meaux a ghlac leis, togha na bhfear,
Is breá de Meaux go dtáinig sé,
Is breá ag Éireann mac mar é
Ón leabhar úd arís:

I dtrátha 630 a chuir Fiachra faoi mar dhíthreabhach san fhoraois i mBreuil (gar de Meaux), áit ar thóg sé cillín, aireagal don Mhaighdean Mhuire, teach aíochta le haghaidh taistealaithe bochta ón choigríoch agus gairdín beag le freastal orthu. Níor fhág sé an áit go bhfuair sé bás ansin timpeall 670, agus gairmeadh Saint-Fiacre den áit ó shin. ... Baisteach ainm an naoimh mar ainm ar charráiste de bhrí go mbíodh a lán de na carráistí seo le fáil ar cíos ó óstóir an Ostán Saint Fiacre sa rue Saint-Martin i bPáras.
Go n-éirí a gceiliúradh le fir Fiacre Vín,  agus go mbaine na dílleachtaí súp as!

2010-08-27

Blúirín: Suantraithe an Domhain



Togra chun fís a chuir le suantraithe ó pobail ar fud an domhain. (Ceann sa Ghiúdais thuas, an nasc a thug ann mé anseo)

2010-08-26

Reacaireacht Néill

D'eagraigh leabharlann an Chabháin ócáid as Gaeilge le linn na Fleidhe. Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta de chuid Seán Mac Mathúna.
Duine tarraingteach is ea Niall, agus bhí slua maith ann - cé gur fhág dornán beag nuair a fógraíodh gurbh as Gaeilge a bheadh an imeacht! Dhá ghearrscéal ón leabhair Úlla a léigh sé.
Níl, go bhfios dom, aon scéal de chuid an údair léite agam. Dhá scéal den scoth a thug Niall chun beatha lena ghuth ealaíonta; scéal íogair faoi dhéagóir, gabhar agus leabhar1 - agus scéal eile faoi scoláire a thiteann - ní i ngrá, ach i ndrúis - le cailín aimsire.
Dhá scéal chumhachtach. Chuir reacaireacht Néill beocht iontu, agus d'imigh uair a chloig go gasta, taitneamhach. (Tá an closleabhar ar mo mhianliosta anois!)
Cuireadh roinnt ceisteanna (as Béarla don gcuid is mó) ar ina dhiaidh. Ina measc, an cheist cárbh as do Mhac Mathúna - agus dúirt an bhean scothaosta a d'fhiafraigh an cheist gurbh mór idir é agus Tomás Ó Criomhthain...(Sílim gur ghlac sí scannal ón scéal faoin skivvy agus an scoláire - bhí sé garbh, gáirsiúil - ach ionraic, réalaíoch freisin sílim. Agus cáineadh an chléir ann, agus é tuillte go maith acu).
Tá an saol bogtha ar aghaidh ó ré an tOileánaigh; is iontach an rud é údair a bheith ann chun an saol ilghnéitheach úd a léiriú, agus is iontaí fós reacairí paiteanta a bheith ann chun sprid bhreise a chuir i mbriathra na n-údar.

1Tá cuid den chéad scéal le clos anseo: (Grma, Seán!)

2010-08-25

An Bóthar siar ó thuaidh, agus a bhfuair mé ann...

