12 June 2011

Prionsabal nó Aois Toilithe?

Ina litir chuig a lucht tacaíochta maíonn an Seanadóir David Norris go bhfuil sé ar son reachtaíocht a thugann cumhacht do na breithiúna ceist an toilithe a réiteach, neamhspleách ar an aois. Maíonn sé - agus an cheart aige - go leanann coiriúlú míchuí ar ógánaigh reachtaíocht bunaithe ar aois. Aontaím leis faoin méid sin. 
Mar sin féin, bheinn i gcoinne fáil réidh go hiomlán le aois mar slat tomhais ar cumas toilithe i gceisteanna collaíochta. Nuair a thagann an cheist ós comhair breitheamh, tá an dochar - más ann dó - déanta. Is uirlis mí oiriúnach an dlí chun ceisteanna caidrimh agus collaíochta a réiteach. Aontaím leis nach bhfuil ról ar bith ag an dlí coiriúil i gníomhartha daoine lán fhásta, chomh fada agus nach bhfuil éigean i gceist. Sin díreach, áfach, an áit a éiríonn an cheist thar a bheith casta - ní gá gur éigean corpartha atá i gceist. Ach nuair nach bhfuil lorg fágtha ar an gcolainn, is deacair bheith cinnte faoi toiliú nó a mhalairt.
Agus is deacra fós an cheist nuair is duine óg atá i gceist.
Ní mór freisin feidhm "oideachasúil" an dlí, agus an feidhm cosanta atá leis, a chuir san áireamh. Má tá rud éigin in aghaidh an dlí, is comhartha é nach bhfuil sé inghlactha ag an sochaí. Beidh daoine ann a sháróidh an dlí: ach ní cúis é sin chun fáil réidh leis an dlí i bhfabhar ainriail agus gach rud a fhágáil faoin duine aonair, agus ansin na breithiúna ag iarraidh an smionagar a leigheas.
Táimse mar sin i bhfabhar aois toilithe do gníomhartha collaíochta a leagan síos go soiléir sa dlí - agus aois níos airde a bheith i gceist nuair atá duine spléach nó faoi údarás duine eile. Mar shampla, ní dóigh liom go mbeadh caidreamh idir oide agus dalta ceart, fiú  dá mbeadh an cuma air go raibh an dalta in inmhe cinneadh a dhéanamh ar an gceist. Ach sa bhreis ar sin creidim go mba cheart mír a bheith san dlí chun nach gcaithfí mar coirpigh le ógánaigh  a mbíonn caidreamh collaí acu le daoine atá mórán ar chomhaois leo. Go mbeadh sé soiléir nach rud ciallmhar é; ach nach scriosfaí saol an duine óig dá bharr. Ach go hairithe go bhfaighfí réidh leis an idirdhealú atá ann faoi láthair a fhágann go mbeadh gasúr óg ciontach i gcoir, ach an girseach saor ó ionchúiseamh.

4 comments:

ormondo said...

Aontaím leat go mbraitheann sé go mór ar an ndifríocht idir an dá aois.

Má tá difríocht mhór aoise i gceist i gcaidreamh agus duine den bheirt faoi 27, abraimís, is rud... fadhbach é.

Cuimhnigh go mbíodh go minic ar bhean óg sa tseanaimsir fear a phósadh a bhíodh in aois a hathar. Faoi scáth na measúlachta agus na heaglaise.

Mise Áine said...

@ nach scriosfaí saol an duine óig

Sin é an rud is tábhachtaí, a Aonghuis.

Mar a scríobh tú, ceist chasta...

aonghus said...

Ceist ana chasta, ach ceist go mba cheart dul i ngleic leis - ar mhaithe leis na daoine óga!

Colm Ó Broin said...

Sílim gur droch smaoineamh amach is amach a bheadh ann fáil réidh leis an aois toilithe agus an cheist a fhágáil faoi na breithimh.
Ní gá ach breathnú ar na téarmaí príosúin gearra a ghearran breithimh ar dhaoine i dtaobh ionsaithe gnéis le féachaint go bhféadfadh híobartaigh a bheith thíos leis go mór.
Cinnte ní mór an cheist maidir le hógánaigh atá ar chomhaois a shoiléiriú, ach botún a bheadh ann an dlí faoin aois toilithe a athrú a bheadh ann agus caillfidh Norris tacaíocht má leanann sé leis an moladh seo.