Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-06-30

Scéal scéiniúil ach blasta

Chuir an sásamh a bhain mé as An Fear Dána mé ag lorg úrscéalta eile de chuid Alan Titley.  'Stiall Fhial Feola' a chéad úrscéal, de réir an bhlurba. Ón leabharlann a fuair mé é - agus iontas agus díomá orm gurbh cosúil gurbh mé an tríú duine ó 1981 a thóg ar iasacht é!
Scéinséir atá anseo. Lingeann an reacaireacht ó dhuine go duine, an frithlaoch arbh canablach é; teaghlach duine dá íospartaigh; daoine eile bainteach leo, sagart a bhfuil a chreideamh caillte aige ina measc. Léirítear dúinn  cad atá ag dul ar aghaidh ina n-intinn; bealach éifeachtach chun an scéal dhrámatúil agus a thionchar a léiriú.  De bhrí gur sruth comhfheasa atá i gceist leis an reacaireacht, tá na habairtí ana fhada, foclach mar is dúil do Titley. Arís eile, léirigh sé bearnaí i m'fhoclóir dom, ach níor chuir sin aon bhac orm taitneamh agus tuiscint a bhaint as an scéal, ainneoin nach é seo an cineál scéil a thaitneodh liom i dteanga eile. Nó bhféidir gurbh ea - cé go raibh sé cineál aisteach bhí gnéithe áirithe den cérinneachán ag baint leis.




Stiall fhial feola
Alan Titley.
An Clóchomhar Tta, 1980.

2011-06-29

Oidhe Chlainne Húrin

De ghnáth seachnaím litríocht a cuir eagarthóir lé chéile i ndiaidh bás an údair. Tá an taithí agam go raibh cúis maith ann nár chuir an údar féin i gcló é. Mar sin, cé gur thaitin Tiarna na bhFáinní agus an Hobad go mór liom (agus is mór an trua nach bhfuil an leagan Gaeilge den Hobad ar fáil fós, pé cúis atá leis), is fíor bheagán den saothar a d'fhuin Christopher Tolkien as a oidhreacht atá léite agam.
Bhí sé d'aidhm ag JRR Tolkien miotas agus stair iomlán a chruthú dá chruinne samhalta; ón cruthú ag Ilúvatar ar aghaidh. D'fháisc sé a lán scéalta as a shamhlaíocht; agus as an léann a bhí aige, as an litríocht Angla-Sacsach ach go háirithe. Tá lorg a chreidimh (Caitliceach ab ea é) le sonrú freisin san chaoi go mbíonn na carachtar a mhúnlú ag fórsaí na maitheasa agus an oilc. Bhíodh sé ag breacadh síos leaganacha, blúiríní agus bloghanna ar feadh a shaol.
Ach do léigh mé moladh áit éigin (ní cuimhin liom go beacht cén áit) ar Eachtra Chlann Húrin, agus ó bhí sé feicthe cheana agam sa leabharlann shocraigh mé triail a bhaint as.
Fear laochúil is ea Húrin a sheasann gualainn ar ghualainn leis na Sí in aghaidh an tAinspiorad Morgoth. Gabhtar san cath é; agus mar díoltas bíonn air faire ar conas mar a scriosann Morgoth a chlann. San leagan seo den scéal atá fuinte ag Christopher Tolkien as bloghanna próis de chuid a athair, is é a mhac Túrin an príomhphearsa. Tragóid sa bhunchiall den focal atá anseo - is iad a thréithe féin, a dhiongbháilteacht agus ceanndánacht  atá mar trúig báis agus pian dó. Tréithe a chabhraíonn leis seasamh in aghaidh Morgoth agus fórsaí an donais, ach a fhágann deiseanna freisin lena é a ghoineadh agus iad siúd a bhfuil grá aige dó a scrios, uaireanta de bharr a ghníomhartha féin. Cuireann Morgoth tríd an onchú Glaurung casadh san seal ag pointí cinniúnacha - ach ar an mórchuid is iad tréithe an laoich a fhágann a dhán mar atá.
Sílim gur fuineadh an scéal go maith agus tá sé soléite, corraitheach laochúil.
Tá áthas orm gur sháraigh mé mo nós!

