09 February 2011

Beirt Uachtaráin

San Áras ar Lá mo Chéad Comaoinigh
Mac mic deirféar mé le Cearbhall Ó Dálaigh, 5ú Uachtarán na hÉireann, a rugadh cothrom an ama seo céad bliain ó shin. B'shin an toisc go raibh mé i láthair aréir, nuair a seoladh eagrán cuimhneacháin d'Iris Cumann Staire Bhrí Chualann. M'athair - a bhfuil alt leis ann - a sheol: ach ina dhiaidh sin tháinig Uachtarán reatha na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa i láthair.
Agus bí cinnte go raibh sí i láthair! Thug sí ana aitheasc ar fad - ag tabhairt a cheart do Bhré, do staid reatha na tíre, do Chearbhall féin, don tréimhse corraitheach staire inar mhair sé, don méid a bhfuil bainte amach ag Éire ó shin. Bhí dlúthbhaint ag na trioblóidí, a phléasc ar lic an doras aici féin in Ard Eoin sna 1970í, le éirí as oifig Chearbhalil. Agus bhí naisc phearsanta aici le Bré, ó tharla go raibh deartháir léi a bhí bodhar, sáinnithe san scoil i Steach Lorgáin. Thugaidís cuairt air, agus thugadh amach go Bré é, áit a raibh dúil fiáin aige i sceallóga. Mar sin, an comhartha atá acu age baile do Bhré, is ionann é agus a gcomhartha do sceallóg! Caint mhisniúil, spreagúil, iontach. Agus cé go raibh nótaí ós a comhair, ní bheadh fhios agat é - bhí an cuma uirthi go raibh sí ag labhairt gan taca. D'fheadfadh cleas na Dála ceacht nó dhó a fhoghlaim uaithi!

Is beag mo chuimhne phearsanta ar Chearbhall.

Mar a léiríonn an ghrianghraif thuas, bhíomar in Áras an Uachtaráin ar an lá a ndearna mé mo chéad chomaoineach. Más buan mo chuimhne, bhronn mé tírdhreach a rinne mé féin air. (Le bheith ionraic - i mo lámha a bhí an scuab ceart go leor; ach ba intinn mo mháthair a stiúir!) Is cuimhin liom an Aide de Campe ag taispeáint blúirín den nGealach dom a bhí bronnta ar an Uachtarán.
Is cuimhin liom, nuair a chinn sé éirí as, go raibh máirseáil agóide againne, na páistí, san seomra suí sa bhaile, ag guí bá agus bascadh ar Fhine Gael! Ní dóigh liom go bhfuair muid aon spreagadh ar leith chuige sin!

Is cuimhin liom freisin freastal ar an sochraid san tSnaidhm.

Eachtra ab ea é, an uair sin, an tír a thrasnú sa charr; cuir fúinn i dteach lóistín san Choireáin, agus freastal ar an sochraid. Is beag mo chuimhne ach go raibh sé ag stealladh báistí; na hoifigigh airm faoine gcótaí móra fliucha gona claimhte fán tslí chun na reilige; agus an gheit a bhain an cúirtéis míleata asam - torann a stróic an spéir arís. Ní fhaca mé mórán - mé ceilte i mothar choill scáthanna báistí na daoine fásta thart orm.

Fear beag a bhí ann; ach fathach fir mar sin féin, i réimse an Dlí, mar a mheabhraigh a chomharba dúinn aréir.

Ar dheis Dé, i bhfochair a mhnaoi dílis Máirín, go raibh a ainm uasail anocht.

7 comments:

Mise Áine said...

Áiméan.

@ 'Mac mic deirféar'

Aiféala orm, a Aonghuis, ach cén gaol é sin a bhí aige leat - seanuncail an ea?

Nach deas cuimhní cinn mar iad a bheith ag daoine! Go raibh maith agat, as ucht iad a roinnt linn, a chara.

ormondo said...

Dar mo chonsias, a Aonghus, is scéal suimiúil an méid sin!

Is cuimhin liom go cruinn an gheit a bhain éirí as oifig Chearrbhaill Uí Dhálaigh as an bpobal. Cuireadh an locht ar an rialtas. Níor mhaith go leor daoine don chomhrialtas an drochchaoi ar chaitheadar leis an Uachtarán agus bhí sin ar na cúiseanna ba mhó ar chaill an comhrialtas an t-olltoghchán chomh tubaisteach céanna an bhliain dar gcionn.

Ba thrua nár mhair uachtaránacht Chearrbhaill Uí Dhálaigh níos faide ná a mhair sé.

Tá súil agam nach dtiocfaidh cearthaí ar Fhine Gael an babhta seo nuair a bheidh siad i mbun an rialtais agus nach gcaillfidh siad guaim orthu féin agus iad faoi bhrú - mar is faoi bhrú mór a bheidh siad - faoi mar a tharla sna seachtóidí.

Dennis King said...

An-scéal, a Aonghuis. Cé hiad atá sa phictiúr, ó chlé go deas?

aonghus said...

cén gaol é sin a bhí aige leat - seanuncail an ea?

Sea. Deartháir le máthair m'athair.

Ó Clé go deas (ball teaghlaigh liomsa ar fad):
Oisín, mé féin, Cearbhall, mo mháthair, Cormac, m'athair, Aoife.

aonghus said...

Maidir le Fine Gall agus brú: ní tuar ró mhaith leibideacht Enda Kenny maidir le bheith faoi agallamh/chathaoirleacht Vincent Browne.

Agus is eagal liom gur pusacháin Taoisigh atá i ndán dúinn.

ormondo said...

"Agus is eagal liom gur pusacháin Taoisigh atá i ndán dúinn."

Is ar éigean a chreid mé cad a bhí ag titim amach maidir leis na díospóireachtaí - ní dea-chomhartha é ar chor ar bith.

Seán said...

Cá bhfuil an fhéasóg? :)