Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-11-30

Blúirín: Ciondáil ar Bhono ar mhaithe leis an aeráid

Cé nach n-aontaím le amhras an scríbhneora seo faoin athrú aeráide, tá a lán den fhírinne aici maidir le cuid den na Fairisínigh seo atá ag iarraidh ualach a cheangail ar droim dhaoine eile ach nach bhfuil ag athrú a saol féin.

Erst kommt das Fressen, dann kommt die Moral

Agus é an plé leis an socheolaíocht ina chlár agus a alt i nGaelscéal an tseachtain seo, bhí Conn ag caint leis an Dr Iarfhlaith Watson faoin rud a chuir siad síos ar mar iar-ábharachas. Táim in amhras faoin gcur síos; séard a bhí i gceist acu ná an chaoi go mbíonn daoine sásta smaoineamh níos doimhne ar cad a cheannaíonn siad ach leibhéal áirithe maoine a bheith acu, agus iad ar a gcompord. Sílim nach bhfuil anseo ach spléachadh eile ar céimlathas Maslow: go dtagann athrú ar riachtanais an duine de réir mar a shásaítear na bunriachtanais. Níl baint aige dar liom le saint nó a mhalairt - ní duáilce ná suáilce atá i gceist, ach mianta eile atá á shásamh. D'fheadfadh duine bheith ina hábharaí cruthanta, agus an iompar a bhí á phlé acu a léiriú, i. bheith sásta praghas níos airde a íoc ar earra a bhí níos fearr de réir slat tomhais fearacht a laghad dochar don timpeallacht a rinneadh á tháirgeadh.

Ní ionann saint agus ábharachas, pé scéal é.

(Thóg mé teideal an mhír seo ó Bhrecht - ar dtús an chothú, ansin an moráltacht. Ní aontaím baileach leis sin ach oiread, cé gur dóigh liom go bhfuil sé fíor go bhfuil gad a chaithfear a scor chun a bheith in ann machnamh ar an cheart - agus ní moráltacht go machnamh)

Nod libh go bhfuil podchraoltaí de chláir Conn - Ar Strae sa tSaotharlann ar fáil anseo. Is fiú éisteacht leo!

2010-11-26

Drochíde

Ba é inné an Lá Idirnáisiúnta um Foréigean i gcoinne Mná a Dhíothú: rud nárbh eol dom. Bhí alt san Irish Times inniu a chuir ag machnamh mé.

Rud is ea an drochíde atá i súile an té a tugtar dóibh é, go minic (ag fágáil foréigean soiléir corpartha as an áireamh). Conas is féidir daoine a chosaint go héifeachtach ón sórt drochíde nach bhfágann lorg soiléir?

Is cinnte go mba cheart dlíthe a bheith ann chun go bhfeadfadh daoine faoiseamh a lorg - agus cionn is go léireodh an dlí go bhfuil líne ann nach ceart í a thrasnú.

Gan amhras, le imeaglú mar a luaitear san alt bheadh sé deacair an dlí a chuir i bhfeidhm: ach déanta na fírinne, feictear dom go bhfeadfaí ordú cúirte a lorg chun réimse áirithe iompar, a bheadh gan locht de ghnáth, a chosc idir beirt - go háirithe dá gcaithfí leis i mbealach a thugadh a gceart don dá thaobh. D'fhéadfaí, mar shampla an ordú a dhéanamh agus cosc ar é a phoibliú chomh fada agus a bhí an té a rinneadh ina choinne é ag cloí leis.

Ach in aois na líonraí sóisialta, tá sé níos deacra scaradh le duine nach mian leat teagmháil a bheith agat leo níos mó.

Ceist chigilteach; ach tábhachtach.

2010-11-24

Blúirín: Ceist ón Spáinn

El Pais inniu faoin dteideal "Tarrtháil chostasach na hÉireann"

100 míle milliúin euro de "tharrtháil" roinnte ar ceithre milliún go leith saoránach ... sin 22,222 € an duine; níos mó ná tuarastal bliana cuid mhór acu. ... an tarrtháil é seo nó fogha deiridh ar chistí na stáit? ... Cé dóibh atá na polaiteoirí ag obair?