2011-06-25

Is ait an mac an Saol: Léirmheas

Betelgeuse mar a chonaic Hubble é
"Samhlaigh Ollcheanaire an Spáis ina athbheochantóir Gaeilge! Sin go díreach atá  sa tsraith nua drámaí raidió 'Is ait an mac an saol', a tháinig ó shamhlaíocht thorthúil an scríbhneora Emer Ní Rónáin. Is údar bróin don Ollcheannaire Vobara Jitma Dozak teangacha an spáis gan a bheith le cloisteáil níos mó agus beartaíonn sé teacht go hÉireann le Gaeilge a fhoghlaim agus a scaipeadh ar fud an spáis. Suite i bhfad sa todhchaí, tabharfar an t-éisteoir ar chamchuairt idir-réaltach agus Vobara sa tóir ar 'thaisceadán rúnda na Gaeilge'."
Mar sin a chuirtear síos ar an dráma seo de chuid Raidió na Life. D'éist mé leis na podchraoltaí, atá ar fáil anseo.
Thaitin rudaí áirithe faoin sraith liom. Is deacair an raidió a shárú mar spreagadh don tsamhlaíocht - pointe atá buanaithe ag an freagra a thug 'Rita' in 'Oiliúint Rita' maidir conas plé leis an dúshláin a bhaineann le Peer Gynt a stáitsiú - 'Dhéanfainn ar an Raidió é'. Tá an fuaimrian éifeachtach agus samhlaíoch san dráma. Tá na carachtar ceaptha go maith, agus iomlán inchreidte ainneoin cuid acu a bheith ina scigléiriú ar chineál nó aicme daoine. Baintear feidhm éifeachtach as na Gaeilgí uirbeacha  atá ann; an cumasc canúintí agus críol atá i mBÁC. Mar sin féin, chuir an sraith díomá áirithe orm. Ainneoin é bheith ceaptha a bheith san todhchaí, bhí an Éire a cuireadh i láthair sioctha san fichiú aois. Agus is an inbhreathnú chúng céanna maidir leis an 'cúis' atá i gceist leis an dráma. Sa mhullach ar sin, níorbh léir domsa aon phlota a bheith ag sníomh na radhairc - a bhí ana mhaith - le chéile. Nithe fónta sa dhráma, ach sílim go bhfuil forbairt le déanamh air!

Lá eile an Paoraigh

Fear ildánach is ea Annraoi de Paor. Bhí sé i measc na léachtóirí agam ar an Ollscoil, ina Ollamh le Innealtóireacht Leictreonach - é ag iarraidh teoiric an rialaithe a theagasc dúinn. Fear ana chiúin a bhí ann, ach ba léir an máistreacht a bhí aige ar an ábhar, agus chuaigh sé i bhfeidhm orainn. Mheall sé gan stró scoth na mic léinn chun tabhairt faoi na tograí a bhí aige don céim. Agus níorbh aon tograí gan dealramh iad - an uair úd nuair nach raibh mórán cainte fós ar bithleighis bhí sé ag cur a chumas chun fónamh do othair san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin. Ní raibh mise i measc scoth na mic léinn (toisc nár fhoghlaim mé conas obair cheart a dhéanamh go dtí níos déanaí) mar sin ní raibh aithne ró dhomhain agam ar an Ollamh Uasal seo. B'eol dom acmhainn grinn a bheith ann - bhaineadh sé feidhm as an leagan Béarla dá ainm agus é i Stanford i SAM, agus bhíodh scéilín grinn aige faoi 'the corridors of Power' a bheith aige thall. Tá aithne beagán níos fearr curtha agam air ag imeachtaí an Rotha.

Bhí spéis agam san úrscéal seo mar sin, nuair a fuair mé deis é a léamh. Úrscéal osréalach faoi Ollamh Ollscoile atá ciaptha ag mic léinn gan chumas. Faigheann sé faoiseamh san rith. Ach tar casadh in ndiaidh casadh san scéal nuair a bhronntar teoiricí doimhne mata air ag guth ina chloigeann - An Maitríseach Mire. (Chuir na maitrísí chéanna ar mire mise minic go leor).

