02 July 2011

Na meáin sóisialta agus an Ríomhlóid

Chuir ceisteanna Niamh mé ag meabhrú arís ar mo chuid línseoireachta. Is cosúil, (de réir tuairiscí ar twitter) go ndúirt Peadar Mac an Iomaire (ag Tionóil Conradh na Gaeilge) go bhfuil úsáid na Gaeilge ar líne ag cur le litearthacht na Gaeilge. Níl amhras dá laghad orm go bhfuil a leithéid fíor i mo chás fhéin de. Is ar mhaithe le faobhar a chuir ar mo chuid Gaeilge a chuaigh mise ar líne an céad lá riamh. Agus is iomaí duine a chuir mé ríomhaithne orthu ó shin, a chuidigh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile liom an aidhm sin a bhaint amach. Beatha teanga a labhairt; buanú teanga a scríobh. Agus go pointe sin atá ar bun agam ar líne ó na laethanta luatha ar liosta ríomhphoist Gaeilge-A nó ar clár plé Cumasc nach maireann. (Tharrtháil Pádraig cuid de na seoda liteartha uaidh sin, áfach.) Is ann fós do Chlár Plé Daltaí, cé go bhfuil sé mós ciúin le tamall.
Faoi láthair is anseo ar mo bhlag agus ar twitter is mó a bhím ag Gaeilgeoireacht ar líne. Pobail agus gnáis éagsúla atá i gceist, agus glacaim leis gur pobal eile fós atá i gceist le Gnúisleabhar - poll ama eile atá á sheachaint agam cé go bhfuil mo bhean agus mo chlann gníomhach ann.
D'fhéadfaí blagadóireacht a chuir i gcomparáid le Club Fir Uasal de chuid na Sasanach, abair. Déanann duine againn píosa cainte, agus cíorann na baill eile sa Bhlagtacht é. Uaireanta spreagtar mír níos faide ag blagadóir eile de bharr a bhfuil scríofa againn. Go hiondúil, is comhrá béasach, sách mall, stuama staidéarach atá i gceist. Murab ionann agus twitter, áit a lingeann an allagar ó théama go téama ar luas lasrach, agus áit a mbíonn an allagar sách teasaí ar uairibh, fiú sa chúinne Gaeilge. Is cosúla le comhrá teach tábhairne é, leis an difear seo - nach bhfuil an geis i dtreis iompú ar an mBéarla! Go deimhin bhí roinnt comhráití spéisiúla agam agus mise ag scríobh i nGaeilge agus mo pháirtí sa chomhrá as Béarla. Sin rud ar dheacair é a shamhlú san fíor saol!
Tá rud eile ar fusa go mór é dhéanamh le twitter: Nasc a scaipeadh agus cúpla focal a chuir leis. Bhíodh a leithéidí a dhéanamh anseo agam le Blúiríní. Ach is minic cnaipe i bhfearas ag suímh nuachta a sheolann túít ar an bpointe, agus deis focal nó dhó a chuir leis. Is maith liom an dúshlán nath a chumadh faoi bhun 140 carachtar - agus tá na seoda ag Dennis oiriúnach chuige sin. Tá iarrachtaí déanta agam nua Ghaeilge ar dánfhocail as a chnuasach agus nasc go dtí an foinse. Tá a leithéidí déanta agam le nathanna eile freisin.
Shleamhnaigh mé isteach sa bhlagadóireacht trí thaisme: agus isteach sa lán túíteadóireacht mórán ar an mbealach céanna!
Gan amhras, níl sa chabaireacht ar líne ach cuid den scéal. Tá tábhacht freisin leis na foclóirí - idir oifigiúil agus neamhoifigiúil - ar líne. Agus, ó thús an idirlíon bhí leithéidí Sabhal Mór Ostaig ag cuir eolairí ar fáil. Cabhair is ea a leithéidí chun an Gaeilge ar an Gréasán a aimsiú, fiú agus feabhas as cuimse tagtha ar cuardach ar líne le uirlisí fearacht Google.  Tá an dúrud foinse nuachta ar fáil freisin (cé go bhfeadfadh níos mó a bheith ann!). Tá podchraoltaí ann. Tá seoda ár litríochta ar fáil, uaireanta in áiteanna thar lear - an cnuasach filíochta seo, abair.
Tá na dána digiteacha ag feabhsú sa Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha eile, agus na huirlisí ar fáil as Gaeilge.
Go leana an Ríomhlóid!

