22 August 2011

Idirdhealú san Oideachas

Bíonn tionchar ag teanga móramh an ranga ar scoil ar an mionlach. Sin fíric a chaithfear cuir san áireamh in aon sochaí ilteangach. Sa Ghaeltacht faoi láthair, tá an líon teaghlach a thógann a bpáistí le Gaeilge ag titim, ar chúinsí éagsúla. Cúis imní é seo dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a neartú sa Ghaeltacht - do phlé alt le Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin leis an gceist go himeallach. Scríobh Concubhar Ó Liatháin alt ag éirí as sin i nGaelscéal - tá giota de le léamh anseo.
Iarracht atá sa bhlagmhír seo mo chuid smaointe ar an ábhar a chuir in eagair.

Níl aon cheist ach go bhfuil tionchar ag páistí ar iompar teanga a chéile. Tá sé sin feicthe agam i cás mo leanaí féin. Rugadh an bheirt is sine sa Ghearmáin, agus bhí cónaí orthu ann go dtí go rabhadar a cúig is a ceathair faoi seach. Labhair mise Gaeilge leo, agus mo bhean Gearmáinis. Bhí siad ar freastal ar naíonra - Gearmáinis an teanga ansiúd gan amhras.  Is beag Gaeilge a chuala mé ó ceachtar acu, cé gur thuig siad mise gan stró. D'athraigh sin nuair a chaith muid seal saoire ar Inis Oírr; thosaigh siad ag spalpadh Gaeilge nuair a chonaic siad leanaí eile á labhairt. Ar feadh i bhfad i ndiaidh dúinn  teacht go hÉireann, is Gaeilge agus Gearmáinis amháin a labhair siad. Ar feadh seal, ba Gaeilge a labhair siad le páistí sa cheantar, ach ó tharla nach go ró mhaith a bhí ag éirí leo chinn siad ar Béarla a fhoghlaim. (Bhí siad ag freastal ar Ghaelscoil faoi sin, mar sin ní raibh an Béarla riachtanach amach is amach dóibh). Anseo a rugadh m'iníon, agus Gaeilge agus Gearmáinis a labhair sí ar dtúis. Ach le dhá bhliain anois tá sí ag freastal ar naíonra Béarla (ní raibh ceann Gaeilge ar fáil dúinn) agus is Béarla ar fad beagnach a labhraínn sí, cé go dtuigeann sí an dá theanga eile go breá - ach tuigeann sí freisin go dtuigeann muide Béarla, agus is déagóirí a deartháireacha ar Béarla is mó a labhraíonn siad eatarthu féin.
Tagann mo thaithí mar sin leis an méid a deirtear faoi iompar teanga - agus freisin faoi thionchar páistí nach í an Ghaeilge an teanga baile acu ar theanga na scoile, ó thaobh foghraíochta, comhréir agus lomaistriúchán de; cé go bhfuil an scéal sách casta, agus gur féidir le gasúir idirdhealú idir na réimsí agus na "Gaeilgí". 

Bealach amháin le dul i ngleic leis an bhfadhb seo ná iarracht a dhéanamh páistí a scaradh de réir ábaltacht san teanga, agus díriú isteach ar na páistí atá lag.Tugann sin deis freisin dúshlán na bpáistí atá láidir a thabhairt. Ach is ceist íogair an idirdhealú seo; agus is deacair é chuir i bhfeidhm go cóir. Focal atá báite i mothúcháin diúltacha is ea "deighilt"

Mar sin, caithfidh aon socrú mar sin a bheith bunaithe ar mhianta agus toil an phobail ina iomláine; sin nó caithfidh roghanna éagsúla a bheith ann. Is fusa roghanna oideachais a chuir ar fáil i gceantar uirbeach le daonra ard - ach fós, mar a chonaic muid maidir le Gaelscoil Mhic Easmainn, ní mór a bheith cúramach agus gach duine a bhreith leat.

Is deacra go mór a leithéidí a dhéanamh i gceantar tuaithe, le pobal scáinte, atá d'uireasa seirbhísí fiúntacha oideachais mar atá. Rogha is ea Gaelscoil, nó gan é i ceantar uirbeach. Ní minic rogha ag tuistí faoin dtuath.

Ní dóigh liom féin go bhfuil - ná gur ceart go mbeadh - an t-aon múnla amháin.

Tuigim don loisceadh croí a bhain leis an catagóiriú lom A,B,C san Staidéir Teangeolaíochta - ainmniú a thugann ord fiúntais le fios, fiú murab sin a bhí i gceist. Idirdhealú a bhí bunaithe ar aonaid riaracháin, seachas pobal pé scéal é. Fiú dá mba ionann daonra áirithe agus pobal. Ach ní fíor - tá caidrimh san áireamh i bpobal.

Ag féachaint siar, tá an cuma air go raibh rudaí níos fusa ag tús na hAthbheochana, toisc go raibh ceannairí nádúrtha ar pobail soiléir - an sagart, an oide, an dochtúir agus an siopadóir. Ach iadsan a bhreith leat. d'fhéadfá do chúis a chuir chun cinn. Gan amhras, ach iadsan a bheith i'd choinne, bhí bac dosháraithe romhat.