Bhain mé sult as na corranna agus castaí sa scéal - an saol acadúil i scáthán riastradh, áiféiseach ach fós so-aitheanta. Níl fhios agam an mbeadh an pléisiúir céanna le baint as acu siúd nach bhfuil an mata agus an innealtóireacht ina leannáin acu.

Buan ar Buairt
Annraoi de Paor
Coiscéim 1985

2011-06-18

Móid dílseachta don Náisiúin?

Móid Ruetli (Bunú Cónaidhm na hEilvéise)
le Johann Heinrich Füssli, Ón gnáthfhoinse.
Tá tuairiscí ann go mbeifear ag éileamh móid dílseachta don 'náisiúin' ó dhaoine a ghlacann le saoránacht na hÉireann. Tá amhras orm faoi seo. Cad is brí lena leithéid de mhóid? Bheadh ciall, dar liom, le móid dílseachta don mBunreacht, abair. Nó don Stáit agus a chuid dlíthe. Ach cad é an náisiún, agus cad is brí le dílseacht dó?
Is maith an rud é, dar liom, go bhfuiltear ag caint ar deasghnáth chun fáilte a chuir roimh daoine isteach i saoránacht an Stáit. Céim mhór atá ann, agus tá tábhacht le deasghnátha do dhaoine. Ba mhaith an rud é, sílim, a leithéid de dheasghnáth a bheith ann do daoine a rugadh isteach i saoránacht agus iad ag teacht in inmhe. Macasamhail an Jugendweihe, nó an cóineartú sa Chríostaíocht. 
Deis a bheadh ann daoine a chuir ag machnamh ar cad iad cearta agus dualgais an saoránaigh.
Mar sin féin, má táthar ag caint ar 'An Náisiún' níor mhóir sainmhíniú a thabhairt air. De réir an Bhunreacht: 'Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.'  (Airteagal 9.3). Mar sin féin níl aon sainmhíniú tugtha ar cad é an náisiún, seachas gurbh í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. (Airteagal 8.1). Is beag saoránach atá dílis don ghné sin den náisiún!
Níl freagra agam féin ar an gceist cad é an náisiún, agus ba dheacair dom cuir síos ar cad dó go díreach a bhfuilim dílis. Beidh orm mo mharana a dhéanamh air. Ach sílim féin gur mó tábhacht atá ag baint le dílseacht do Bhunreacht agus do riail an Dlí - Verfassungspatriotismus ag leibhéal an Stáit - agus gur don duine aonair dílseacht do náisiún nach gá gurbh ionann a  dhaonra ná a chríocha agus daonra ná críocha Stáit.

2011-06-16

Nestbeschmutzer

Focal Gearmánach agam arís - ciallaíonn sé "Té a shalaíonn a nead féin" ach níl an brí atá ag an nath in Ó Dónaill (chac sé ar na huibheacha) aige. An chiall atá leis ná duine a dhíríonn aird ar nithe nach bhfuil i gceart ina chomhluadar féin. Nó a fheictear do a bheith mícheart.

Ról thábhachtach, ach míchompordach.

Féachtar anseo ar an té a tharraingíonn aird ar an salachar mar duine i bhfad níos baolaí ná an té a rinne an salachar.
Kurt Tucholsky
Tuige mé ar an téad seo? Bhuel, thug mé suntas do dhá mhír ag Scott - ceann inar cheistigh sé fiúntas Gaeilge a chuir ar Twitter; ceann eile inar thug sé a leagan amach féin ar an nGaeilge, agus nach 'Gaeilgeoir' é. (Tá an ghráin agam féin ar an lipéid áirithe sin). Thug mé suntas dóibh toisc an oiread freagraí agus a spreag siad. Cuid mhór acu ag easaontú go géar leis. Nílim féin ar aon fhocal leis maidir le Twitter; ach tuigim dó san dara mhír. Agus sílim go ndúirt sé rudaí tábhachtacha san dá mhír.

