08 June 2011

Daonraí difriúla Duibhlinne

Dé Domhnaigh beag seo bhíos ar cuaird ag mo dheirfiúr in aice leis an Cuar Bhóthar Theas nuair a thug mé Mosc Átha Cliath faoi deara. Ceantar spéisiúil atá anseo a raibh inimircigh coitianta ann riamh. Bhíodh Sionagóg anseo; tá iarsmalann ann anois. Mar is léir, tá an mosc féin i foirgneamh a bhíodh ina Eaglais Críostaí - ceann Preispitéireach.
Luaigh m'athair liom gurbh 'The Tenters' ainm an cheantair, agus luaigh baint a bheith aige sin leis na Úgónaigh - teifigh eile le creideamh ar leith.
Níl 'The Tenters' ag logainm, ach tá 'Bealach na gCrann Triomaithe'. Agus más fíor an píosa seo a fuair mé agus mé ag línseoireacht is iad na Úgónaigh a thóg na crainn triomaithe seo don ábhar a bhí á fhíodóireacht acu.
Agus mé ann de Domhnaigh bhí mná gorma faoi chaille feiceálach - chím ón suíomh thuas go raibh ciorcal na mná i Yoruba agus Béarla ar bun sa Mhosc.
Spéisiúil an chaoi go mbíonn tarraingt ag glúin i ndiaidh glúine de inimircigh ar na ceantair céanna sa chathair.

6 comments:

John said...

An-suimiúil. Ní fhaca mé an mosc sin riamh. Is aisteach é 'mosc' a fheiceáil scríofa ar fhoirgneamh atá chomh gaolta leis an gCríostaíocht sin. Is cuimhin liom freastal ar séisiúin ceoil i Kilburn, Londain, áit a bhí gaolta go mór leis an bpobal Éireannach sa chathair. Ach is meascán de nua-inimircigh agus 'ceannaitheoirí céaduaire' a fheictear ar na sráideanna sa lá atá inniu ann. Sin ráite, maireann tithe tábhairne nó búistéirí Éireannacha sna ceantracha sin fós.

aonghus said...

Tarlaíonn sé. Eaglaisí ina moscanna, moscanna ina n-eaglaisí; mar a athraíonn an daonra.

Tá na ceannaitheoirí céad uaire sa cheantar úd freisin, gan amhras. Tithe maithe ó na 1920í.

John said...

@ Eaglaisí ina moscanna, moscanna ina n-eaglaisí

Ceart agat. Nach eaglais a bhí sa Haggia Sophia fadó, agus mosc san Alhambra? Buíochas le Dia (cibé Dia atá i gceist) nár leagadh iad chun eaglais/mosc 'ceart' a thógáil.

aonghus said...

Sin é:

agus sampla eile - teampall ina Eaglais, nótáilte ag Dennis

SeanO said...

An chearn sin den chathair a ngabhann An Cuarbhóthar Theas tríthi, bhí an-bhaint aici le clann mo muintire, mo sheanmhuintir ach go háirithe. Agus mise im ghasúr agus muid ar ár slí ó dheas ar an gCuarbhóthar céanna ó Rialto go dtí teachín tuistí mo mháthar i ngar do Kelly’ Corner, (cf. ‘An Pram Ualaithe’ sa chnuasach ‘Inné Agam Mar Chiste’) ghabhaimis thart ar Leonard’s Corner mar a bhfuil Sráid Chlann Breasail (Clanbrassil Street). Ní thugtaí ar an gceantar sin ar chlé ón gCuarbhóthar ag an am ach “Little Jerusalem”. Ba é an rud ba shuntasaí faoin ngiota sin den chathair go mbíodh na siopaí logánta ar oscailt Dé Domhnaigh, ach dúnta Dé Sathairn.
I dtreo lár na cathrach ar Shráid Chlann Bhreasail tá Harty Place agus b’ansin a bhí teachín Joe O’Connor agus a chlann sa bhliain 1916 agus an seoladh céanna foilsithe sa nuachtán do Joe tar éis a ghafa. Aintín liom, deirfiúr le m’athar, bhí cónaí uirthi ar Ascaill Dhún Uabhair, atá díreach os comhair an Mhoisc. Bloc amháin laistiar den Mhosc tá an chanáil agus cúpla loc síos uirthi-sin bhí cónaí ar uncail liom a bhfuil trácht air i scéilín eile dem chuid, an scéilín faoi ‘John Charles’. Ar ndóigh, bhí cónaí orainne in Rialto. Ionann sin is a rá nár ‘Dubs’ muid ar chor ar bith, ach siúd is go raibh nasc láidir ag mo mháthair agus m’athair leis ‘an fhíor-chathair’ glacadh linn mar ‘Dubs Oinigh’.

aonghus said...

Ábhar mír nó dhó eile ansin agat! An bhfuil imleabhar eile ar na bacáin? Nuair a bhíonn an cérinneachán seolta?