30 May 2011

Cré an Ríomhchláraitheora

Mura bhfuil sé tógtha, ní thiomsóidh sé;
Mura bhfuil sé rite, ní rithfidh sé;

Mura bhfuil sé profa, ní oibreoidh sé;
Murar baineadh feidhm as, níl sé ceart;
Mura bhfuil sé sa chóras leaganacha, ní ann dó;
-

Agus mura clamhsán déanta ag duine éigin faoi, níl sé in úsáid!

(Tiontaithe ó leagan a fuair mé ar líne; lá de na laethanta sin atá ann, nuair a chuireann mo ghairm méid áirithe frustrachas orm! An t-íomhá thall Der Zweifler le Ernst Barlach)

7 comments:

Mise Áine said...

Fadhbanna agam féin le mo bhlag, a Aonghuis, gan mé in ann trácht a fhágáil ar aon bhlag eile le cúig lá anuas.

Promhadh tráchta atá anseo uaim, go bhfeice mé an oibreoidh mo thrácht, an geábh seo!

Mise Áine said...

Wúhúúúú!

aonghus said...

Fáilte ar ais!

Mise Áine said...

Níl mé in ann trácht a fhágáil ar mo bhlag féin, ná ar aon bhlag eile fós, a Aonghuis!

Tuilleadh imscrúdaithe le déanamh agam...

aonghus said...

Tá sé sin aisteach! Tá sé aisteach freisin gurbh ó do sheoladh rphost seachas ó bhlogger a tháinig a fógra gur fhág tú trácht. Nod ansin b'fhéidir? B'fhiú logáil amach as gach rud agus tosú arís?

Mise Áine said...

Gach rud déanta agam, ach níl sé ag obair fós. Beidh le feiceáil...

An Cainteoir Dóchais said...

An-deas!