Thug mé aghaidh ar an gCabhán agus an Fleadh dé hAoine tar éis na hoibre. Bhíos ag dréim le cuid den taobh tíre sin, lochlann an Chabháin a fheiceáil fán bealach.  Ach ós siar ó thuaidh a bhí ár dtriall, agus an grian ag dul faoi, bhíos caoch aige. Ní fhaca mé mórán mar sin ar ár gcamchuairt sa bhus.
Ba léir ar líon na bhfógraí fleadh-úla go raibh muid ag druidim le Baile an Chabháin.  Chuala á rá go minic thar an deireadh seachtaine go raibh an-eagar faoi Choiste an Chabháin; agus cinnte bhí fógraí soiléire chuig na hionad ar fad.  B'shin dála an scéil, clamhsán a chuala mé freisin; go raibh na hionad rud beag ró fhada óna chéile. Ach ó tharla nár fhreastail mé féin ach ar dhá ócáid, níor chuir sin isteach ormsa.
Ba chun aire a thabhairt do m'iníon is mó a bhí mise ann, pé scéal é; agus bhíos spíonta agus chuaigh a luí oíche Aoine.
Chaith mé roinnt den Satharn ag súil thart, agus ba léir an obair eagrúcháin arís - bhí flúirse daoine thart le t-léinte agus "ambasadóir" scríofa orthu, réidh le eolas a roinnt. Ina measc bhí beirt gealgháireach ón Afraic. Bhí an príomhshráid dúnta don trácht, agus Gardaí agus lucht Cosaint Sibhialta  ann le maoirseacht a dhéanamh ar an dtrácht.
Bhí slua maith ar an sráideanna, agus ceoltóirí ar gach cúinne.
Cith is dealán a bhí ann mar aimsir -  bhíos leath bhailigh síos an príomhshráid nuair a d'oscail na spéartha, agus sula raibh uain agam foscadh a lorg bhí gach pioc gafa. Fliuchadh go craiceann mé; mo chosa pé ar bith, bhí cóta báistí orm. Ach níorbh fhada go raibh an ghrian ag taitneamh arís. D'fhreastail mé ar ócáid inar léigh Niall Tóibín gearrscéalta i nGaeilge; ach tá blagmhír dá chuid fhéin dlite do sin.
Bhí mo mhac ag seinm sa chomórtas grúpa ceoil - san "Quinn Direct Dome" - ainneoin a gcuid deacrachtaí, tá tionchar Muintir Uí Choinn soiléir ar an mbaile, agus iad feiceálach i measc urraithe na fleidhe. Ní rabhas ró thógtha leis an "Dome" - halla sealadach a bhí ann, agus gan an éisteacht a bheith mar a bheadh sé tuillte ag na ceoltóirí. Mar sin fhéin, bhain muid sult as na grúpaí a sheinn, ainneoin nár éirigh le grúpa mo mhic - i mbliana! Ach bhí an ceolchoirm fadálach, le bearnaí móra idir na grúpaí, agus grúpaí gan a bheith ann nuair a glaodh orthu. Shíleas an maor a bheith rud beag ró bhog! Thosaigh an comórtas ag 19:30, agus dáréag grúpa ceaptha a bheith ag seinm ar feadh 8 nóiméad an ceann. Bhí sé beagnach meán oíche sular fógraíodh toradh.
Bhí an comórtas comhrá maidin Domhnaigh; ach tá a mhír fhéin dlite do sin chomh maith.
Táimse ag dul don binn bán anois...

2010-08-24

Blúirín: Priméar taighde gaschealla

Ó First Things.

Cor eile i scéal ar airgeadaithe do thaighde ar shuthanna thall a spreag é.

 Níltear imithe i ngleic i gceart leis an gceist abhus fós.

2010-08-22

Fleadh'd out atáim

Chaith mé an deireadh seachtaine sa Chabháin, ag Fleadh Ceoil na hÉireann. Duine mé a sheachnaíonn sluaite de ghnáth; ach bhí mac liom san iomaíocht lena ghrúpa ceoil, agus freisin sa chomórtas Comhrá Gaeilge. 

Ábhar roinnt blagmhíreanna cnuasaithe agam, ach an fuinneamh chun scríofa a bheith agam, rud nach bhfuil anocht. Ainneoin go raibh muid measartha stuama, agus nach raibh oíche go maidin againn mar a bhí ag a lán sa Chabháin, déarfainn.

2010-08-19

Blúiríní: Dóchúlacht Dé

Dhá alt ar First Things: ag baint feidhm as teoirim Bayes chun an fhianaise a mheá: agus leagan de Gheall Phascal.

Ach, gan amhras, ní cruthú ná bréagnú ar Dhia as eascródh as na modhanna seo.

