11 January 2011

Conas Blag a shábháil

Conas Blag a shábháil

I mBlogger, pé scéal é
  1. Gabh isteach san "Dashboard"
  2. Roghnaigh "Settings"
  3. Brúigh ar an nasc "Export Blog". Sábhálfar an rud ar fad - tagairtí, teimpléid agus uile mar ollchomhad XML.
Is deacair ag duine an chomhad céanna a léamh, ach beidh gach rud ann: agus mar a fheictear thuas is féidir é a shú isteach arís i mBlogger. Is i bhfoirm téacs a bheidh aon téacs, mar sin is féidir féachaint ar an gcomhad le gnáth léitheoir téacs, nó le brabhsálaí agus giota a tharrtháil as.

Breis eolais sna comhad cabhrach, anseo:

4 comments:

Mise Áine said...

Beidh mé ag obair air sin, a Aonghuis.

Go raibh céad míle maith agat!

John said...

Maith thú, a Aonghuis. Ní bheidh an focal deireanach ag Google as seo amach!

Mise Áine said...

Déanta!

Nár laga do Ché tú, a chara. Táim buíoch as an eolas seo a fháil uait.

aonghus said...

Níl a bhuíochas ort.

Ar scáth a chéile a mhaireann na blagadóirí!