05 February 2011

An tSeanmóir ar an Sliabh: Na Biáide, mar Wordle

Chuir Áine ceist thall tí Dennis maidir le fiúntas an chluiche foclach seo. Domhsa, níl ann ach cluiche - ach léiríonn sé ar dóigh deas minicíocht focal áirithe i dtéacs. Tá bealaí níos simplí ann le sin a iniúchadh, gan amhras. Ealaín don té, fearacht mise, nach bhfuil an teicnic aige. Píosa spraoi, fearacht na codach a phlé E thall.

4 comments:

Mise Áine said...

Bréagáin do bhuachaillí, an ea...:-)

Tá cuma deas air, gan dabht.

aonghus said...

Cá mbeimis gan iad!

ormondo said...

Ach má dhéantar anailís air bheadh baol ann go gcuirfí léirléamh aisteach air: "Mar is méanar dóibh lucht an óir." ;-)

aonghus said...

Óir chífidh siad bríonna nach ann dóibh....