2010-08-18

Fiadhúlra an Oirthear

Earc Sléibhe (ó Wikimedia)
Buachaill cathrach mise. Mar sin, is beag cur amach atá agam ar fiadhúlra. Feicim éanlaithe sách minic, gan amhras. Agus feithidí!
Is breá liom rud as an gnách a fheiceáil, áfach. Agus is ar siúlóidí sléibhe nó cois trá is túisce a tharlaíonn sin. Bhíos amuigh faoi dhó le déanaí leis na Cnocadóirí. Mí ó shin ag siúl fán chósta ó Chill Mhantáin go dtí na Clocha Liatha - thart ar 19 km. Ar an slí chuaigh muid thar an tearmann i gCill Chomhghaill. Tá tearmann ar leith ann do geabhróga bheaga; cé go bhfuil an séasúr neadaithe ag druidim chun deiridh, chonaic muid scata acu taobh thiar den fál chosanta atá tógtha ar an trá.
Ardú croí ar leith a bhí ann go bhfaca muid péire rón ag déanamh bolg le gréin gar don gcladach. Ansin, dé Domhnaigh, shiúl muid ar an droim sléibhe idir Gleann Dá Locha agus Gleann Molúra, chomh fada leis an Log Dubh.
Arís, feithidí agus éanlaithe is mó a chonaic muid.  Bhí deasghnátha pósta na seangáin faoi lán tseoil, agus an t-aer breac leis na banríonacha agus a gcomhluadar ag eitilt. Buíochas le Dia, is beag míoltóg a bhí thart! Tá clárchosán ar codanna den sliabh, agus chonaic mé earc sléibhe ag baint sult as an ngrian ar cheann acu. Chonaic muid fia nó dhó freisin.

Ach go hiondúil bíonn sé deacair Mamaigh na hÉireann a fheiscint i rith an lae. Ní dóigh liom go bhfaca mé broc beo riamh; cé - faraor - go bhfuil siad feicthe marbh ar thaobh an bhóthair ró mhinic agam. Tá corr sionnach beo feicthe agam, ach arís, marbh ar thaobh an bhóthair is mó a fheicim iad.

2010-08-17

Blúirín: Cultúir na hÉireann

Alt bhreá eile ag Torlach Mac Con Midhe i mBeocheist an lae:

Ach in Éirinn tharla rud aisteach sa 19ú haois. Rinneadh coilínigh de na dúchasaigh féin. Baineadh a gcultúr agus a dteanga díobh. Bronnadh an Béarla agus cultúr Briotanach orthu. Ba choilínigh ina dtír féin iad as sin amach. Ach ní féidir a shéanadh go bhfuil cuid áirithe den dúchasach sa choilíneach go fóill. Dá bharr sin is daoine deighilte, scoilte iontu féin iad na hÉireannaigh.
Dúirt Faust: “Zwei Seelen wohnen, ach! in meiner Brust.” (“Maireann dhá anam, faraor! i mo chliabh.”) D’fhéadfadh sé bheith ag caint faoi na hÉireannaigh. Maireann an coilíneach agus an dúchasach araon ionainn, agus is amhlaidh nach mbíonn teacht maith le chéile acu siúd riamh.
Is dóigh liom go dtuigtear an méid sin uaireanta i measc lucht na Gaeilge. An dtuigeann lucht an Bhéarla é? Ní fheadar.

Sílim gur féidir a rá nach dtuigeann mórán de lucht an Bhéarla é. Feictear i ngach gné den dioscúrsa poiblí abhus é: bíonn féin fhuath fairsing.

2010-08-16

Blúirín: Pota Focal ar ais!

Tá ár n-ailtire eolais fhéin, Michal Boleslav Měchura, tar éis athnuachan ó bhun a dhéanamh ar a thogra foclóra, Pota Focal.

Sa bhreis ar a "ghluais tí" iontach, lán de samplaí, tarraingíonn sé as foinsí eile - teasáras Kevin Scannell, mar shampla, nó Irishionary. Nó an ceann is fearr liom féin, gluais Bheo. Cuireann an ceann deiridh sin na focail i gcomhthéacs go galánta.

Dearna leis!