Lá an Altaithe

Béile Lá an Altaithe, ón gnáth fhoinse.
De bhrí gurbh é dualgas gach Náisiún atá ann oirchill Dé a aithint, A thoil a Chomhlíonadh, bheith buíoch as A thíolacthaí agus A chosaint agus A fhabhar a impí; agus de bhrí gur iarr dhá theach na Comhdhála, trína gcoiste coiteann, orm lá poiblí Altaithe agus Urnaí a mholadh do phobal na Stáit Aontaithe,  le comhlíonadh tríd an iliomad fabhar a bhronn Dia orthu a aithint.....


(As Forógra George Washington don céad Lá an Altaithe)


Go raibh Lá breá agaibh thall!

Iomarcach

Oíche deireadh an tsaoire. Las sé an teilifís. Nuacht a naoi. An príomhscéal: bhí an comhlucht ag scaoileadh slua mór chun bealaigh. Tocht sa scornach. Cúpla glaoch gutháin. Drochscéalta. Teannas sa ghoile. Greim faighte ar a bhainisteoir aige. Scalladh cléibh. Oíche gan suain. Bhí sé iomarcach.

2010-11-22

Blúirín: Oifigeach Forbartha Gaeilge á lorg ag Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann

Fógra anseo: sonraí an phoist anseo agus anseo:

Is cosúil, ó fógraí éagsúla thall is abhus go bhfuil Foras na Gaeilge ag maoiniú sraith poist mar seo. Tá súil agam go mbeidh deis ag na daoine seo timireacht a dhéanamh sna pobail ar léith atá siad le freastal orthu, agus nach mbáfar sa mhaorlathas iad.

Is é mo thaithí ó baint a bheith agam leis an mBéal Binn agus Comhluadar, gur mór an chabhair é fostaí a bheith ann chun dlús a chuir le himeachtaí seachas a bheith ag brath ar choiste deonach.

Ní mór a rá freisin go dtugann Cumann Gaelach na hEaglaise,  agus leithéidí Pobal an Aifrinn agus An Tor ar Lasadh an Ghaeilge isteach i gcuid de shaol daoine atá tábhachtach dóibh. Is maith sin.

2010-11-21

Rí na nDúl

Ansin chuaigh Pioláit isteach sa Phréatóiriam arís ag glaoch ar Íosa agus dúirt sé leis: “An tusa rí na nGiúdach?”D’fhreagair Íosa: “An uait féin a deir tú an méid sin, nó an daoine eile a dúirt leat é mar gheall orm?”D’fhreagair Pioláit: “An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom tú. Cad tá déanta agat?”D’fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”Dúirt Pioláit leis: “Ach is rí thú ámh?” D’fhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol – chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.”Dúirt Pioláit leis: “Cad is fírinne ann?”
(Eoi 18:33-38)
Is poblachtach san saol seo mé; ach is géillsineach de chuid Rí amháin mé; Críost, Rí na nDúl. Inniu A Fhéile, deireadh na bliana Eaglasta. Beidh an Aidbhint linn an Domhnach seo chugainn, agus muid ag ullmhú dÁ Bhreithlá.

