Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-05-01

Beatus Ioannes Paulus II

Inniu Lá Bealtaine. Féile San Seosamh, Oibrí. Tús mí ina gcuimhnítear ar Mhuire. An dara Domhnach den Cháisc - Domhnach a roghnaigh Eoin Pól II mar Domhnach na Trócaire Diaga.
Lá cuí ar a lán bealaí mar sin chun an searmanas beannaithe dó a bheith ann; rud ar tharraing an Pápa aird ina aitheasc ar.

Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. (Mth 16:18)
Roghnaíodh Karol Józef Wojtyła, an fear ón dtír i gcéin mar a dúirt sé féin leis an bpobal ar an oíche a toghadh é, mar chomharba ar Pheadair ar an 16ú Deireadh Fómhair 1978. Uaidh sin go dtí a bhás ar an Satharn, an 2ú Aibreáin 2005: Oíche Féile na Trócaire Diaga, bhí sé ina charraig don Eaglais.

Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: “A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?” “Sea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan m’uain a chothú.”Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” “Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.”Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.” (Eoi 21:15-17)

An cothú atá de dhíth ar pobal Dé ná teagasc: sin ról an Phápa: ról a chomhlíon Eoin Pól II ar bhealach nua - tríd an Pápacht a thabhairt amach as an Róimh, ag taisteal na cruinne ar shlí nach ndearna Pápa roimhe. Rinne sé na gnáth rudaí freisin: ag tabhairt aithisc, cainteanna agus caiticéis. Maireann na scríbhinní seo, agus is síol iad a mbeidh fómhair air amach anseo.  Labhraítear ar ghlúin sagairt agus creidmhigh óga a chothaigh sé mar "Ghlúin Eoin Pól II"

Maidir liom féin, tá dornán cuimhní agam ar Eoin Pól II, agus cuid dá shaothar léite agam agus ar mo leabhragáin. Bhíos i bPáirc an Fhionnuisce i 1979, cé gur fánach na cuimhní atá agam ar an ócáid sin. Um Cháisc 1985 bhíos sa Róimh; tá cuimhne glé agam ar Aifreann na Bigile is mBaisleac Pheadair: an bomaite cumhachtach nuair a scaip solas nua na Cásca tríd an Eaglais dorcha - agus ansin lasadh tobann na soilse móra. Bhí mé sa staid Oilimpeach i mBeirlín i 1996

Spreagadh atá sa bheannú seo inniu dom chun féachaint siar ar chuid dá bhfuil scríofa aige.

“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
(Mth 10:28)