19 July 2011

An plé úd ar Ghaeilge na Galltachta

Tá na hailt a bhí ar Gaelscéal ar líne anois:

An chéad alt a scríobh Colm: - Cén saghas athbheochana atá uainn?

Freagra Scott: - Caithfear bheith cothrom nó ní éireoidh linn

An méid a bhí le rá agamsa: Comhoibriú de dhíth ó phobail éagsúla na Gaeilge

agus litir ó 'Rossa Ó Cearbhaill-Ó Ceallaigh' - Foyb le Gwalegguh na kathruk?

Aguisín 2011-08-26 Alt le Alison Ní DhorchaidheDáiríously, ná bígí chomh piúratánach sin!

12 comments:

Séamas Poncán said...

Go maith, ach níor luaigh tú lucht idirnáisiúnta na Gaeilge!

ormondo said...

Tour de force, a Aonghus, maith thú!

A Shéamaís, ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ortsa! Tar éis an tsaoil, nach Galltacht í gach áit ar domhan lasmuigh den Ghaeltacht?

aonghus said...

Níor luaigh, a Shéamais toisc gur deacra fós sainmhíniú a dhéanamh oraibhse le hais pobal Bhleá Cliath!

Néidí said...

Rinne tú dearmad ar an mblagmhír a chur tús leis an amaidí agaibh a lua.

aonghus said...

Ní dhearna, mar nach cuimhin liom cén blagmhír é? Rud éigin a scríobh Colm, an ea?

Néidí said...

Nó cailín a bhí ann!

aonghus said...

Sin plé eile ar fad.

Néidí said...

domsa chuir an bhlagmhír seo tús leis an amaidí faoi phlé na gcanúintí

http://www.cailindeas.ie/index.php/2011/05/an-caighdeain-oifigiuil/

aonghus said...

Tá plé na canúintí ann ó thús na hAthbheochana! Luaite, mar shampla, i Mise le Colm Ó Gaora.

Néidí said...

Más buan mo chuimhne chuireas ceist ort le déanaí faoi Raidió na Life agus dúirt tú nár éist tú leis agus ní raibh tú in ann teacht air i d'áit chónaithe. Tá sé ait dom anois ag léamh do thuairimí ar chaighdéan stáisiúin nach bhfuil fáil agat air.

aonghus said...

Ag tagairt don méid a dúirt Scott faoi a bhí mé, go príomha.

aonghus said...

Agus fiú dá mbeadh gach duine ar Raidió na Life ina chainteoir dúchais d'ardchaighdeán, bheadh an méid a dúirt mé faoi RnaG mar áis foghlama fíor!