Ní fíor sin anois. Ach sílim gurbh iad Timirí mar a bhí ann an uair sin atá de dhíth orainn, seachas feidhmeannaigh agus riarthóirí. Duine atá in ann daoine eile a mhealladh agus a spreagadh chun gnímh; agus daoine atá in ann múineadh. Daoine  a thuigeann an pobal agus a mhianta.

Ach is beag dóchas atá agam as an Stáit sa réimse seo. Tá an dúrud deá smaointe tachta ag  lámh marbh an mhaorlathas, fiú agus an drong beag sa Roinn Éadóchais a bhfuil an nimh san fheoil acu don nGaeilge as an áireamh. An lárúchán agus an páipéarachas, an gnás gus an fasach, agus ná bac na torthaí, sin cré na Státseirbhíse abhus.  Aon rud a bhaineann pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta amach is d'ainneoin an Stát a bheidh sé - mar thoradh ar ghníomhartha ar an dtalamh a bhainfear amach é - mar ar bunaíodh RnaG agus Gaelscoileanna.

Sílim gur gá gluaiseacht oideachais don nGaeltacht - ní fheilfidh múnla roghnaíoch na Gaelscolaíochta gach áit. Shamhlóinn go bhfeadfadh cnuas scoileanna a bheith úsáideach in áiteanna, le rogha teanga dóibh siúd a mhaireann i nGaeltacht oifigiúil ach nach mian leo Gaeilge a bheith mar theanga na scoile, ar pé cúis. Tá obair mhaith ar bun cheana i roinnt scoileanna ag na cúntóirí teanga.

Bun agus barr an scéal áfach ná gur ag an bpobal, agus ní ag maorlathaigh, cuma an i Sráid Maolbhríde, sna Forbacha ná áit ar bith eile,  a chaithfear an cinneadh a fhágáil. Agus caithfear glacadh leis nach é an cinneadh céanna is fearr a fheilfidh do gach pobal. Agus go gcaithfear daoine a mhealladh, agus a aithint gur ceist íogair is ea féiniúlacht - rud atá ag eithne na ceiste anseo.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

Aguisín 2011-09-05: Tá an t-alt ina iomláine ag Conchubhar ar a bhlag anois.

6 comments:

Néidí said...

@Is deacra go mór a leithéidí a dhéanamh i gceantar tuaithe, le pobal scáinte, atá d'uireasa seirbhísí fiúntacha oideachais mar atá. Rogha is ea Gaelscoil, nó gan é i ceantar uirbeach. Ní minic rogha ag tuistí faoin dtuath.

D'fhreastail mise ar scoil lánGhaeilge i gceantar uirbeach agus ní scoil áitiúil a bhí ann in aon chor. Níor shiúil duine ar bith i mo rang ar scoil. Tháinig roinnt leis an mbus poiblí, roinnt eile ar bhus príomháideach ach don chuid is mó bhí ar na tuismitheoirí muid a thabhairt ann. Tháinig cailín amháin 30 míle gach lá.

Scoileanna Béarla bíonn siad áitiúil, scoileanna Gaeilge i bhfad níos daoire

aonghus said...

Thrasnaigh mise an chathair freisin, ar iompar poiblí. Ach bheadh deacracht i bhfad níos mó i gceist faoin dtuath, áit nach bhfuil córas iompair poiblí ar bith ann de ghnáth. Agus na scoileanna faoi bhrú cheana féin.

Mar sin, rogha meánaicmeach atá san oideachas i do rogha theanga, cuma an sa chathair nó faoin dtuath tú. Ní maith an rud sin!

Néidí said...

Ní raibh roimh bus ag dul ina aice le mo scoil.Bhí carr i gcónaí i gceist nó rothar nuair a bhíos níos sine

aonghus said...

Ach cé mhéad scoláire a bhí in abhantrach do scoile? (abhantrach a bhí níos mó gan amhras ná abhantrach scoil Béarla. Rud céanna fíor faoi Educate Together, abair)

Ag leibhéal na scoile, ní ag leibhéal an duine aonair, a atá an difríocht faoin dtuath.

Réaltán Ní Leannáin said...

is cuimhin liom bogadh ó BhÁc go Doire blianta ó shin. Agus i nDoire, chuir siad mo mhac chuig an mhúinteoir feabhais mar bhí a léitheoireacht i nGailge ar gcúl i gcomparáid leis na daoine eile. Agus ansin bhog muid ar ais go BÁc. agus cuireadh é chuig an mhúinteoir feabhais mar bhí a léitheoireacht i mBéarla ar gcúl i ndiaidh díriú ar an Ghaeilge ó thuaidh...

aonghus said...

I cás mac liomsa, bhí siad imníoch cion is nach raibh a chuid litriú Béarla an oiread céanna ós cionn an meáin is a bhí a litriú Gaeilge!

Bíonn sé deacair don oide a cheart a thabhairt do gach dalta, fiú i ngnáth rang. Is maith ann iad na múinteoirí feabhais. Is é a locht a laghad.