Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-03-06

Manglam Ardchathrach

Fógra i siopa trádáil cothrom
Chaith mé an cuid is mó den lae inné i lár na Cathrach, rud is annamh dom a dhéanamh. Ar maidin bhíos ag freastal le m'iníon ag grúpa Tuistí is leanaí de chuid Comhluadar a bhí ar bun i halla Foras na Gaeilge. Ina dhiaidh sin thug mé í chuig teacht mo mhuintire i Tír an Iúir. Bhrostaigh mé ar ais go lár na Cathrach, bhí fúm éisteacht le Alex Hijmans á chuir faoi agallamh ag Cathal Póirtéir. Thapaigh mé an deis bualadh isteach chuig siopa an Chonartha leis an úrscéal nua le Alex a cheannach. Caithfidh mé a rá go bhfuil cuma maith ar áit, athchóiriú déanta ar na leabhair agus fógraí crochta ar na rannóga. Ní raibh deis agam féachaint i gceart air mar nach raibh ann ach an t-aon freastalaí amháin, agus deabhadh chun lóin air!
Fógraí lasmuigh de Halla na Cathrach
Ach fuair mé an leabhar agus cóip de Comhar faoi na heagarthóirí nua. Is fada ó shiúl mé síos Sráid Grafton ar Satharn. Is cuimhin liom an Diceman ó mó dhéaga - tá scata oidhrí aige anois. Bhí cuid nach bhfuil thar moladh beirte, ach bhí dealbh beo práis amháin ann, agus fear a bhí ag seasamh gan bhogadh ach go raibh an chuma air go raibh sé ar rith suas an bhóthar. Bhí ceoltóirí riamh ar Sráid Grafton, ach tá oirfidigh ó gach cuid den domhain ann anois. Gné nua (domhsa) - bhí scata fir ag pointí éagsúla agus deilbh gainimh - de mhadraí - múnlaithe acu. Fán mbealach thug mé an fógra úd thús faoi ndeara. Is breá liom a leithéidí de gníomhaireacht (saor ó dheontas?) a thabhairt faoi ndeara (ach níor cheannaíos aon tae an uair seo). Thug mé fógraí nua turasóireachta faoi deara sa chathair - cinn a thugann a ceart don Gaeilge, atá chomh soléite (nó níos soléite) ná an Béarla. Istigh sa Halla bhuail mé le Michael O'Brien ó Cló Uí Bhriain - comharsan liom i bhfad siar agus aithne agam ar a mhac Ivan atá anois ina bhainisteoir ar an gCló. Agus muid ag caint luaigh sé go mbíonn díol chomh maith céanna ar a gcuid leabhair as Gaeilge do leanaí agus as Béarla; ach nach bhfuil teacht acu ar údair do dhéagóirí! Agus mé ag seasamh thart sa Halla i measc na Leabhair le Scott (breis faoi sin ar ball) chuir bean ceist orainn maidir le leabhar de chuid Futa Fata - Eileanór an Eilifint Éagsúil. Ní raibh Gaeilge aici féin, ach má thuig mé i gceart í bhí Gaeilge ag deirfiúr an páiste a raibh sí ag ceannach an leabhar di. Seo ceann de na leabhair a thaitníonn le m'iníon, agus CD gleoite snasta ag dul leis. Bhí ar mo chumas freagra dearfach a thabhairt di mar sin. Ritheann sé liom gurbh é sin cuid den fhreagra maidir le díolaíocht leabhair Gaeilge do leanaí - agus freisin go bhfuil breis margaíochta le déanamh as Béarla! Chonaic mé freisin go bhfuil leabhar nua ag an tSnáthaid Mhór - Mac Rí Éireann. Tá ag teip orm teacht ar aon eolas ar líne faoi áfach, agus is cosúil go bhfuil suíomh s'acu - a bhíodh ag http://www.antsnathaidmhor.com/ ar lár.
Beidh breis le rá agam ar ball faoi bhualadh le Scott agus éisteach le Alex. Ach an faill a bheith agam, bheadh breis ama caite agam ag an bhFéile. Ag éisteacht le Proinsias, i measc rudaí eile. Ach cúraimí, cúraimí...