Is maith ann an dearcadh eile - cabhraíonn sé teacht ar freagraí níos fearr.  Níl rud níos measa ná an drongdhearcadh agus an sluasmaoineamh. Mar sin, tá ról ag an duine atá ar mhalairt tuairim (fiú má tharlaíonn sé é bheith mícheart maidir le fíricí). Mura gceistítear smaointe agus beartais, ní bheidh siad profa i gceart. Bhí cúis ann leis an advocatus diaboli (cé nach bhfuil an téarma in úsáid níos mó, tuigim go bhfuil an modh oibre fós ann). Tá cúis ann fós lena leithéid, agus an cúis níos troime nuair is rudaí tábhachta, gar dár gcroíthe, atá faoi chaibidil.

Tá súil agam, mar sin, go leanfaidh Scott - agus daoine nach é - ag tabhairt a dtuairimí go neamhbhalbh. (Agus as Gaeilge!)

2011-06-14

An ríomhaire Gaelaithe

Freagra de chineál ar blagmhír Scott maidir le tiontú twitter.

Gaeilgeoir cathrach mise: níl baint ar bith gairmiúil agam leis an nGaeilge. Rud a chiallaíonn nach mór dom aon deis atá ann a thapú chun Gaeilge a 'labhairt'. Cinnte, labhraím Gaeilge le mo pháistí agus gaolta liom, éistim le  Raidió na Gaeltachta, léim Gaelscéal, Feasta agus an Timire.Tá (an iomarca) leabhair i nGaeilge agam, agus faighim breis ón siopa nó ón leabharlann go rialta. Freastalaím ar imeachtaí de chuid An Ciorcail Díospóireachta, An Roth, Comhluadar agus na Cnocadóirí.

Ach ó tháinig ann don idirlíon, is áis tábhachtach agam é chun faobhar a chuir ar mo chuid Gaeilge. Bhí sé thar a bheith luachmhar - riachtanach fiú - agus cónaí orm sa Ghearmáin, gan ach fíor corr chainteoir a raibh teacht agam orthu. Tá sé fós úsáideach anois agus deiseanna labhartha níos minice ann.

Creidim gur fiú an Ghaeilge a úsáid i pé réimse saoil is féidir. Mar sin, fáiltímse roimh leaganacha Gaeilge de leithéidí Firefox, Audacity OpenOffice, agus bainim feidhm astu. Sléachtaim roimh na saorálaithe a chuireann dua orthu féin a leithéidí a chuir ar fáil. Tá, mar is léir ón suíomh Nascanna.com, éachtaí déanta acu.

Maidir le twitter féin, murach an deis a thugann sé dom - deis a bhfuilim ag baint ró úsáid as seans - Gaeilge a labhairt, níl bheinn ann ar chor ar bith! Ba bhreá liom dá mbeadh comhéadan i nGaeilge ag dul leis. Agus, ó tharla an comhéadan a bheith ilteangach mar atá, agus saorálaithe ar fáil, ní ceart go mbeadh mórán dua ag baint leis. Seo é ré an sluafhoinsithe, a chuireann deiseanna ar fáil do pobail mionteangacha. Tapaímis iad!

Tar éis an tsaoil, scil is ea teanga - agus taithí a níos máistreacht!

2011-06-12

Prionsabal nó Aois Toilithe?

