15 January 2011

Túitríocht agus mallacht an Chiorcail

Ar mhaithe le stocaireacht a dhéanamh don gCiorcal Díospóireachta abhus, tá mo bharraicíní tumtha agam i mbóchna na túitríochta. Bhíos á sheachaint go dtí seo le leisce bheith súite isteach i bpoll ama eile; ach tá sé i gceist agam srian éigin a chóiméad air, ach an féinsmacht a bheith agam. Mar sin féin, ba dheas lucht aitheantais a bheith ann romham.


Is maith ann an gléas sin, ámh, agus caife eile a thaobhaíodh an Ciorcal imithe ar shlí na fírinne - cuireadh deireadh le conradh Eric i gCafé des Amis agus tá muid dá bharr gan ionad. Bainfidh muid triail as Café Sol ar Sráid Dawson dé Máirt.

Tá amhras ag teacht orm faoi thionchar an Chiorcail ar rath Caiféanna. Bhí muid i Café Trí-D ar dtúis, fiontar de chuid Gael-Linn. Dhún sé. Fuair muid tearmann i gCafé Úna in íoslach na Comhdhála; ach d'éirigh Úna as. (Cróthnáim fós an t-iasc bhlasta a d'íosfainn ann). Ansin ar aghaidh le go Café des Amis san Alliance. Agus anois, d'imigh sin....



Ar aghaidh linn, mar sin ...

5 comments:

Mise Áine said...

Go n-éirí libh, a Aonghuis.

Is dóigh liom, más rud go bhfuilimid ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don teanga, gur fearr barraicíní a thumadh i ngach meáinmhúir, le go mbeidh fáil ag daoine uirthi, mar theanga, is cuma ciorcal comhrá, blag,nuachtán, iris, raidío nó lucht teilifíse ag ceiliúradh, nó ag gnúisleabhairt/gnúislabhairt, fiú...;-)

Dennis King said...

Bhog muid ó áit go háit nuair a bhí ciorcal againn anseo i Seattle. Níor éirigh siad as gnó orainn, ach bhí muid de shíor ar thóir áit a bheadh sách ciúin, sách lárnach, le párcáil mhaith, agus gan a bheith chomh plódaithe nach mbeadh bord mór ar fáil dúinn féin.

Míshásta said...

In ainm Diúcs nílim in ann coimeád suas leis na blaganna go léir gan a bheith ag léamh saothar na twitterati leis.

Cad chuige 'ciorcal díospóireachta' i gcathair na Páile in aon chor?. Caitheamh aimsire le haghaidh anglafónaigh mheán-aicmeacha ag spalpadh Gaeilge lofa na scoile le foghraíocht áiféiseach Béarla-Ibeirneach. Bhuel sin é an tuairim a bheadh ag ár gcara ar Daltaí

aonghus said...

Meas tú? Tarlaíonn sé gur comhalta é féin....

An Cainteoir Dóchais said...

Is ionann an caife a dhaoradh chun báis agus ár gciorcal a lonnú ann! Tá trua agam do Chaife Sol cheana! ;-)

I ndáiríre, ceapaim go bhfuil Café des Amis le hathoscailt sul i bhfad, faoi bhainistíocht nua. Is cosúil go raibh tar éis titim amach idir fear an chaife agus móruaisle an tí (agus bhí an bua ag na móruaisle sin).

Aontaím leat maidir le Caife Úna. B'shin an t-ionad ab fhearr dá raibh againn go dtí seo.