2010-11-20

Oideachas agus Oiliúint

Coláiste na hEolaíochtaí, mar a bhí, Sráid Muirfean. Ón gnáth fhoinse.
Spreag beannú Newman ar na mallaibh mé saothar leis a léamh. Fuair mé, mar sin, The Idea of a University ón leabharlann.Caithfidh mé admháil nárbh léitheoireacht éadrom é, ach táim sásta go ndearna mé treabhadh tríd. Ainneoin gur fhreastal mé ar an gColáiste Ollscoile a d'eascair as saothar Newman abhus, is mór idir mo thaithí ar an Ollscoil (nó Iolscoil?) agus an idé a bhí ag Newman. Agus ós rud é nach bhfuair mé an fhoroideas sa Laidin agus Gréigis, a rinne sé talamh slán de a bheith ag duine léannta, bhí sciar den leabhar nach raibh ar mo chumas léamh in aon chor. (Cóip dílis dá eagrán fhéin a bhí ann, gan aon chabhair do léitheoirí an lae inniu).
Mar sin féin, táim i bhfách lena bhunphrionsabail - go mba cheart d'ollscoil a bheith uilíoch sna dána a theagasctar ann, agus gach dán díobh a léiriú a shrianta agus a ionad cheart do gach dán eile. Gurbh é cumas smaoineamh go grinn agus go soiléir sprioc an oideachais. Is fíor freisin, feictear dom, go bhfuil bearna mhór idir léann a theagasctar ag ollamh agus an méid a fhoghlaimíonn duine é féin ó léamh; gurbh fearr go mór stiúir a bheith ag duine agus é ag iascaireacht i mbóchna an léinn. Sílim freisin go bhfuil an cheart aige gurbh iad na daonnachtaí eochair an léinn sa  chiall seo: agus go bhfuil meancóg déanta againn tríd ár gcúl a chasadh le saíocht na Gréige agus na Róimhe. Tá amhras orm freisin go bhfuil sé ar chumas ag Ollscoil phlódaithe na linne seo an réimse iomlán dána a chuir ar a shúilibh don aois léinn. Arís, cé go raibh mé i mo mhac léinn i UCD, is beag teagmháil a bhí agam leis an Ollscoil tré chéile - bhíodh mórchuid na léachtaí againn i bPort an Iarla agus Sráid Muirfean, toisc gan foirgneamh a bheith ag Dámh na hInnealtóireachta ar an gcampas i Belfield. Rud a d'fhág ná raibh fiú teagmháil sóisialta arbh fiú caint air agam leo siúd a bhí ag dul le disciplíní eile. Mar sin, oiliúint a fuaireas - agus pé oideachas atá orm is ó shin i léith a chnuasaigh mé é, ó léamh leabhair agus ó Areopág an Idirlíon.

Bítear ag maíomh go forleathan as dea-oideachas na hÉireann; rud a bhfuil ana amhras orm faoi.Tá nithe maithe faoin gcóras scrúdaithe Stáit - go gcuirtear an scrúdú céanna ar gach iarrthóir, agus gurbh go hanaithnid a tugtar breith air. Agus gurbh scrúdú i réimse leathan ábhair a bhíonn i gceist. Agus is dócha gurbh é córas pointí is córa agus líon srianta áiteanna ollscoile le dáileadh. Mar sin féin, feictear dom go bhfuiltear ag tabhairt oiliúint  ar conas scrúdú maith a dhéanamh do dhaltaí, seachas oideachas. Rud a fhágann athoiliúint le déanamh ar an ollscoil.

Cé gurbh ríomhchláraitheoir mé, sílim nach leor an réimse chúng ábhair theicniúil chun mo gharim a chomhlíonadh. Go deimhin, dúirt duine de smaointeoirí mhóra mo ghairme - Dijkstra - gurbh máistreacht ar a theanga dhúchais sa mhullach ar ardchumas matamaitice atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir, toisc gurbh Machnamh is ea bun agus barr na gairme. Bun agus barr gach gairme, feictear dom, cé go bhfuil scileanna teicniúla ar leith i gceist le gach gairm. Tá, freisin, cumas obair le daoine eile riachtanach.

Fuair mé seanfhocal tráthúil ar shuíomh Dennis - is mairg a oiltear gan riail.

Go raibh ré nua i ndán d'oideachas mar a shamhlaigh Newman - agus an bPiarsach - é, agus go raibh sin mar chuid den bóthar thar nais do Chró Choinn, atá anois le cró ina shlaoda síos air tar éis buille fill ó chró lucht an airgeadais.

  Aguisín: Chaith mé bliain na céime i mBelfield; bhíothas tar éis leath den fhoirgneamh innealtóireachta a thógáil toisc gur shantaigh an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh ár bhfoirgneamh i Sráid Muirfean; agus mé ag siúl tríd Belfield aréir chonac go raibh an dara leath tógtha ó shin. Rud a rachaidh chun leasa na hábhar innealtóirí, tá súil agam; ainneoin gur tógadh an champas i mBelfield d'aonghnó chun cumarsáid éasca idir an aos léinn a bhac, seachas a mhalairt. Faoi anáil na gcíréib i mBerkeley agus sa bhFrainc sna 1960í a bhí lucht a dheartha.