Ina litir chuig a lucht tacaíochta maíonn an Seanadóir David Norris go bhfuil sé ar son reachtaíocht a thugann cumhacht do na breithiúna ceist an toilithe a réiteach, neamhspleách ar an aois. Maíonn sé - agus an cheart aige - go leanann coiriúlú míchuí ar ógánaigh reachtaíocht bunaithe ar aois. Aontaím leis faoin méid sin. 
Mar sin féin, bheinn i gcoinne fáil réidh go hiomlán le aois mar slat tomhais ar cumas toilithe i gceisteanna collaíochta. Nuair a thagann an cheist ós comhair breitheamh, tá an dochar - más ann dó - déanta. Is uirlis mí oiriúnach an dlí chun ceisteanna caidrimh agus collaíochta a réiteach. Aontaím leis nach bhfuil ról ar bith ag an dlí coiriúil i gníomhartha daoine lán fhásta, chomh fada agus nach bhfuil éigean i gceist. Sin díreach, áfach, an áit a éiríonn an cheist thar a bheith casta - ní gá gur éigean corpartha atá i gceist. Ach nuair nach bhfuil lorg fágtha ar an gcolainn, is deacair bheith cinnte faoi toiliú nó a mhalairt.
Agus is deacra fós an cheist nuair is duine óg atá i gceist.
Ní mór freisin feidhm "oideachasúil" an dlí, agus an feidhm cosanta atá leis, a chuir san áireamh. Má tá rud éigin in aghaidh an dlí, is comhartha é nach bhfuil sé inghlactha ag an sochaí. Beidh daoine ann a sháróidh an dlí: ach ní cúis é sin chun fáil réidh leis an dlí i bhfabhar ainriail agus gach rud a fhágáil faoin duine aonair, agus ansin na breithiúna ag iarraidh an smionagar a leigheas.
Táimse mar sin i bhfabhar aois toilithe do gníomhartha collaíochta a leagan síos go soiléir sa dlí - agus aois níos airde a bheith i gceist nuair atá duine spléach nó faoi údarás duine eile. Mar shampla, ní dóigh liom go mbeadh caidreamh idir oide agus dalta ceart, fiú  dá mbeadh an cuma air go raibh an dalta in inmhe cinneadh a dhéanamh ar an gceist. Ach sa bhreis ar sin creidim go mba cheart mír a bheith san dlí chun nach gcaithfí mar coirpigh le ógánaigh  a mbíonn caidreamh collaí acu le daoine atá mórán ar chomhaois leo. Go mbeadh sé soiléir nach rud ciallmhar é; ach nach scriosfaí saol an duine óig dá bharr. Ach go hairithe go bhfaighfí réidh leis an idirdhealú atá ann faoi láthair a fhágann go mbeadh gasúr óg ciontach i gcoir, ach an girseach saor ó ionchúiseamh.

Cruinneas agus poiblíocht.

Eascraíonn cuid de dheacrachtaí reatha David Norris as é bheith ag úsáid an téarma 'péidifilia' nuair is 'péidearastacht' a bhí i gceist aige.

I measc lucht leighis agus dlí, tá brí chúng ag 'péidifilia' - cuireann sé síos ar dhuine a bhraitheann tarraingt collaí i leith paistí nach bhfuil tagtha chun caithreachais - nach bhfuil a gcoirp in inmhe don gcollaíocht. Is éard atá i gceist le 'péidearastacht' ná caidreamh idir fear níos sine agus aosánach; caidreamh earótach, ach nach gá go mbeadh gné collaí ag baint leis. 

Ach, agus seo an áit ar cailleadh Eachroim don seanadóir: I súile an phobail is ionann caidreamh earótach ar bith idir duine fásta agus duine faoi aois agus 'péidifilia'. Agus ní ceadmhach aon fhreagairt ar a leithéid de chaidreamh ach an duine fásta, agus duine ar bith a sheasann leis a dhamnú go seasta agus go poiblí - mar a d'fhoghlaim Cathal Ó Searcaigh, abair.

Níl ait ar bith níos mó san dioscúrsa poiblí do idirdhealú cúramach: níl ann ach an dubh agus bán. Is fíor mar sin an méid a dúirt Áine Lawlor: Níl an toghchán seo ar siúl san Ghréig, áit a raibh dioscúrsa leathan i measc aos léinn ar  phéidearastacht, agus an dóigh a raibh an grá spioradálta níos fearr ná an ghrá collaí: tá sé ar siúl in Éirinn na fiche aonú aoise. Áit a bhfuil an drongdhearcadh láidir. Áit ata suaite de bharr nach bhfuil muid mar phobal fós sásta aghaidh ionraic a thabhairt ar an gcaoi a caitheadh le mná agus páistí san am atá caite: áit atá fós ag iarraidh milleáin a chuir ar fórsaí lasmuigh - an Eaglais atá cloíte más fíor, abair - seachas féachaint orainn féin mar phobal agus an drongdhearcadh a lig do na rudaí seo tarlú inár measc. Agus aois ina bhfuil an mothúchán spreagtha ag raidió agus na meáin eile níos treise na an réasún.

