14 January 2011

Blúirín: Saoirse, fostaíocht agus dínit ar an mbealach don Túinéis?

Tá uachtarán na Túinéise díbeartha ag muirthéacht poiblí. Tá alt tuairimíochta spéisiúil in El Pais ar an gceist.

Ba mhaith an rud é daonlathas a bheith ag fás i dTuaisceart na hAfraice, dlí agus cirt in áit  ansmacht scothaicmí, dá mhéid tacaíocht is atá acu ón Iarthar.

Daonlathas agus riail an Dlí an t-aon bealach le síocháin a chothú; agus ní earra ceachtar acu sin ar féidr é bhrú ó lasmuigh; ní mór dó fás ó istigh.

Súil agam go bhfuil feabhas i ndán don Túinéis.

3 comments:

Mise Áine said...

Am crua orthu uilig sa tír sin i láthair na huaire. Go raibh síocháin ann go luath.

Néidí said...

Is catalaíoch é an Túinéis. Éigipt an chéad tír eile le léimt san Afraic Thuaidh,
Easpa bia is fostaíocht a chur tús leis

Dennis King said...

Éigipt an chéad tír eile

Ó do bhéal go cluas Dé!