Aguisín 2: Féach foclóir an Duinnínigh maidir leis na bríonna ar léith atá ag cró!

2010-11-19

Blúirín: Teorainn Iosrael

Alt spéisiúil ar First Things: ag maíomh nach acmhainn d'Iosrael glacadh le haon socrú a fhágann cosaint an Stáit lagaithe.

Sílim go bhfuil dealramh leis sin, go háirithe i bhfianaise easpa cumais an Údarás Phalaistíneach barántas síochána a thabhairt, cionn is nach bhfuil bá a bpobail fhéin acu, agus dreamanna níos radacaí in uachtar.

N'fheadar cén leigheas atá ar an scéal.

2010-11-18

Blúirín: Caoinfhulaingt pholaitiúil agus caoinfhulaingt sóisialta

Idirdhealú chúramach anseo idir dhá réimse ina bhfuil tábhacht le caoinfhulaingt; agus meabhrú nach bhfuil caoinfhulaingt gan srian.

Níl sé ráite ansin, ach is gá freisin idirdhealú idir caoinfhulaingt agus patuaire. Agus ní hionann  col le smaoineamh nó gníomh agus easpa caoinfhulaingt.

Ó tharla tanú ar an mbunús coiteann tuairimíochta san Iarthar, tá idirdhealú cúramach mar seo de dhíth.

2010-11-17

Blúirín: "Was ist ein Bankraub gegen die Gründung einer Bank!"

I dtagairt ar an bpíosa seo san Tagesspiegel a luadh an bonmot de chuid Brecht thuas. (Tá robáil bainc in áit na leathphingine i gcomparáid le bunú bainc)

Ní hamháin go bhfuil cáiníocóirí na hÉireann thíos le praiseach na mbainc abhus; tá an cuma air go mbeidh cáiníocóirí na hEorpa, sa Ghearmáin ach go háirithe, ag íoc go daor as an bpraiseach abhus.

Táid tar éis a lámha salacha a chuir go domhain inár bpócaí go léir.

2010-11-15

Náid deireadh na téide

Níl aon bhealach ar leith san teanga ríomhaireachta C chun plé le grúpa litreacha ach pléitear leo go hiondúil mar eagar beart. Tugtar "téada" ar eagair beart a thuigtear mar píosa téacs. Tá coinbhinsiúin ann go bhfuil deireadh leo san áit go bhfuil luach náid. Braitheann cuid mhór feidhm san leabharlann caighdeánach ar an gcoinbhinsiúin seo. Agus is uaimh ladrann cheart d'fhadhbanna an toradh. Ag leibhéal an ríomhaire de, níl a leithéid de rud ann agus eagar; níl ann ach láithreacha sa chuimhne.

Mar sin, ní mór don ríomhchláraitheoir a bheith ana chúramach.  Go hiondúil, is ó taobh amuigh den gclár a thagann foinse an eolais do téad: agus má ghlacann an ríomhchláraitheoir leis nach mbeidh níos mó ná líon áirithe litreacha san méid a léitear isteach, tá baol mór ann go ndéanfar teorann na téide a shárú.

Is féidir le hiarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag an sárú maoláin seo: scriosfar luachanna eile sa chuimhne, agus is féidir le bradaí glic feidhm an chláir a athrú agus dochar a dhéanamh.Go háirithe má éiríonn leis dochar a dhéanamh don gcruach.

Tá leaganacha "sábháilte" de na feidhm a phléann le téada ar fáil, inár féidir le an ríomhchláraitheoir uasmhéid na téide a leagan síos, agus srian a chuir ar an mbaol. Fós féin, tá an dúrud bogearra "soineanta" amuigh ansin, agus is botún éasca é dearmad a ní ar an náid a deireadh na téide... (Rinne mé féin ar na mallaibh é, sin toisc an mhír seo!)

Blúirín: Dinnseanchas Gall Gaelach Raghnallach

Litir spéisiúil san Irish Times inniu ag léiriú stair spéisiúil ainm an bhruachbhaile i mBaile Átha Cliath.

