08 January 2011

Léirléamha iomarcacha

Pápa le Camauro. Bunaithe ar an íomha seo
[Peter Seewald] Labhraíonn Pápa freisin i ngothaí, comharthaí agus siombail. Tarraingíodh an-aird ar  roghnú an Camauro  - atá anois cáiliúil - mar ceannbheart geimhridh - sórt hata ard nár chaith aoinne ó Eoin XXIII.  An amhlaidh nach raibh ann ach feisteas faiseanta - nó arbh ráiteas maidir le athsheilbh ar sean foirmeacha profa san Eaglais a bhí i gceist?

[Benedict XVI] Níor chaith mé ach an t-aon uair amháin é. Bhí mé fuar, agus tá cloigeann goilliúnach agam. Agus dúirt mé, ós rud é go bhfuil an Camauro againn, caithfidh muid é. Ach ní raibh ann dáiríre ach iarracht an fhuacht a sheachaint. Ní dhearna mé ó shin é. Chun ná beadh léirléamha iomarcacha á scaipeadh.

(As Solas an Domhan, leabhar eile a fuair mé um Nollaig. An sliocht tiontaithe agamsa ón nGearmáinis). Tá ról deacair ag an bPápa; bíonn sé ag iarraidh teagasc measartha casta a chuir chun cinn, ach ní cloistear ach abairt fánach anseo is ansiúd as, curtha as a riocht de ghnáth. Agus ansin bíonn cad é caint faoina chuid éadaigh! Na bróga Prada, mar dhea.

2 comments:

Dennis King said...

Chonaic mé an hata sin air uair amháin i ngrianghraf. Shíl mé ag an am nach raibh ann ach “hata Santa” le haghaidh na Nollag.

aonghus said...

Chuaigh na grianghraif ar fud an Domhain, is léir. Bhí rogha leathan agam ar Wikipedia fiú.