Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-03-06

An buachaill ón saol eile

Bhíos, mar a dúirt, sa chathair inné, chun éisteacht le Alex Hijmans á chuir faoi agallamh ag Cathal Póirtéir. Duine tar a bheith spéisiúil is ea Alex.  Bhuail mé le duine spéisiúil eile ar mo bhealach ann - Scott. Ba dheas an deis a fháil éisteacht le hAlex i gcomhluadar comhbhlagadóra!
Sciob mé teideal na míre seo ó rud a dúirt Alex le linn an agallaimh - gurbh é "An buachaill ón saol eile" a thugann deartháir a nuachair air; fear arbh sagart Candomblé é. Feileann an teideal d'Alex feictear dom in a lán bealaí. Fiú sular thug sé aghaidh ar an mBrasaíl, feictear dom go raibh sé ag tabhairt tuiscintí as saol amháin isteach i saol eile. Fear aerach ón Ísiltír, ag reáchtáil caifé1 - Bananaphoblacht - i nGaillimh in diaidh dó theacht ar bhliain Erasmus anseo chun Gaeilge a fhoghlaim. Tá máistreacht sa Ghaeilge bainte amach aige ó shin ina chuid iriseoireachta; agus anois tá úrscéal óna pheann againn. (Scríobh sé dráma cheana, Aingilín, ach ní raibh deis agam é fheiceáil).
Saoire abhus a spreag a shuim sa Ghaeilge an chéad lá riamh. Níor luaigh sé inne é, ach is cuimhin liom alt leis a léamh inár chuir sé síos ar an Synesthesia a fhágann gur mar dathanna a chíonn sé litreacha;agus go raibh litreacha na logainmneacha suntasach dó dá réir. Is méanar dúinn gurbh amhlaidh a bhí, agus gur thóg sé frídín na Gaeilge. Is iomaí léargas spéisiúil a fuair muid óna pheann iriseoireachta ó shin. Phléigh Cathal cúlra Favela leis - an leabhar a scríobh sé ar a shaol lena leannán Nilton sa Bhrasaíl, agus go háirithe an manglam creidimh, ina measc an Candomblé, atá i gceist le taithí spioradálta a chlainne thall. Thug Alex meafar mhaith dúinn - meafar an chíste le sraitheanna de chomhábhair éagsúla. Cé gur duine é féin nach ngéilleann - san Iarthar - do chreidimh ar bith, glacann sé leis an tuiscintí a eascraíonn astu faoi fhéin mar thuiscintí síceolaíocha. An nasc le orixa (spiorad) na Mara, mar shampla, a mhaíonn a chairde sa Chandomble a bheith aige, agus atá ag teacht lena mhothú fhéin go bhfuil sé riachtanach dó bheith gar don fharraige i gcónaí. Mar a bhí i nGaillimh agus mar atá i Salvador. Pléadh an úrscéal Aiséirí ansin; rún agam filleadh ar sin anseo ach deis a bheith agam é léamh.
Bhí deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chuir ansin. Chuir Liam Carson ceist air faoi cén teanga ina mbíonn sé ag smaoineamh. Bhí a fhreagra ag teacht leis an fhreagra a bheadh agamsa - is in íomhánna a bhíonn sé ag smaoineamh; agus brionglóid déanta aige i ngach ceann de na teangacha atá aige.

Bua atá ag saol na Gaeilge gur féidir liomsa, Caitliceach caomhach, bheith i mo shuí in aice le hiriseoir spleodrach aerach (Scott) ag éisteacht le Ísiltíreach Domhanda ag tabhairt léargas as an gnách ar an saol. Cuir leis sin go raibh muid inár suí san áit a mbíonn na comhairleoirí cathrach ag allagar de ghnáth. (Le teann mioscais dúirt mé le Scott go rabhamar inár suí ó dheis ó shuíochán an chathaoirligh - níos feiliúnaí domhsa ná dó?)  Gura fada buan iad beirt ag roinnt léargas eile ar an saol orainn.


1 Nod libh: Táim ag leanacht an idirdhealú a rinne sé ina úrscéal idir caifé (ionad) agus caife (deoch). Forbairt teangain arís uaidh!