2010-08-15

Lá le Muire san Fómhair

Corónú na Maighdine le Fra Angelico

Agus dúirt Muire:
An Magnificat
“Mórann m’anam an Tiarna, agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d’ardaigh sé daoine ísle;
Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. D’fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire
– de réir mar gheall sé dar n-aithreacha – d’Abrahám agus dá shliocht go brách.”
(Lúc 1:46-55)

2010-08-13

13ú Lúnasa 1961

Tógáil Balla Bheirlín
Breis íomhánna anseo:

Sippenhaft agus Piolóid na Meáin

Táim míshuaimhneach faoin gcaoi a bhfuil na meáin cumarsáide ag plé le ceist Larry Murphy. Agus tá amhras orm faoin fíoch atá á ghríosadh sa phobal. Slua forairdill ag bailiú ag ionad cónaithe d'iar phríosúnaigh, de bharr ráfla é bheith ann.Ceannlínte sna nuachtáin ag baint úsáide as focail lán de mhothúcháin.
Thar aon rud eile bhí trua agam dá dheartháir a bhí ar an nuacht aréir. Ba léir go ndéanadh dian eagarthóireacht ar an bpíosa - go raibh an fear bhocht corraithe go mór. Tá gach nasc briste aige lena dheartháir - ach táthar ag cuir ina luí ar siúd go mba cheart dó bailiú leis, cionn is go ndearna a dheartháir coir.
Tá córas dlí againn sa tír seo. Níl sé foirfe, agus tá deacrachtaí ar leith ann i gcásanna ciontóirí gnéis - coir atá sách deacair a chruthú uaireanta, agus a fhágann an íospartach thíos leis ar feadh a saol. Go minic gointear arís í (í a bhí i gceist go hiondúil) de bharr imeachtaí an an próiseas dlí.
Ach tá an fear seo tar éis an phionós, a shocraigh an breitheamh a bheith cuí, a chuir isteach. Tá na Gardaí ag déanamh a ndualgas maidir le súil a choimeád air.
Níl fianaise dá laghad ann - níl ann ach ráflaí - go raibh baint aige le coireanna gnéis eile.
Coir ghránna a rinne sé. Ach ní thugann sin an cheart do fíoch fola gan deireadh air, ná ar dhaoine eile dá leithéid. Agus is cinnte nach ceart go mbeadh a mhuintir thíos leis go deo.

Blúirín: Mósáic Féiniúlachta

Alt spéisiúil ag Paul Watterson, UUP  i nGaelscéal inniu:

Thuig mé nach gá go mbeadh mo chuid Éireannachais, an chéannacht Éireannach agam, bunaithe ar threoirlínte ná ar chaighdeán ar leith a bhí leagtha amach ag cibé dream a chreideann gur acusan atá an ceart breithiúnas a thabhairt ar na ceisteanna seo. Seans nach bhfuil mo leagan-sa den Éireannachas múnlaithe ar an dearcadh céanna atá agaibhse ar an stair agus ar an ghaol atá ag Éirinn leis an “oileán eile”; chomh maith leis sin ní labhraím Gaeilge (go fóill) agus níl aon suim agam sna cluichí Gaelacha.
“Is treise i bhfad oileán na hÉireann nuair a ghlactar leis an éagsúlacht a bhaineann leis.” Ach, dáiríre, ar cheart go mbeadh sibh ag brath ar Aontachtóir leis sin a chur in iúl daoibh?

Ní ceart. Agus níl! Is breá liom mósáic m'fhéiniúlachta féin, agus an oll-mhósáic a déantar as féiniúlachtaí  na daoine ar fad a bhfuil cónaí orthu ar an oileáin seo.

2010-08-12

Troscadh agus Tréanas

Thosaigh Ramadan inné - nó an lá roimhe, de réir comhghleacaí liom atá ag comhlíonadh na gnáis, ach de réir féilire a phobail fhéin. B'eol dom gur bhain Moslamaigh feidhm as féilire gealaí, ach shíl mé é bheith nasctha le féilire na gréine - mar atá Cáisc na nGiúdach agus Críostaithe, a bhogann leis an ré ach atá ar ancaire ag cónocht an Earraigh.

Mar sin, is déine Ramadan airithe ná a chéile - ós rud é go ndéantar troscadh iomlán idir éirí agus luí na gréine. Níorbh eol do'm chomhghleacaí cén nós a leantar níos faide ó Thuaidh - tá áiteanna sa tSualainn nach dtéann an ghrian faoi in aon chor, mar shampla.

