08 August 2011

Faoiseamh a fuaireas...

Bhíos thiar i gCorca Dhuibhne le coicís. Agus mé ann níor oscail mé nuachtán agus níor amharc mé ar scáileáin ar bith - ríomhaire ná teilifís. Agus tubaiste sa mhullach ar tubaiste ar nuacht a naoi anois, tá áthas orm gur chás mé mo dhroim ar shaol na meáin. D'fhág sin saor mé chun dornán leabhar spéisiúil a léamh agus chun taitneamh a bhaint as dúlra agus cluichí leis an dteaghlach. Agus siúlóidí.
Tá cnuasach mír i mo thiachóg anois le  crochadh anseo diaidh ar ndiaidh. Mura scriosann an nuacht mo mhisneach!


6 comments:

John said...

Tuigim do chás. Is andúileach nuachta mise freisin - cé go n-aithním gur caint ar son na cainte an-chuid dó - ach bhaineas sult le déanaí as deireadh seachtaine gan wifi gan fón ar Inis Bó Finne. Bhí mé breá sásta m'aird a tharraingt go hiomlán ar an trá agus an tábhairne :)

ormondo said...

An bhfuil gá, i ndáiríre, leis an nuachtachas uile?

aonghus said...

Cá bhfios?

ormondo said...

Tá gach Saineolaí ar Chíréíbeacha Uirbeacha ó Bhaden-Baden go Wagga Wagga ag cur a ladar isteach ar gach cainéal nuachta faoi láthair...

An é gur cineál seanchaithe ár ré iad na saineolaithe céanna?

aonghus said...

Is mór idir scolardach agus seanchaí! Ní as tobar aon dúchais a thagann a dtuairimí. Cuid den stoiteachas ginearálta.

An Cainteoir Dóchais said...

Sin agat é, a Aonghus. Iompaíonn tú do dhroim ar feadh tamaill agus tosaíonn cac at titim amach!