Ainm Ghaill ar Ghabhail de chine Bhranach: as sin, ainm Iarla de Nua Ghaill; as sin, ainm gairdín pléisiúr i Londain; as sin, a mhacasamhail anseo; dá dheasca sin ainm Fiodh Chuilinn brúite i leataobh.

Conair chasta na staire.

Nod leat go bhfuil fairsinge eolais sna cártaí ag logainm, a thugann fianaise i leith an méid atá sa litir.

2010-11-13

Blúirín: seileacáilte

"Shellacked" an cur síos a thug Barack Obama ar a Uachtaránacht i ndiaidh na toghcháin meán téarma. Cé gurbh eol dom céard é seileaic (saghas clúdach cosanta, fearacht vearnais), níor thuig mé cad a bhí i gceist aige.

Tá réiteach na faidhbe san alt léannta focalbhách seo:

Blúirín: Na Gearmánaigh agus muide

dhá litir san Irish Times, agus alt tuairimíochta,  inniu maidir leis na nithe éagsúla atá ráite ag
Angela Merkel le déanaí maidir leis an ngéarchéim airgeadais i dtíortha an euro.

Aontaím leo: fágann an iarracht peacaí ár Rialtas agus sochaí a leagan ar dhaoine eile drochbhlas i mo bhéil. Táimid freagrach as ár dán féin mar thír. Cinnte, ní carthanacht a bhí i gceist leis na deontais Eorpacha, agus bhí spéis ag tionscail na Gearmáine i feabhsú ár mbóithre; murach sin caolseans go gcaithfí airgead an cáiníocóra Ghearmánaigh orthu. Mar sin féin is mó leas a bhaineamar abhus astu. Ní bhfuair muid an leas is fearr; ach ní de dheasca na Gearmánaigh atá sin amhlaidh.

Is iomaí leas a rinne ár mballraíocht san Eoraip dúinn; aimhleas freisin cinnte - i gcás na n-iascairí ach go háirithe. Ach is é ár Rialtas fhéin a chaith go dona leo san Margadh a rinneadh, i 1973 agus ó shin. Bíonn glacadh agus géilleadh i gceist le haon mhargadh, agus is iomaí dea-rud a tháinig de bharr dlíthe na hEorpa; pá comhionann do mhná, chun gan ach sampla amháin a lua.

Is breá leis na boic móra abhus an chreidiúint a ghlacadh as aon ní a thaitníonn leis an bpobal, agus an milleáin a leagan ar "an Eoraip" nuair atá an pobal míshásta.

Bhain muid an-tairbhe as an Euro agus an Aontas, agus bainfidh fós.

2010-11-12

Blúirín: Teagasc agus Síolteagasc

Píosa ag John Waters san Irish Times inniu maidir leis an gclaon-insint coitianta ar an méid a deir an Pápa.

Dóibh siúd ar spéis leo an méid a dúirt an Pápa sa Spáinn, tá sé le léamh anseo:an méid a dúirt sé le hiriseoirí ar an eitleáin san áireamh.

Bhí píosa fiúntach ag Tomás Mac Siomóin roimh an gcuairt a foilsíodh i nGaelscéal, ach níl sé ar líne. Tá streachailt cultúrtha ar bun san Spáinn, gan amhras: agus fréamhacha doimhne ag an gcol idir sóisialaigh agus an gcliarlathas. Agus cuid den locht ar an dá thaobh, chomh maith.

Mar sin féin níl aon dabht ach nach bhfaightear léargas soiléir ná cothrom ó na meáin abhus ar an méid a deir an Pápa. Rud a fhágann mórchuid an phobail taoibh le scigléiriú ar an bhfear agus ar a theagasc.

2010-11-11

Blúirín: Litir ó Shagart Iarácach

Ag meabhrú agus ag guí ar son na Críostaithe thall, atá ag fulaingt géarleanúint fíochmhar. Tá cuid acu anois i measc na mairtírigh ar neamh.

An cogadh a chuireadh críoch le cogaí...

Saighdiúirí ón gcéad cogadh Domhanda, ón ghnáth fhoinse.
B'shin a chreid daoine a bhí thart nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, ar an lá seo i 1918. An 11ú uair, ar an 11ú lá den 11ú mí.

