Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-02-15

Imbolc cois Suláin

B'fhiú an moch éirí a tharraing mé orm féin (agus cara liom) chun dul ó dheas chuig Imbolc de Satharn seo chaite. Bhí an ócáid ar siúl san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne. Tá amharclann ana dheas ansin, agus is ar an stáitse (nach ardán atá ann) a bhí na cainteoirí - agus pobal éisteachta sna suíochán. Bhí taifeadadh ar siúl le linn na hócáide, agus glacaim leis go mbeidh na cainteanna ar fáil mar fhíseáin arís i mbliana.  Tá ana chreidiúint ag dul do Bhernice agus Tomás a d'eagraigh an ócáid (móide béile sa Mhuileann ina dhiadh).


Tá sé i gceist agam breis a scríobh faoi na cainteanna amach anseo - bhain mé tairbhe agus spreagadh as achan ceann acu, agus lón machnamh agus misnigh freisin.

Slua maith i láthair - agus iontach an méid daoine a bhí (a) níos óige ná mé, agus (b) nárbh Gaeilgeoirí gairmiúla iad. Go deimhin, is cosúil go raibh níos mó mná arbh innealtóirí iad i láthair ná mar atá feicthe agam in aon tionóil eile!

Tá dóchas agam go rachaidh an imeacht neamhghnách seo ó neart go neart amach anseo, agus go mbeidh dea-thorthaí as san iliomad réimse.

Imbolc - TED na Gaeilge! Gaois á roinnt as Gaeilge, gan a bheith faoin nGaeilge.