Ní deá thuar é seo do dhaonlathas láidir, tuisceanach a bheidh in inmhe dul i ngleic leis an iliomad fadhb atá romhainn.

2011-06-11

Mundtot

Ciallaíonn an nath Gearmáinise "jemanden Mundtot machen" gobán a chuir i mbéal duine; é a chuir ina thost. Focal ar fhocail, ciallaíonn sé "béal marbh"1. Feictear dom go bhfuil sé ag éirí níos coitianta lipéid a ghreamú le duine anois a fhágann gan cead cainte é - do sciar den phobal ar a laghad. I gcás David Norris, d'fhág ráitis dá chuid go rabhthas in ann an lipéid 'péidifileach' a ghreamú de. Ní hé go gcreideann daoine gurbh péidifileach é: ach creidtear nach bhfuil sé ceartchreidmheach go leor ag damnú péidifiligh. I gcásanna daoine eile is 'ciníoch' nó 'homafóibe' an lipéid a chaitear leo. Fágann cultúr na gceannlínte agus na fuaimghreimeanna ina mhaireann muid go bhfuil sé geal le dodhéanta smaointe casta a chuir i láthair an phobail: ach go háirithe smaointe a cheistíonn an comhdhearcadh ceartchreidmheach. Dúirt Churchill tráth nach raibh a leithéid de rud ann agus tuairim an phobail (public opinion); nach raibh ann ach tuairimí a foilsíodh (published opinion). Ainneoin go bhfuil níos mó tuairimí ná riamh á fhoilsiú, feictear dom nach bhfuil tuairimí á mhalartú mar is ceart - go bhfuilimid ag scaipeadh inár dtreibheanna, gach dream lena drongdhearchadh féin agus a chuid lipéid chun dearcanna eile a chuir ó dhoras - lucht a labhartha a bhalbhú.  Agus feictear dom go bhfuil sé sin thar a bheith baolach dúinn mar náisiúin, mar stáit, mar chine go deimhin. Tá an sluasmaoineamh baolach. Caithfear éisteacht leis an duine ar an imeall - mar níl iomlán na fírinne riamh ag aon neach nó dream daonna. Is gá, gan amhras, teacht ar chinneadh, agus ní féidir le díospóireacht bheith gan críoch. Ach tá rud éigin leanbaí faoi diúltú éisteach le duine cionn is nach gcloíonn sé leis an cheartchreideamh reatha. Agus tá sé baolach nuair a chromann conairt ar a bheith ag scairteadh "Ná héist leis siúd, is [do rogha lipéid anseo] é"

Caithfear éisteacht!

Maidir leis an seanadóir groí; ní chuirfidh sé aon ionadh ar léitheoirí an bhlag seo nach bhfuil mise ar aon fhocal leis maidir le cúrsaí collaíochta. Is feachtasóir paiseanta é; agus tá rudaí ráite aige thar na blianta a bhí bladhmannach agus maslach. Mar sin féin, is den chúirtéis é éisteacht chóir a thabhairt dó. Agus a chuid tuairimí a phlé, seachas scéil scéil orthu. Tá sé i gceist agam sin a dhéanamh amach anseo. Cuid acu ar aon nós.

Agus tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar an bplé san toghchán uachtaránachta. Ach nílim ró dhóchasach. Tá an glam 'robach' ardaithe, agus conairt an aineolais scaoilte ón iall.

1 Nóta do lucht focalbhá: ní an béal foinse an fhocail seo ó cheart, ach focal eile atá imithe as an gcaint mar focal leis féin - Munt - ach atá fós ann san focal Vormund - caomhnóir agus focail gaolta leis. Sé sin, an cumas seasamh duit féin sa chomhluadar.