Bhí breall orthu; tá cogaí níos uafásaí tarlaithe ó shin. Cuimhnítear ar roinnt dá bhfuair bás sna cogaí sin: ach ní ar gach aoinne, mar a deir Alan Titley ina alt inniu.

Agus sílim cuid den fhírinne a bheith san alt seo; réitíonn an comóradh an bhealach do áir eile. Mar sin féin, tá cuimhneacháin tuilte acu siúd a chuaigh sa bhearna baoil.

Sí an cheist ná conas cuimhneamh orthu, ach féachaint chuige go laghdófar an gá le íobairtí fola mar iad.

Blúirín: An cuntasóir an cuma?

Níl fhios agam cad atá níos measa: ná pleidhcí i PwC a chnuasaigh liosta de mhná óga sa chomhlucht de réir a gcuid áilleachta: nó na nuachtáin a d'fhoilsigh pictiúir na mná óga.
(Ní thugann ceachtar nasc thuas na pictiúir)

Aontaím go mór le Laura Slattery, tá obair tháir na nuachtáin úd tar éis cuir leis an bhfadhb anseo. Thuigfeá do na mná a iompaíonn ar an Ioslam agus a chaitheann caille chun an sórt seo "luacháil" a sheachaint.

2010-11-07

Blúirín: An tOllamh le Litríocht Neamhghnách (agus Danartha?)

Terry Pratchett,  le Artur Machlowski (tríd Wikimedia)
Tá Terry Pratchett ag feidhmiú mar ollamh taca i gColáiste na Tríonóide faoi láthair. Bhí léacht poiblí aige Déardaoin, ach faraor níor chuala mé faoi go dtí go raibh sé ró mhall. Tá píosa san Irish Times faoi rang a thug sé anseo. 

Duine féin oilte é - léitheoir fairsing agus leathan.

Táim féin gafa leis an Teascdhomhain ó chéad léigh mé na leabhra luath agus mé ar an Ollscoil (eile!).

N'fheadar an bhfoghlaimeoidh lucht an M.Phil uaidh? Deirtear go bhfuil trí ní nach féidir a fhoghlaim: fonn, féile agus filíocht. Ach cá bhfios nach nginfeadh a fhéile filíocht?

Blúirín: Shanghai cois Sionainne?

scéal san Irish Times inniu faoi ráfla atá ann le tamaill: go bhfuil dream fear gnó ón tSín ag caint ar chathair trádála a bhunú in Áth Luain. Chuirfidh sé sin corr suntasach i saol lár tíre na hÉireann; dream mór thar tír isteach lonnaithe ann. Gan amhras, níl ann ach leithéidí a rinne na hEorpaigh sa tSín san 19ú Céad; agus an Hanse thart ar muir Bhailt roimhe sin. Fiontraithe fiosracha ag feidhmiú mar droichead idir cultúir. D'fheadfadh sé bheith spéisiúil...

2010-11-05

Trí Aithne na Róbataice

  1. Ní ceadmhach do róbat duine daonna a ghortú, ná ligeann do díobháil tarlú do dhuine de bharr a easpa gnímh.
  2. Caithfidh róbat aon ordú a thugann duine daonna dó a chomhlíonadh, seachas má thagann sin salach ar an chéad aithne.
  3. Caithfidh róbat a bheithsine a chosaint, seachas má thagann an cosaint sin salach ar an gcéad nó an dara aithne.
Is mar sin a shainmhínigh Isaac Asimov na rialacha faoina fheidhmíonn na róbat gona inchinní posatrónacha ina chuid scéalta. Agus mé ag fás aníos, bhí cónaí orm gar don leabharlann agus do léigh mé an dúrud ficsean eolaíochta. Táim tar éis filleadh ar an nós sin le déanaí, agus ar scéalta Asimov.  Tá an díolaim gearrscéalta "The Complete Robot" díreach leite agam. Baineann na scéalta ar fad leis an teannas is féidir a chruthú idir an trí aithne thuas; le hamhras an chine daonna faoi a gcuid teicneolaíochtaí féin - an éifeacht Frankenstein; sa bharr ar sin eascraíonn uabhar sna róbat go minic as a dtuiscint go bhfuil siad níos cumasaí ar a lán bealaí ná na daoine daonna.