Tá nósmhaireacht troscadh na gCaitliceach éirithe ana bhog. Dhá lá troscadh agus tréanas sa bhliain; Aoine an Chéasta agus Céadaoin an Luaithrigh. Tá nósanna eile ann, ach go bunúsach is faoin duine féin iad a chomhlíonadh.
Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh, agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag d'Athair atá i láthair faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
(Mth 6:16-18)
Is cumasc de anam, aigne agus colainn an duine - sílim go bhfuil troscadh go maith don trí ghné, ach gan dul thar fóir. Agus gur mó maitheasa a dhéanann an rud a déantar de shaorthoil ná comhlíonadh gan machnamh proiceapta.

Maidir le'm chomhghleacaí, deir sé nach n-itheann sé níos lú; ach go mbíonn a aiste bídh níos folláine, agus go spreagtar chun déirce a thabhairt é.

Blúirín: Éist leis an mBriathar


Tá an ridire úd i gcomplacht an Athair Pheadair, David Webb, tar éis áis iontach eile a chuir ar fáil - taifead fuaime den Soisgéal do réir Mhaitiú léite ag an Dr. Seán Ua Súilleabháin.

Seo an leagan a chuir Peadar Ua Laoghaire Gaeilge air.








Íomhá: an soiscéalaí le Meister Theoderich von Prag. Ó Wikimedia.

2010-08-10

Blúirín: Bíobla Má Nuad d'aois na ríomhairí

Mar thoradh ar teachtaireacht ar Gaeilge-A inniu, fuair mé amach gurbh ann do leaganacha leictreonacha saor in aisce de Bhíobla Má Nuad ar an suíomh seo: http://www.anbioblanaofa.org/

Tá an leagan eSword faighte agam, agus cuma maith air.

Is milse do bhriathra le mo charball; ná mil le mo bhéal.
Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta; is gráin liom gach drochshlí.
Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é.
(Salm 119:103-105)


Aguisín: do Chomhaltacht Chríostaí Ghleann Chóilín atá an creidiúint ag dul as seo a chuir ar fáil.

Blúirín: Agallamh le Mícheál Ó Conghaile ar Beo

Anseo!

Seo an saghas ruda a bhfuil níos mó de de dhíth orainn! Scríbhneoir agus foilsitheoir bhisiúil faoi agallamh.

Blúirín: Bean i gCochall

Alt spéisiúil ag Máiréad Ní Chinnéide maidir leis an gcosc ar an mBurca sa bhFrainc.

As ceist pholaitiúil a dhéanamh as caitheamh an burqa táthar ag gríosú pobail, a bhraitheann iad féin faoi leatrom cheana féin, chun cos a chur i dtaca agus dúshlán an choisc a thabhairt.

Agus ní sa Fhrainc amháin a bhfuiltear ag déanamh ceist pholaitiúil as feisteas na Moslamach. Ta cosc curtha cheana ar an burqa sa Bheilg agus reachtaíocht á hullmhú san Ísiltír. Ar 20ú Iúil vótáil parlaimint na Spáinne le móramh 21 vóta in aghaidh an choisc. De réir pobalbhreithe a rinneadh sa Bhreatain bheadh os cionn 60 faoin gcéad sa tír sin ar son dlí a achtú ina éadan.

Cén fhad go mbeadh feachtas ar bun abhus in Éirinn chun an rud céanna a dhéanamh?



Ceist mhaith. Tá deacracht ann - cén fís atá againn do phobal an Stáit? Cén fís ina bhfuiltear chun daoine a chomhshamhlú? Tá - agus bhí riamh - teannas ann idir Liberté agus Egalité; agus is deacair sainmhíniú a dhéanamh ar Fraternité; Bhíodh focal eile ag dul le mana na Réabhlóide sa bhFrainc - "où Mort" - rud a tharla minic go leor dóibh siúd a sheas in aghaidh ceannairí an Réabhlóide.

Tá an ré sin thart. Ach tá sé deacair slat tomhas a leagann síos do phobal a mhaíonn saoirse iomlán don duine aonair - chomh fada is nach mbaintear feidhm as an saoirse sin chun smaointe a scaipeadh nach nglacann na maithe agus mór uaisle leo.

Tá conair fhada romhainn.

2010-08-07

Grá goirt

Salann Garbh le Joe Steve Ó Neachtain léite anois agam.

