04 July 2011

Conas oighearshruth a thrasnú go sábháilte sa cheo

Íomhá ón gnáthfhoinse: le Cactus26
Mheabhraigh an meafar a úsáid Néidí ar na mallaibh dom an taithí a bhí agam thart ar fiche bliain ó shin nuair a rinne mé cúrsa seachtaine ar oighearshruth leis an DAV. Chaith mé seachtain le thart ar scór duine eile, ag foghlaim conas bogadh go sábháilte ar an oighear. Bhíomar san Ötztal, ag cuir fúinn san Brandenburger Haus
Tháinig muid le chéile sa ghleann agus  shiúl suas go dtí imeall an oighearshruth. Ansin ceanglaíodh le chéile muid le rópa. Duine de na oiliúnóirí chun tosaigh, duine ag an deireadh, muide sa lár. B'é tasc an chéad duine creabháis a lorg faoin sneachta. Ainneoin sin, níorbh fhada gur shleamhnaigh mise go coim in oighearscoilt. Fágadh ansin mé, mo mhála droma i bhfostú ar thaobh an scoilt, agus mise ag crochadh as, folús na céadta méadar ar dhoimhneacht fúm. Bhíos thar a bheith buíoch den téad, deirim libh! Níorbh fhada go rabhas fuascailte ag an meitheal.
Rinne muid scileanna éagsúla a chleachtadh le linn na seachtaine; ach lá amháin bhí ceo trom ann agus bheartaigh na teagascóirí ar léiriú dúinn conas compás a úsáid i gceart sa cheo. Níl aon sainchomhartha tíre le feiceáil sa cheo, gan amhras - go háirithe agus an oighear bán ag cuir leis an mearbhall. Mar sin féin, ní mór don gcéad duine ar an meitheal téide bheith ar a airdeall d'oighearscoilt. An duine deiridh atá freagrach as an gcompás agus an treo. Agus úsáidtear an meitheal féin, scaipthe ina líne díreach amach ón duine deiridh, mar áis chabhrach.
Ana thaithí a bhí ann; ach níor fhill mé ar an oighear ó shin.  I bhfad an iomarca trealaimh i gceist, agus níor bhraith mé ar mo shuaimhneas leis na crampóin ná le tua oighre.

4 comments:

Mise Áine said...

@ Bhíos thar a bheith buíoch den téad, deirim libh!

Chuirfinn geall go raibh...:-)

SeanO said...

Chuir do scéal faoin oighearshruth i gcuimhne dom go raibh an-dúil agam sa ailldreapadh agus mé sna luath-fichidí (i bhfad i bhfad siar, an dtuigeann sibh.)

Cionn is gur chaitheamh aimsire d’fhir amháin ab ea é an t-am sin (an féidir sin a rá faoi chaitheamh aimsire ar bith na laethanta seo?) níor rith sé liom i gcaitheamh an dá bhliain a bhíomar ag suirí a rá léi féin go raibh a leithéid ar siúl agam. ‘Níor bhain a leithéid léi,’; b’in an dearcadh a bhí agam ar an scéal.

Agus muid pósta agus neadaithe, a bheag nó a mhór sa teaghlachas, mheas mé go raibh sé in am dom tabhairt faoi dreapadh arís. Agus b’ansin a thosaigh an clampar, an rí-rá, an argóint agus go fiú an rabhadh. Rabhadh den chineál “Má dhéanann tú sin, ní bhfaighidh tú seo, mar níl fúm bheith im bhaintreach óg.”

Ghéill mé, ach creid uaim é, fiú go dtí an lá atá inniu ann, gach uair dom aill ard dhúshlánach indreaptha a fheiceáil, mothaím mo mhéireanna idir láimhe agus choise ag teannadh, mo thóin agus mo ghlúine á réiteach fein chun dingeadh i scáineadh, meáchan rópa thar mo ghualainn agus fán mo choim agus cuimilt casúir lem leis. Ah, an óige, nárbh álainn í.

aonghus said...

Bhuel bhí siúl i gceist le linn mo shuirí le Uta, agus bhí a beannacht agam don turas seo! Níor mheall rince ar na ballaí riamh mé, áfach. An iomarca trealaimh agus péine i gceist leis!

SeanO said...

‘An iomarca trealaimh agus péine i gceist leis!’

Tuige, meas tú go bhfuil oiread sin péine im dhroim agus im chromáin, gan trácht chor ar bith ar bhaill eile dem chorp? Oh, sea. Meileann muilte an choirp go mall, ach go deimhin dearfa, meileann siad go mion.