Fíonn sé scéalta go healaíonta as na comhábhair seo. I cuid mór de na scéalta sa leabhar seo, is í Susan Calvin, a tugtar róbaisíceolaí uirthi, an laoch. Braithim ana dháimh léi - go bunúsach is innealtóir í, ag dífhabhtú na róbat. I gcónaí is amhlaidh go bhfuilid ag feidhmiú díreach mar is ceart, ag leanúint orduithe neamhbheachta go cruinn, faoi anáil na haithne thuas. Bíonn, gan amhras,  iarmhairtí neamhbheartaithe i gceist, agus castachtaí ag eascairt as uabhair na róbat, agus luddachas nó fuath na daoine, a bhraitheann gur bagairt iad na róbat.

Ach éiríonn léi i gcónaí dul go croí na ceiste.

Is bean í i ngairm agus réimse ina bhfuil mná gann; léiríonn sé an chaoi a bhfeictear do na fir í bheith ar chuma éigin ar easpa banúlachta de bharr a héifeacht. Sin, monuar, léargas glé ar suíomh na mban san réimse innealtóireachta fós. Ní dóigh liom go raibh níos mó na duine nó beirt bean i measc mo chomhghleacaithe riamh.

Níl fhios agam cad a cheapadh mná faoi léargas a thugann sé uirthi; sílim áfach go léiríonn sé sna scéalta nach bhfuil an íomhá atá ag na fir di fíor.

2010-11-03

Blúirín: an dubh ina ghorm

suíomh nua ag an iris Comhar (agus foireann eagarthóireachta nua á earcú acu freisin).

Agus mé ag caitheamh súil air, tháinig mé ar an alt seo le Alex Hijmans maidir leis na dúshláin atá roimh an iriseoir Gaeilge atá ag cuir síos ar an gcoigríoch ó thaobh foclóra de. (Níl dóigh liom gur nasc buan atá leis an alt; beidh le feiceáil).
Giota as:
Moltar don té a dhéanann cáineadh réiteach a chur ar fáil, ach níl réiteach simplí ar shriantacht stór focal na Gaeilge. Is maith ann iad na háiseanna téarmaíochta ar-líne, ach is minic a thugann siad téarma duit atá cruinn agus ceart ach nach bhfuil sa chaint ("nuashonrú” in ionad "uasdhátú”) nó téarma atá chomh rúndiamhrach go mbeadh an Sfincs bródúil as – "réad eitilte gan aithint”. Anuas air sin tá claonadh stairiúil ag cainteoirí Gaeilge, muintir na Gaeltachta ach go háirithe, i gcoinne na nua-théarmaíochta ("Gaeilge na Leabhar.”) Focal deas nuachumtha é "brú-bhruthaire” ach ní fheicim bean tí i Ros Muc á úsáid nuair atá an pressure cooker á lorg aici. Ní dhéanann an nós seo saol an iriseora Ghaeilge níos éasca; go deimhin cuireann sé leis an bhfáinne fí ina bhfuil an teanga ó thaobh na nuathéarmaíochta de. An moladh is fearr atá agam – cé gur beag an cúnamh é – ná breathnú ar na srianta atá ag an teanga mar dhúshlán. Dúshlán do shamhlaíocht lucht a labhartha agus a scríofa. 
Beidh orm cupán cacó a ól, agus briosca cócó leis, agus mo mharana a dhéanamh ar ábhar a ailt!

Aguisín: Chinntigh mé mo thuairim gurbh UFO is ea  réad eitilte gan aithint ag Focal. Spreag sin mé le nasc anseo is ansiúd a chuir leis an mír seo.

2010-11-01

Lá na Naomh Uile

Íocón de na Naoimh Uile
Atá ann inniu, mar a thugann ainm Béarla Oíche Shamhna - Halloween = All Hallows' Eve - le fios.
Amárach comóradh na nAnamacha Uile, agus ar an 6ú Samhain tá Naoimh Uile na hÉireann.

 Am chuí is ea dúluachair na bliana chun cuimhneamh orthu siúd a d'imigh romhainn.