28 May 2011

Prág, máthair cathracha: Bonn deas

Bonn caoga choróin de chuid na Seice. Thug mé suntas don dearadh spéisiúil agus don mana Laidine. (Súil agam go bhfuil sé tiontaithe i gceart agam)

Tá boinn na hÉireann imithe chun leimhe amach is amach ó theacht an Euro - gan de dhearadh Éireannach orthu ach an scríbhinn Éire agus an cláirseach. Is mór an trua san; agus ní hamhlaidh i gcás aon tír eile de chuid an Euro - bíonn dearadh ar leith ar beagnach gach bonn acu siúd.

Ní thuigim cad chuige go bhfuil an Rialtas, a bhíonn de shíor ag bladar faoi "Bhranda Éire" ag scaoileadh deis mar seo uathu.
Bíonn boinn na hÉireann i bpócaí ar fud na hEorpa, murab ionann agus an mbonn thuas. Cad chuige mar sin nach bhfuil muid ag baint feidhm astu chun dearadh, stair agus ealaín na hÉireann a scaipeadh?

10 comments:

ormondo said...

Is fearr bladar gan dua,
ná dearadh boinn nua!

aonghus said...

Ní fearr, ach is fusa!

ormondo said...

Agus is ea an rud is fusa an rud is fearr... don rialtas.

Bhíos ag léamh an lá cheana go raibh Enda ag seachaint na gceisteanna is tábhachtaí agus é i gcomhrá leis an gCamshrónach agus Mac Uí Bháma.

Drochchomhartha?

aonghus said...

Gliceas. Ní ardaítear ceisteanna ar arbh don gceistneoir gur freagra diúltach a gheobhaidh sé.

ormondo said...

Bhuel, níor mhair feidhm an ghlicis sin ró-fhada!

Tá an Sindo ag cáineadh an rialtais mar gheall air inniu.

Néidí said...

Meas tú céard a bheas ar ár gcuid airgid úr?

aonghus said...

Íomhá ceann an IMF. Agus slabhra agus eochair.

Néidí said...

Ní bheadh sé sin maith don turasóireacht. agus beidh orainn é a úsáid chun an cur i ngéill a chur chun cinn.Cultúr na hÉireann a bheas ann ach rogha Vadarkar agus a chairde a bheas ann agus níl a fhios acu rud ar bith faoin tír.

Mise Áine said...

@ Cad chuige mar sin nach bhfuil muid ag baint feidhm astu chun dearadh, stair agus ealaín na hÉireann a scaipeadh?

Ceist mhaith...

An Cainteoir Dóchais said...

Is fíor duit. Deis bolscaireachta d'aon stát a airgeadra, go háirithe má úsáidtear thar lear é. Is aisteach nach bhfuil Éire ag baint úsáide níos fearr as.