Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-01-20

An Dara Phoblacht

...atá de dhíth orainn.

Ba mhaith liom féin an saghas sochaí Críostaí a chuir C.S. Lewis síos air i "Mere Christianity" - obair fónta ag gach duine, maoin roinnte go cothrom, urraim ag dhaoine dá chéile agus d'údaráis dlisteanach. Ach Útóipe atá ansin, nach bhfíorófar go dtí gur naomh gach duine. Agus is minic na sochaithe is measa ann de thoradh iarrachta Útóipe a chuir i bhfeidhm. Rud is ea saoirse a chaithfidh gach glúin seilbh a ghlacadh uirthi í féin; ach is féidir le gach glúin túsphointe fiúntach a leagadh síos don gcéad glúin eile.

Is léir go bhfuil an chóras polaitíochta abhus, a chuir bunreacht 1937 i réim, creimthe ag faillí agus níos measa aos polaitíochta agus gnó na tíre. Feictear domsa go bhfuil cuid mhóir de locht as sin ar chóras na fuipeanna sna páirtithe polaitíochta, a fhágann forlámhas iomlán ag an bhfeidhmeannas ar an reachtas; droim ar ais ón gcaoi gur cheart do rudaí a bheith. Is mithid smionagar a dhéanamh de sin.

Creidim go bhfuil fiúntas le moladh pháirtí an Lucht Oibre go dtionólfaí Comhdháil Bunreachtúil; sílim áfach go mba cheart na cinntí ann a fhágann faoi comhalta roghnaithe ón bpobal amháin, seachas an trí trian a moladh. Bheadh sé tábhachtach freisin féachaint chuige go raibh na comhaltaí sin ionadaíoch ar an bpobal ar fad; gach aicme agus gné de, chun an tairbhe is fearr a bhaint as éagsúlacht dearcaí. Bíodh cead ag baill Oireachtais, "saineolaithe" agus go deimhin aon duine nó dream ar mian leo, moltaí a chuir faoi bhráid an Tionóil; ach bíodh an focal scoir ag an bpobal uilig i Reifreann.

Sílim go dtig linn foghlaim ó thíortha eile.

Seo na moltaí a bheadh agamsa:

Creidim fiúntas a bheith in san deighilt idir an Ceann Stáit (ionadaí an phobail go léir, ról neamhspleách ar pholasaí na bpáirtithe agus ar ghnó an lae) agus an Ceann Rialtais. 

Toghtar mar sin Uachtarán mar cheann Stáit, agus Taoiseach agus Tánaiste mar cheann Rialtas: é seo i dtoghchán ginearálta. Bíodh cead ainmniúcháin do cheachtar toghchán ag sciar den bpobal a leagfar síos le dlí - ní ag páirtithe amháin.
Bíodh sé de chead ag an Taoiseach Airí a roghnú de réir a gcumas don bpost - ach bíodh ar na hAirí seo, agus go deimhin Príomhfheidhmeannaigh agus araile na Forais Stáit, dul roimh Coiste Oireachtais a mbeadh cearta acu an cheapacháin a chros. Bíodh na cruinnithe seo oscailte don bpobal. 

Toghtar an Oireachtas a bheag nó a mhór mar a déantar anois; ach bíodh ceangal ar na baill gan a ladar a chuir isteach in aon ghnó de chuid saoránaigh, go dtí go mbíonn an ghnáth chóras imithe chun críche - tá na hIonad Faisnéise do Shaoránaigh ann do rud ar bith eile.
Bíodh na toghcháin agus na téarmaí don fheidhmeannas agus an reachtas éagsúil, chun deis a thabhairt don bpobal treo a athrú más gá.

Maidir leis an mBunreacht, bíodh cearta leathana ag an bpobal chun leasaithe agus reifreann a thionscnamh - agus ceangal dlúth a bheith ar idir feidhmeannas agus reachtas toil an phobail a chuir i bhfeidhm.

Flaitheas ag an bpobal, agus an reachtas agus feidhmeannas ag freastal ar. Agus an oiread agus is féidir de dhaonlathas díreach, móide Rialtas láidir áitiúil.

Agus sin mo r[e]acht go n-uige seo.