Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-02-17

Imbolc 2011: Frank Allen "an ndearnadh é seo cheana?"

Ba é Frank Allen, príomhfheidhmeannach an Gníomhaireachta um Fháil Iarnród a chuir tús le himeachtaí Imbolc i mbliana.

Caint thar a bheith spreagúil, bunaithe ar a thaithí féin, a thug sé, ag plé leis an riachtanas atá ann obair an earnáil phoiblí a athrú ó bhonn. B'é an idéil a chuir sé ós ár gcomhair ná an meon a thug ar fhoireann an GFI dhul amach ag sluaisteáil sneachta d'fhonn an Luas a choinneáil ag imeacht le linn an sneachta. An meon a dhíríonn ar an sprioc. Meon a dtug sé "meon bainistíochta" air, i gcodarsnacht leis an "meon comhlíonta" atá forleathan. An meon comhlíonta úd a chuireann na ceisteanna "an ndearnadh é seo cheana?" agus "ar leanadh an próiseas cuí?" ach nach gcuireann an cheist "An bhfuil seo ag feidhmiú mar is ceart?". Ar mó aige an páipéir ná leas an phobail.


Gan amhras, ní leis an earnáil phoiblí amháin a bhaineann an cheist seo - go minic is ón earnáil pobail agus ó shaoránaigh a thagann an brú a fhágann an earnáil phoiblí aireach, cúramach, páipéireach. Is iomaí beartas a bádh in athbhreithniú dlíthiúil i ndiaidh a chéile. Chuir sé ar ár súile go mbíonn ana airgead agus acmhainní á chuir isteach i leithéidí ráiteas tionchar timpeallachta - airgead agus acmhainní a d'fhéadfaí úsáid ar mhaithe leis an dtimpeallacht seachas ag marú crainn chun tuarascáil túr doléite a chuir ar fáil, ar mhaithe le cosc a chuir ar aon dlíodóir glic bearna nó lúb ar lár a aimsiú le stop a chuir le beartas.


Eachtra a chuir imní orm ná an méid a bhí le rá aige faoina iarrachtaí dul chun cainte le eagraíocht phobail amháin (nár luaigh sé a ainm), ar mhaithe le dul i ngleic lena gcúiseanna imní ag an staid pleanála de thogra. Luíonn sé le réasún gurbh é sin an t-am chun feabhas a chuir ar chúrsaí - ar chostas íseal, agus go deimhin de ghnáth tá rudaí indéanta ag an staid sin nach bhfuil indéanta ina dhiaidh, cuma cén costas a chaitear air. Ach tugadh droim láimhe glan dó ina iarrachtaí. Sin feall, dar liom.


Tá sé feicthe againn le blianta anuas go bhfuil acmhainní á chuir amú agus moill thar na bearta ar bheartais. Cuid lárnach den cúis leis seo ná an meon comhlíonta seo - agus freisin an meon a fhanann go dí go mbíonn rud tógtha, nó geal le bheith, chun clamhsán  faoi seachas dul i ngleic leis na fadhbanna agus ábhar imní go luath.



Aguisín
Gné dá chaint a d'fhág mé ar lár níos luaithe ná dhá gníomh a chuir bród air atá curtha i gcrích ar an Luas. Ceann acu, ar iarratas, ná feidhm a bhaint as an closchóras lúb ionduchtúcháin chun eolas a chuir ar fáil dóibh siúd le deacrachtaí clos. Ceann eile, ná breis a chuir le tairseach an Luas chun an baol a sheachaint go rachadh an roth bheag atá ar chathaoireacha rotha i bhfostú sa bherana idir tram agus cosán. Luaigh sé an dá rud seo mar shamplaí de conas freastal i gceart ar sciar - beag go leor ach tábhachtach - den phobal. D'éist siad lena gcustaiméirí, agus ghníomhaigh siad. Mion rudaí, ach tábhachtach.


Caint iontach. Mo mholadh don gcéad Taoiseach eile - cur an fear seo i bhfeighil ar an athnuachan atá de dhíth ar an earnáil phoiblí! Tá cinnireacht de dhíth. Seo ceannaire le fís, flosc agus fonn. Is méanar don GFI!