30 January 2011

Vóta do gach saoránach?

Anois agus muid ar tairseach olltoghchán, tá ceist an vóta do Éireannaigh thar lear ina ábhar plé.
Airteagal 16 2° (i) Gach uile shaoránach, agus (ii) cibé daoine eile sa Stát a cinnfear le dlí, cibé acu fir nó mná, ag a bhfuil ocht mbliana déag slán agus ná cuirtear faoi dhícháilíocht le dlí, agus a chomhlíonann coinníollacha an dlí i dtaobh toghcháin comhaltaí do Dháil Éireann, tá ceart vótála acu i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.
Maíonn an dream atá i bhfabhar an vóta do imircigh go bhfuil an bunreacht ar a dtaobh. Ceist chigilteach atá ann de bhrí go bhfuil suas le trí milliúin saoránach Éireannach thar lear - rud a fhágadh leath den toghlach, geall leis, lasmuigh den dlínse.

Ní mór cuimhneamh go bhfuil dualgais chomh maith le cearta ag saoránaigh:
Airteagal 9 3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.
Is cuid den idirphlé ar an gceist seo an mana "Muna íocann siad cáin anseo, tuige a mbeadh vóta anseo acu?"; nó i bhfriotail eile, "tuige a mbeadh daoine nach bhfuil ag íoc cáin dteideal cinneadh a dhéanamh conas a chaitear an cháin is gá domsa íoc?"

Chaith mé féin leath-scóir bliain ar imirce, agus an uair sin bhí mé den tuairim nach mbeadh sé cóir go mbeadh vóta agam i dtoghcháin in Éireann, toisc gur beag tionchar a bheadh ag an Rialtas ann orm. Táim ar mhalairt tuairime anois.

Feictear dom go bhfuiltear ag baint feidhm comhfhiosach as an imirce mar chomhla sceite chun an brú san tír i leith athnuachan a laghdú. Ní chun leasa na tíre sin.

Mar sin, táim i bhfabhar leasú ar an pointe seo. Is é mo thuairim féin go mba cheart do dhuine a tá thar lear bheith i dteideal vóta poist in san ceantar toghcháin is déanaí a raibh sé nó sí cláraithe. Bheadh gá le socruithe ar leith, gan amhras, do na saoránaigh siúd nár chónaigh sa dlínse riamh - go hairithe muintir na sé contae.

Ní fhios agam go baileach conas a b'fhéidir nasc le hÉireann a chruthú; ach táim den tuairim go mbeadh duine a bheadh vóta faoi na coinníollacha sin á fheidhmiú aige nó aici ag glacadh páirt in imeachtaí a gceantair dúchais.

Dála an scéil, ní dhéanfainn talamh slán de gur chun sochair don eite chlé a rachadh an socrú - feictear dom go bhfuil mórchuid den dream a chuaigh thar lear fós fréamhaithe san aisling buirgéiseach, agus gur mar sin a gcaitheadh siad a gcuid vótaí!

6 comments:

Néidí said...

Táim buartha faoi d'alt deireanach. Ní bhíonn a fhios againn riamh conas atá duine chun vóta a chaitheamh ach ní féidir cosc a chur orthu díreach mar nach bhfuil a fhios agat conas atá siad chun a vóta a chaitheamh

aonghus said...

Aontaím go hiomlán leat! Ní raibh mé ach ag cuir in iúl smaoineamh a rith liom san comhthéacs seo.

Mise Áine said...

Bheadh sé suimiúil, dá dtarlódh sé, a Aonghuis, bheadh an modh oibríochtúil níos suimúla, agus bheadh na torthaí níos suimiúla fós. Beidh le feiceáil...

SeanO said...

An Vóta

Sa chás seo, is cuma cad a deir an Bhunreacht, mar sé a déarfadh móramh de mhuintir na tíre agus iad ag meá na ceiste “Mura n-íocann tú cáin ioncaim nó cáin bhreisluacha do Rialtas na hÉireann, ní bheidh an vóta agat,” agus d’aontóinn leo, céad faoin gcéad. Is raiméis é a rá go seolann ‘An Rialtas’ daoine thar lear ceal oibre agus dá bharr sin go bhfuil an vóta tuillte acu.

Dul thar lear, mar a rinne féin, sin cinneadh a dhéanann daoine agus iad beag beann ar rialtas ar bith. Im chás féin, ní hé nach raibh post ar fáil dom in Éirinn. Bhí rogha de chúpla post agam, ach chinn mé gan glacadh leo mar ba é mo bharúil nach raibh an ‘todhchaí ghairmiúil’ iontu, do mo leithéid pé ar bith é.

Fr Seán Coyle said...

Sa díospóireacht faoin vótáil d’Éireannaigh thar lear ní cheart daoine a bhfuil vóta acu ins na tíortha ina bhfuil said ina gcónaí, msh, an Ríocht Aontaithe, a chur san áireamh ar chor ar bith. Tá mise i mo chónaí ins na Filipíní an chuid is mó den am ó 1971 anuas ach níl vóta agam fiú amháin i dtoghcháin áitiúla anseo. Ach is féidir le saoránaigh de na Filipíní atá ina gcónaí in Éirinn vóta a chaitheamh ins na toghcháin áitiúla ansin agus fiú bheith ina n-iarrthóirí. Níl fadhb agam le sin.

Ach d’fhéadfaí an vóta a thabhairt do dhaoine mar mise ins na toghcháin le haghaidh Uachtarán. Ní ball den rialtas an tUachtarán ach siombal beo de mhuintir na hÉireann.

aonghus said...

Is ball den reachtas (Dáil, Seanad, Uachtarán) í.

Ach ba thús sin, cinnte.