Cnuasach cumhachtach gearrscéalta. Lán de dhaonnacht: an ghrá, agus an pian , a eascraíonn as na híobairtí agus an an cúram a leanann grá. Scéalta iontacha iad; máistreacht ar ábhar agus foclóir aige. Is minic casadh ag deireadh an scéal a iompaíonn ár dtuiscint ar cad atá ag tarlú bun os cionn, ag nochtadh léargas nua ar an bheith daonna agus an ceistiú cinnteachtaí.

Corr scéal lán de ghreann ann, ach an chuid is mó dáiríre; brónach gan a a bheith éadóchasach. Is léir a ghean ar an gcine, agus ar an muintir ar díobh é. Máistir eile a léiríonn an saol mór tríd lionsa a áit dhúchais. Is léir go bhfuil na scéalta lonnaithe thiar; ach d'fhéadfadh na heachtraí baint le duine ar bith áit ar bith.

Sár leabhar.

Salann Garbh
Joe Steve Ó Neachtain
ISBN: 9781905560554
Cló Iar Chonnachta 2009


2010-08-06

6ú Lúnasa, 1945



Scamall an bháis thar Hiroshima: ó Wikimedia



Leagan cóirithe a fuair mé ar youtube de saothar Isao HASHIMOTO

2010-08-04

Ciardhubhán Conallach

Tá "An Mairnéalach Dubh", aistriúchán Sheosaimh Mhic Grianna ar "The Nigger of the Narcissus" le Joseph Conrad léite anois agam.

Seo mórscríbhneoir amháin ag cuir Gaedhilg ar shaothar mhórscríbhneoir eile: Saor focail sárbhuailteacha, síorbhuailteacha iad beirt.

Scéal long ag filleadh ón Oirthear atá i gceist; an reacaireacht ag bogadh ón tríú pearsa, go dtí an chéad phearsa uatha, go dtí an chéad phearsa iolra - ach i gcónaí a léiriú an scéil ó dhearcadh na "lámha" - na mairnéalaigh san forchaiseal. Long seoil atá ann, céimíocht daingean i bhfeidhm a fhágann an chaptaen uasal, aonair i bhfad ós cionn na hoifigigh, agus iadsan i bhfad ós cionn na mairnéalaigh. Bhí ana thaithí ag Conrad ar an saol seo; agus tá beartas ann a bhfuil an chéimíocht de dhíth orthu - ní féidir plé daonlathach a bheith ann faoi conas go díreach an bád a stiúradh, níl leigheas ar uaigneas agus freagracht an máistir loinge.

Cuireann beirt isteach ar suaimhneas na loinge, ciardhubhán an teidil, a ligeann air féin é bheith tinn d'fhonn obair a sheachaint, agus firín suarach eile a bhíonn ag cothú trioblóide.

Buaileann droch stoirm an long agus iad ag teacht timpeall Gob an Dóchais, rud a chuireann leis an teannas drámata ar bhord.

Agus an cuir síos uilig i prós Conallach atá ar comhchéim ar a laghad le saothar snasta Conrad.

Seo cur síos ar sean mhairnéalach, a bhí ar an stiúir le linn na stoirme ar fad; tríocha uair an chloig, agus a thuigeann de phlimp go bhfuil sé ag druidim le deireadh a shaoil:
D'amharc sé ar an mhuir shíorraidhe agus tháinig léaródh tuigse aige ar an cumhacht gan chroidhe a bhí inntí. Chonnaic sé annsin gan áthrach í, agus í go dubh agus cubhar oirthí faoi shúile síorruidhe na réaltóg. Chualaidh sé a glór ag sgairtigh air go neamh-fhoighdeach amach as an fharsaingeach mhór chorrach gan trócaire, a rabh tamhach táisg agus ádhbhar eagla ann. D'amhairc sé i bhfad anonn oirthí, agus chonnaic sé blár dall céasta, ag éagcaoin go mear, an blár fuair seilbh ar a cholainn bhocht nuair a bhéadh seal a dhaoirseachta reaithte......

Mar a léiríonn an sliocht seo, tá an litriú dúshlánach do Ghaeilgeoir an lae inniu; agus fiú léitheoir craosach fearacht mise, bheadh réimsí foclóra sa leabhar seo nach mbeadh aige.