2011-06-08

Daonraí difriúla Duibhlinne

Dé Domhnaigh beag seo bhíos ar cuaird ag mo dheirfiúr in aice leis an Cuar Bhóthar Theas nuair a thug mé Mosc Átha Cliath faoi deara. Ceantar spéisiúil atá anseo a raibh inimircigh coitianta ann riamh. Bhíodh Sionagóg anseo; tá iarsmalann ann anois. Mar is léir, tá an mosc féin i foirgneamh a bhíodh ina Eaglais Críostaí - ceann Preispitéireach.
Luaigh m'athair liom gurbh 'The Tenters' ainm an cheantair, agus luaigh baint a bheith aige sin leis na Úgónaigh - teifigh eile le creideamh ar leith.
Níl 'The Tenters' ag logainm, ach tá 'Bealach na gCrann Triomaithe'. Agus más fíor an píosa seo a fuair mé agus mé ag línseoireacht is iad na Úgónaigh a thóg na crainn triomaithe seo don ábhar a bhí á fhíodóireacht acu.
Agus mé ann de Domhnaigh bhí mná gorma faoi chaille feiceálach - chím ón suíomh thuas go raibh ciorcal na mná i Yoruba agus Béarla ar bun sa Mhosc.
Spéisiúil an chaoi go mbíonn tarraingt ag glúin i ndiaidh glúine de inimircigh ar na ceantair céanna sa chathair.

Caochta le Béarla

Fógra ar siopa i Sráid Dawson
Is léir go mbíonn radharc na súil go holc ag Béarlóirí le hais Gaeilgeoirí agus lucht labhartha na Polainnise!

Aguisín: Tá an comhlucht ar an eolas faoin botún cló - agus tá na leaganacha nua ceartaithe.

2011-06-07

Fianáin Fabhtacha

Bhí beagnach gach duine againn buailte le deacrachtaí éigin le blogger le déanaí. Deacrachtaí a bhain le logáil isteach nó amach. Is cosúil go raibh na deacrachtaí seo bainte le fianáin (cookie sa Bhéarla) de chuid blogger a bhí fabhtach, de bharr athrú éigin a rinne google ina gcuid bogearraí.
Is éard atá i gceist le fianán ná píosa eolas a chuireann an freastalaí (ríomhaire de chuid blogger sa chás seo) ar fáil don brabhsálaí. 'Sé an chaoi nach bhfuil aon rud san gnáth córas ina mhalartaíonn ríomhairí eolas ar an idirlíon - HTTP - le go gcoimeádfaí eolas faoin stair cumarsáide. Mar sin, mar bhealach thart ar seo cumadh an fianán. Bíonn a leithéid i gceist i gcónaí nuair a bhíonn buaine éigin i gceist sa nasc idir do ríomhaire agus an freastalaí - mar a bhíonn uair a bhíonn cuntas agat ar an ríomhaire seachtrach. Bíonn an t-eolas seo le cur sa chuimhne áitiúil ar do ríomhaire, agus bíonn athnuachan á dhéanamh air ach tú a bheith i dteagmháil leis an freastalaí.
Mar sin, nuair a bhíonn an diabhal rud briste ar chúis éigin, caithfear fail réidh leis. Is cosúil go raibh purgóid ar leith de dhíth ar gach duine againn. Bhíos in ann fáil réidh leis, ach an fabht a bheith leigheasta ag blogger, tríd dul tríd liosta na fianán ag Firefox agus aon rud a bhain le blogger a scrios. Bhain Áine agus Seán an toradh chéanna amach ar bhealaí eile.

Nóta focalbhách: Ní heol dom conas a rinneadh fianán den cookie - ach tá tuairim agam go bhfuil sé gaolta le fian & fianaise.

2011-06-04

Lidl abú!


Ceann de na rudaí a chronaím ó mo thréimhse sa Ghearmáin ná buillin beaga úra don bricfeasta. Is fíor go bhfuil rudaí feabhsaithe agus earraí Cuisine de France ar fáil go fairsing. Tá siad ar fáil freisin le tabhairt abhaile chun iad a chríochnú san oigheann baile, an úsáideach don Domhnach. Ach is arán geal ar fad atá i gceist, nó anois is arís arán cineál donn. Ach anois tá Lidl ag cur bácúis lena gcuid siopaí, agus réimse leathan arán - arán seagal ina measc - ar fáil. Blasta!