Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-05-02

Is cibearg gach duine againn!

In diaidh dom alt Kevin Warwick a léamh san Irish Times dé hAoine threisigh ar m'fhonn cuairt a thabhairt ar an taispeántas Human+ san Dánlann Eolaíochta. Bhí na fógraí suntasacha feicthe roimhe agam. Maidir le Warwick, bhíos ag caint dá chuid roinnt blianta ó shin; agus bhí sé ar an bport céanna an uair úd. Shíl mé an uair úd, agus sílim fós gur bladhmann a bhí i gceist agus nach bhfuil fíor comhshamhlú mar a mhaíonn sé idir inneall agus duine i gceist. (Sin uaidh duine a chaitheann spéaclaí, i. atá spléach ar uirlis!).
Ach agus mé á phlé ar twitter, tarraingíodh m'aird ar Amber Case agus a cuid antraipeolaíocht cibearg. Tá an chaint a thug sí do TED - "Is cibearg gach duine againn" thar a bheith spéisiúil. Agus tá blas na fírinne ar a bhfuil le rá aici - go bhfuilimid an éirí spléach ar ár ngléasanna ar bhealach atá ag athrú ár saol - agus go bhfuil gnéithe dearfacha agus diúltacha ag baint leis seo. Sílim go sroicheann sí eithne na ceiste nuair a deir sí go bhfuil tost gan gléasanna de dhíth orainn ó am go chéile, chun ord agus eagar a chuir ar an saol.
Maidir leis an taispeántas, caithfidh mé a admháil gur chuir sé díomá orm. Duairceas - nó samhnas i gcás an béile a réitíodh ag baint feidhm as súmairí lán d'fhuil an ealaíontóra  - an mhothaigh mé ó na taispeántán. Tharlódh sé go bhfuil dóchas san todhchaí caillte ag aos ealaíona agus nach bhfeiceann siad i ndán dúinn ach meath agus bás san Iarthar. Nílim féin chomh héadóchasach sin; cé go n-aithním go bhfuil dúshlán romhainn. Ach sílim go bhfuil todhchaí an chine ann, agus féidearthachtaí sna teicneolaíochtaí - go háirithe sna ríomhairí agus an idirlíon ar féidir leo neamhní a dhéanamh d'am agus spás, agus cur le cumhacht ár n-intinní.