Nóta do na foclóirithe: ó Ciarán Ó Meachair a sciob mé an focal Ríomhlóid!

9 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

ríobhlóid...gnúisleabhar...go hálainn!
Is dóigh liom féin go bhfuil úire agus nuaíocht ag baint leis na blaganna nach bhfuil ar fáil in aon mheán eile i nGaeilge faoi láthair. Agus a bhuíochas le chomh beag is atá an líon blag, tá pobal cruthaithe nach mbeadh in ann teacht le chéile ar dhóigh ar bith eile.
Agus caithfidh tú do ghnúis a cheangal leis an leabhar, a Aonghuis!

aonghus said...

Caolseans. Caithim barraíocht ama ar líne mar atá.

Dennis King said...

Fan glan ó Ghnúisleabhar atáim á rá leat!! Ach ní bheinn ag Gaeilgeoireacht libh anois ar chor ar bith murach na liostaí Gaeilge (Gaelic-L, Gaeilge-A, etc.) a bheith ann sna nóchaidí. Bhí mo chuid Gaeilge ag fáil bháis go mall de cheall úsáide roimhe sin. Maidir le túíteáil, níl a fhios agam...

Dennis King said...

Dála an scéil, ó luaigh tú Sengoídelc.com, meas tú an mbeadh sé úsáideach mar app iPad/iPhone?

ormondo said...

A bhuí leis an idirlíon agus lucht an idirlín gur tháinig liomsa mo chuid Gaelainne, a bhí ar an dé deiridh, a athbheochan agus a thógáil as an nua.

Níl triail bainte as gnúisleabhar nó tuíteáil agam fós. Dúphoill ama eile, gan amhras.

aonghus said...

Níl aon chuir amach agam ar gutháin cliste ná feidhmchláiríní. Mar sin, níl fhios agam. Tá's agam go ndearna O'Brien press a leithéid le leabhar faoi Bhéarlagair: http://www.obrien.ie/TitleInfo.cfm?bookID=518

Dennis King said...

Cheannaigh mé an t-app - mmmm, an feidhmchlár - sin anois díreach le haghaidh an iPad! An-dea-dhéanta. GRMA!
:-)

aonghus said...

Níl a bhuíochas ort.

Ach sílim (níl sé feicthe agam, ach rudaí a scríobh Ivan faoin bpróiseas léite agam ) go léiríonn sé nach leor na focail cliste!

Mise Áine said...

@ Go leana an Ríomhlóid!

Níl dúil agam in Facebook ná in Twitter ach tuigim go maith go mbaineann go leor daoine úsáid agus sult astu, mar sin is maith ann iad, dóibhsean.

Maidir le mo bhlag, thosaigh mé air le go mbeadh deis agam mo theanga a úsáid go rialta, go mbeadh deis agam mo theanga a shaibhriú, agus, dá bhrí sin, go mbeadh deis agam mo theanga a fheabhsú - agus an t-eolas sin a roinnt le daoine eile, le go mbeimis ag foghlaim óna/le chéile. Bhuel, tá súil agam go bhfuil, pé scéal é...:-)

Is maith liom an éagsúlacht a léim sna blagmhíreanna éagsúla, agus is maith liom ár gcomhrá ann, an malartú tuairimí agus eolais, a roinntear go béasach, den chuid is mó.


An Ríomhlóid Gaeilge Abú!