13 August 2011

Adhbha Rón

Bainirseach rón beag (Phoca vitulina) ag cothú éan róin.
Íomhá ó Wikimedia, le Nevit Dilmen
An an mbóthar fada díreach idir Lios Póil agus an Daingean, thart ar Bhaile an Pléimeannaigh,  tá Tearmann Fiadhúlra agus Róin. Bhíodh feirm éisc ann seal, agus toirc allta acu freisin, agus siúlóid deas. Theip ar an bhfiontar sin roinnt blianta ó shin, ach anois tá an cuma air go bhfuil úsáid fiúntach ann don áit. Tá caifé ann freisin - "Blúiríní Blasta" agus bia de dhéantús baile ar fáil ann a bhí blasta go maith. Chaith mé bunús lae ann le m'iníon agus a deartháireacha móra san Leitriuch ag tonnmharcaíocht agus ag clársheoltóireacht. Is maith an rud mar sin go bhfuil clós iontach spraoi ann, dhá chaisleáin phreabacha san áireamh! Tá scata éanlaithe clóis agus uisce acu - ealaí bán, dubh agus - rud nach bhfaca cheana - eala le cabhail bhán agus muineál dubh. Lachain agus géanna freisin.
Ach gan amhras siad na róin is spéisiúla.
Bíonn dhá bhiaiste gnóthacha acu san tearmann, de bhrí go bhfuil dhá chineál rón, le séasúr breithe ar leith acu, in uiscí na hÉireann. An rón beag (Phoca vitulina) a rugtar trátha an ama seo, agus an rón glas (Halichoerus grypus) a rugtar sa gheimhridh. Sé chinn d'éan rón den rón beag a bhí ann agus muid ann, iad uilig fós an-óg agus a bheathú de lámh dá réir. Tugtar na héan róin go dtí an tearmann nuair a aimsítear iad agus iad tréigthe nó caillte ag an mbainirseach. Beathaítear san tearmann iad go dtí go mbíonn siad láidir go leor maireachtáil leo féin, ansin scaoiltear ar ais san dúlra iad san áit a fuarthas iad le dóchas agus go n-aimseoidh siad an gcladach1 róin as a dtáinig siad. Bhí cuid de na róin fós an lag, agus is cumasc d'iasc meilte a bhí á fháil acu tríd tiúb isteach sa bholg, cuid eile bhíodar ag glacadh na scadán iomláine, ach go raibh na saorálaithe á gcuir díreach isteach ina mbéil. Jab deacair, i bhfianaise na fiacla géire agus na gialla láidre acu! Agus iad le cothú gach ceithre uaire, lá agus oíche.
Ana obair ar bun acu ann, agus tá súil agam go mbíonn rath ar an áit.
Tá titim mhór ar líon na rónta in uiscí na hÉireann le blianta anuas (agus níl na hiascairí pioc ceanúil orthu ach oiread). Déanadh slad orthu traidhfil blianta ó shin ar Beiginis, ceann de na Blascaodaí. Tá trácht san Oileánach (agus sa Bhéal Bocht dá bharr) ar fiach rónta le haghaidh beatha agus ola; tá cuir síos orthu freisin ag Mícheál Ó Dubhshláine, ar dheis De go raibh a anam, ina leabhar Inis Mhic Uibhleáin (Ana leabhar dála an scéil). Cuid thábhachtach dár dúlra na rónta, cé gur beag fonn iad a ithe a bheith ormsa, ná cumasc leo mar a rinne an dúrud daoine más fíor don Bhéaloideas.
Pé scéal é,is fiú cuairt a thabhairt ar an dtearmann. Agus bhí an beatha san caifé go deas freisin.

1Colony an Bhéarla atá uaim anseo. Theip orm teacht ar théarma Gaeilge, ach tá "cladach róinte" luaite ag an tOileánach. Shoal an bhrí atá leis sin de réir FGB.

4 comments:

John said...

An-spéisiúil ar fad. Chonaic mé aon rón amháin an samhradh seo amach ó Rinn Dúbháin. Ach mar a dúirt tú féin, níl iascairí an cheantair ró-cheanúil orthu. Deas cloisteáil go bhfuil tearmann ar a son thíos sa Daingean mar sin.

ormondo said...

An-chur síos, a Aonghus.

Pé scéal é, an bhfuil úsáid an fhocail "cumasc" sa chomhthéacs seo tuigthe i gceart agam!?

aonghus said...

Is dócha é. Ag trácht ar na scéil faoi fir, a thóg bean arbh bainirseach ó cheart í, a bhí mé. Sin agus daoine a d'iompaigh ina rónta.

Néidí said...

Ní bheadh deacracht ar bith agat rón a fheiceáil i mBinn Éadair riamh!