10 August 2011

Conair chun Coirme

Bhí cloiste agam faoin ngrúdlann Tí Bhric sula ndeachaigh muid siar ó dheas in aon chor, agus bhíos meáite ar a gcuid leann a bhlaiseadh. De shiúil na gcos a chuas ann: ag leanadh Cosán na Naomh ón mBaile Breac, áit a rabhamar a chuir fúinn, thar Corr Áille go Rinn Chonaill.  Ar an mbóthar i dtosach ón mBaile Breac, agus saibhreas iontach lusanna ar gach taobh dé an an díog - gan agam ach eolas cathróra, níl agam ach corr ainm orthu! Bhí dord síoraí na mbeach sna Deora Dé, agus thug mé suntas don Odhrach Bhallach a bhí fairsing. Tá ainm an chinn sin sa Bhéarla agam ó bhíos ana óg - "devil's-bit scabious". Tugann Flóra Choirce Dhuibhne sanasaíocht an  ainm sin - "De réir scéil bhí leigheas chomh láidir sa luibh seo go dtáinig formad ar an Áibhirseoir agus go mbain sé snap as an bpréamh". Tá leigheasanna éagsúla luaite leis san leabhair, ina measc cumhacht i gcoinne an "tsúil mhillte".  D'fhág mé Loch Corr Áille ar thaobh na láimhe clé ansin. Más fíor don scéal béaloidis, chuir Naomh Cuán ollphéist i bhfostú ann faoi choire, go dtí Lá an Luáin!  Go gairid ina dhiaidh sin d'fhág mé an bóthar i mo dhiaidh agus thug aghaidh ar an gcnoc. Leis an easpa taithí siúl agus deannach na cathrach fós i mo scamhóga, bhí sé doiligh go maith an bharr a bhaint amach. Bhí Sceolam na Móna1 fairsing - ach an babhta seo níor thug mé aon mhagairlín faoi deara. Chuir mé comhairle a leasa an lánúin ón Ísiltír ar bhuail mé leo ag barr an chnoic - bhíodar gan léarscáil fónta, agus ag smaoineamh ar siúl thar ghualainn Bhréanainn go Clochán - siúlóid lae iomlán agus é ina thráthnóna cheana! Chuireas bealach níos fusa iad go Baile na nGall. Chuir sé ionadh orm a oiread daoine a chonaic ag siúl gan feisteas ná léarscáil cuí agus mé thiar. Mór an ghar nach dtarlaíonn níos mó tubaistí! Anuas ansin liom go Cill Maoilchéadar.  Ar an mbóthar uaidh sin, thar Lios Deargáin áit a bhfuil iarsmaí an leasa fós ann, cathair cloiche bhreá. Téann an bóthar uaidh sin caol díreach i dtreo Chuan Ard na Caithne, anuas an chnoic. Trasna an bhóthair mhóir ag Gallaras, agus ar aghaidh ar bhóithrín chun na trá liom. Bhaist na Gaill chéanna 'smør wik', cuan na hime, ar an gcuan. Siúlóid bhreá fán dtrá (bhí sé ina lag thrá, agus mé ag siúl faoi bhun an snáth mara ar ghainimh chrua). Ar an mbóthar arís ag Baile an Reannaigh. Ós rud é go raibh mé sa cheantar, thugas sciuird ar an Riasc, ait a bhfuil iarsmaí mainistreach nach raibh feicthe fós agam, tharla é bheith siar píosa maith ón mbóthar mór. 
Deirim libh go raibh goile orm faoin am seo. Leann Dubh a bhí ar fáil Tí Bhric. Cé go bhfuil trí chinn de coirmeacha á ghrúdú acu, ní raibh ní cinn eile ar fáil ón mbairille ná i mbuidéal, rud a chuir díomá áirithe orm. Bhí an leann dubh ana dheas, agus chuaigh an pláta caise thuas go maith leis. €11 a d'íoc mé ar an t-iomlán rud a bhraith mé bheith cineál daor, ach tá Corca Dhuibhne daor! Bhí gloine eile leanna agam (€2.20) agus ansan thug mé aghaidh arís ar an ród. Ar ais thar an trá chomh fada le Baile na nGall, ansin Slí na Faille (lúb siúlóid) go dtí an Ghlaise Beag. Siúlóid sách leadránach (agus tuirse ag teacht orm) ar an mbóthar mór go dtí an Baile Breac.


B'fhiú an coirm an chonair: ach tá súil agam na coirmeacha eile a bhlaiseadh amach anseo. Ní raibh ceachtar acu le bheith ar fáil le linn dom bheith sa cheantar, nó bheadh cuaird eile tugtha agam ar Thigh Bhric.

1 Sciollam atá ag Focal, ach Sceolam ag FCD.

No comments: