01 May 2011

Beatus Ioannes Paulus II

Inniu Lá Bealtaine. Féile San Seosamh, Oibrí. Tús mí ina gcuimhnítear ar Mhuire. An dara Domhnach den Cháisc - Domhnach a roghnaigh Eoin Pól II mar Domhnach na Trócaire Diaga.
Lá cuí ar a lán bealaí mar sin chun an searmanas beannaithe dó a bheith ann; rud ar tharraing an Pápa aird ina aitheasc ar.

Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. (Mth 16:18)
Roghnaíodh Karol Józef Wojtyła, an fear ón dtír i gcéin mar a dúirt sé féin leis an bpobal ar an oíche a toghadh é, mar chomharba ar Pheadair ar an 16ú Deireadh Fómhair 1978. Uaidh sin go dtí a bhás ar an Satharn, an 2ú Aibreáin 2005: Oíche Féile na Trócaire Diaga, bhí sé ina charraig don Eaglais.

Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: “A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?” “Sea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan m’uain a chothú.”Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” “Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.”Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.” (Eoi 21:15-17)

An cothú atá de dhíth ar pobal Dé ná teagasc: sin ról an Phápa: ról a chomhlíon Eoin Pól II ar bhealach nua - tríd an Pápacht a thabhairt amach as an Róimh, ag taisteal na cruinne ar shlí nach ndearna Pápa roimhe. Rinne sé na gnáth rudaí freisin: ag tabhairt aithisc, cainteanna agus caiticéis. Maireann na scríbhinní seo, agus is síol iad a mbeidh fómhair air amach anseo.  Labhraítear ar ghlúin sagairt agus creidmhigh óga a chothaigh sé mar "Ghlúin Eoin Pól II"

Maidir liom féin, tá dornán cuimhní agam ar Eoin Pól II, agus cuid dá shaothar léite agam agus ar mo leabhragáin. Bhíos i bPáirc an Fhionnuisce i 1979, cé gur fánach na cuimhní atá agam ar an ócáid sin. Um Cháisc 1985 bhíos sa Róimh; tá cuimhne glé agam ar Aifreann na Bigile is mBaisleac Pheadair: an bomaite cumhachtach nuair a scaip solas nua na Cásca tríd an Eaglais dorcha - agus ansin lasadh tobann na soilse móra. Bhí mé sa staid Oilimpeach i mBeirlín i 1996

Spreagadh atá sa bheannú seo inniu dom chun féachaint siar ar chuid dá bhfuil scríofa aige.

“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
(Mth 10:28)

7 comments:

SeanO said...

Táim idir dhá chomhairle i gcás E-P II. Gan dabht ar bith, b’fhear thar a bheith cróga é, duine a chonaic deireadh an dá dheachtóireacht ba mheasa lenár linn. Thug sé dúshlán ceann díobh agus chonaic a choscairt. Thug sé a bheatha leis ón gceann eile. Níl aon mhíshuaimhneas agam maidir lena thábhacht gheo-pholaitiúil. Sa réimse sin dá shaol b’fhathach é.

Is i gcás a cheannas ar an Eaglais, an tslí a láimhseáil (nó a mhíláimhseáil) sé an scannal faoi mhí-úsáid leanaí, an tslí inar chosain sé bunaitheoir Léigiúnaithe Críost agus, im thuairimse, an rud ba mheasa a rinne sé, an cineál rogha a rinne sé agus é ag ceapadh easpag. Dílseacht (do litir an dlí/teagaisc) agus ceartchreidmheacht, ba iad sin a shlat tomhais, seachas éirim agus naofacht. Tá a shéala sin ar an Eaglais faoi láthair agus beidh go ceann i bhfad.

Arbh fhear naofa é? Creidim gurbh ea. Arbh thréadaí maith é? Creidim nárbh ea.

aonghus said...

Ní dóigh liom go bhfuil aoinne ann ar dóigh leis gurbh bainisteoir mhaith é; ach tá níos mó ná bainsitíocht i gceist le Tréadaí.

Sílim go bhfuil luach fós ceilte ina theagasc a thiocfaidh chun solais amach anseo.

Is mór an trua gur éigigh le Maciel dallamullóg a chuir air: ach ní dóigh liom go bhfuil aon duine a deir go raibh ciontacht EP i gceist leis sin seachas ró shointeanteacht.

Chífidh muid.

SeanO said...

Dá mba Maciel amháin a bhí i gceist, seans go n-aontóinn leat. Ach, mo léan, níorbh ea, ach rogha seachanta thar rogha airdeallach, b’in a nós. A leithéid cloiste agam im óige ó aintín liom, bean a raibh an paidrín i gcónaí le feiceáil ina glac, “Never say or listen to anything bad about Father,” agus ní a hathair féin a bhí i gceist aici.

aonghus said...

Do luaigh mé Maciel toisc go raibh teagmháil díreach aige leis. Don gcuid is mó, is ag leibhéal níos ísle a tharla an loiceadh; de bharr nár cuireadh an t-eolas roimhe.

Ceist pianmhar, chasta.

Pé ar bith é; is an fear naofa atá i gceist leis an mbeannú - ní an tréimhse oifige.

Le cúnamh Dé scuabfar amach go maith an áit anois, agus beidh aoirí againn atá idir naofa agus ar maos san teagasc chruinn ceart tairbheach!

SeanO said...

"Don gcuid is mó, is ag leibhéal níos ísle a tharla an loiceadh; de bharr nár cuireadh an t-eolas roimhe," dar leatsa.

"The buck stops here." mar fhreagra uaimse.

aonghus said...

Tá sin ann gan amhras, mar atá á léiriú ag an bhfear atá ann anois.

Sí an cheist ná an raibh sé ciontach nó ró lách.

Ró lách, dar liom.

Seán said...

Tairgim seasamh difriúil anseo, anseo, agus anseo. Pax tecum.