Ba bhreá an rud é dá gcuirfí eagráin nua de na leabhair seo ar fáil; leasú íogair a dhéanamh ar an litriú chun an coimhthíos a sheachaint, ach gan na gnéithe canúna a ghlanadh as. Agus gluais a chuir ar fáil - ní foclóirín Gaeilge Béarla nach ndéanann ach focal dothuigthe Béarla a chuir in áit focal dothuigthe Gaeilge, ach gluais ceart a mhíníonn na téarmaí teicniúla a bhaineann le seoltóireacht, abair.

Ach tá an áthas orm gur mheall an leabhar seo isteach sa siopa mé.

Blúirín: Tost

Píosa deas ag Gabriel Rosenstock san Irish Times inniu.

Labhramar faoi choim
Mise is an saoi.
Nocht rún an tsaoil dom, ar mé,
Fuist, ar sé. Lig don chiúnas
Rún an tsaoil a nochtadh dhuit.
(Rumi, aistrithe ag Gabriel Rosenstock, as Guthanna Beannaithe an Domhain , Iml. 2)

Bíonn sé sách deacair ciúnas a aimsiú don anam....

2010-08-02

Blúirín: Cló gaelach i Blogger, d'Áine

Ag éirí as an mír seo ag Brian Dhaithí Sheáin

Úsáid "Edit HTML" agus cuir rud éigin cosúil leis an líne thíos isteach:
<span style="font-family:gadelica;font-size:180%;>An ḃfuil seo ag obair?</span>
<span style="font-family:bunchló ársa gc;font-size:180%;>An ḃfuil seo ag obair?</span>

Má tá cló fhoireann ag daoine, feicfidh siad sa chló sin an méid atá scríofa agat.

An ḃfuil seo ag obair?
An ḃfuil seo ag obair?

Ba cheart go mbeinn in ann liosta a chuir isteach, ach níl mé cinnte. Sílim go bhfuil rud éigin i mBlogger ag teacht salach ar m'iarrachtaí.

Ní dhearmadfar do dhearmadaí digiteacha go deo!

Alt (fhada) ar an New York Times maidir leis an idirlíon, rúndacht agus cuimhne.

Níl aon rud rúnda ar an idirlíon; agus ní thig le duine smacht a choinneáil ar rudaí a'bhfearr leo dearmad a bheith déanta orthu.

Beidh sé tamall sula dtéann muid mar sochaí i ngleic leis na cúinsí nua seo. Táimid i bhfíor sráidbhaile ar líne:

Ach a'Kempis dá maireadh i mbaile chúlráideach
Bheadh a lochta go snasta ar theangacha sráide
Seán Mac Fheorais: I Sráidbhaile

Níl aon éalú ónár macghníomhartha ar líne. Mar sin, cuir dianghlas ar do mhéarchlár! Glac leis go bhfuil do chéile/máthair/bhainisteoir/pháiste ag léamh thar do ghualainn! Agus seachain an méid a scríobhann do lucht aitheantais fút!

Giotaí Gaeilge

Buidéal uisce, ó Tuar Mhic Éadaigh
Droichead, stáisiúin traenach bhaile Chill Mhantáin.


Fógra ar ceann de na iontaisí ag an Bray Summer Fest


Fógraí ag stadanna bus

2010-08-01

Litríocht agus Gaelscéal: (ath)thús maith?

Bhí alt dhá leathanach i nGaelscéal na seachtaine seo ag cíoradh ceist díolaíocht leabhair i nGaeilge. Is léir go ndearna Joanne Ní Riain a cuid taighde, agus gur labhair sí le mórán daoine san earnáil. Ansin, tá agallamh le roinnt de mhór-scríbhneoirí na Gaeilge maidir leis an aitheantas a fuair Cathair Átha Cliath mar Cathair Liteartha UNESCO.

Ós rud é go léiríonn an alt féin gurbh an constaic is mó roimh díol leabhair i nGaeilge ná daoine gan a bheith ar an eolas fúthu, agus freisin go bhfuil ról ag na meáin Ghaeilge - Gaelscéal ach go háirithe - i mbriseadh an tosca sin, ar a dtugann Liam Carson Fáinne Fí, tá súil agam nach bhfuil san alt seo ach tús!