20 August 2011

Is fearr páiste ná fáinne!

Cloisim agus léim go minic nach labhróinn daoine sa Ghaeltacht Gaeilge le daoine ón nGalltacht.
Ní hé sin an taithí atá agam féin.
Anois, is fíor nach dtéim chun na Gaeltachta ar mhaithe le Gaeilge a fhoghlaim (duine falsa mé). Ach tá tréimhsí saoire caite agam i nGaeltachtaí éagsúla,  agus caitheann muid mar theaghlach ár saoire i gCorca Dhuibhne, sa Bhaile Breac. Táimid ag triall ansin le sé nó seacht de bhlianta anois.
Gaeilge ar fad a labhraím le muintir na háite ann. Fiú san Daingean, Gaeilge is mó a labhraím agus mé i mbun gnó, seachas más léir gurbh eachtrannach an té atá mé ag plé leo.
I mbliana, fiú agus mé lastoir den Daingean, áit nach mbeinn ag súil le mórán Gaeilge, labhair daoine Gaeilge liom.
Ach tá cúis sách simplí leis seo, sílim: bím i bhfochair mo chuid páistí go hiondúil, agus cloistear mé ag labhairt Gaeilge leo sula gcuirim forrán ar dhuine i siopa nó eile. Mar sin, is minic go labhraítear Gaeilge liomsa ar dtúis. Tharla sin cúpla uair i mbliana san uisceadán, abair - ón nglúin a deirtear go forleathan iad a bheith ag tabhairt a gcúl don Gaeilge. Beirt nó triúr fear óg ar an bhfoireann, nuair a chuala siad mé ag labhairt Gaeilge le'm iníon, labhair siadsan Gaeilge léi freisin. Tharla an rud céanna i Milseoga Uí Mhurchú. (Bhí sé suntasach i mbliana a oiread de mhuintir na háite a bhí ag obair sna poist séasúracha, thar mar a bhíodh blianta eile). Go deimhin, labhair duine de Muintir Mhurchú - Meiriceánaigh atá sa Daingean le traidhfil blianta - Gaeilge liom.
Tharla rud barrúil agus mé amuigh ag siúl. Bhí beirt bhan romham ag comhrá as Béarla. Nuair a tháinig mé chomh fada leo, bheannaigh mé as Gaeilge dóibh. Ar an bpointe, d'iompaigh siadsan ar an nGaeilge, agus bhí comhrá eadrainn. 

D'fhreastail mé ar ceardlann rannta le m'iníon a bhí á reáchtáil mar chuid de Saoire Gaeltachta Chomhluadar. (Ní raibh deis againn freastal ar an rud ar fad, ach tharla sé go raibh muid fós thiar nuair a thosaigh a seachtain siúd). Cúntóir teanga i scoil an Bhuailtín í an bean a bhí á thabhairt. Dúirt sí go raibh athrú meoin le sonrú, agus níos mó leanaí ag teacht le Gaeilge ón mbaile chun na scoile. Dúirt sí freisin gur daoine a tháinig chun na Gaeltachta ar mhaithe leis an nGaeilge cuid mór de na tuistí, pé acu daoine ag filleadh, nó daoine ó lasmuigh ar fad. Bhí a chathanna féin ag an gceantar seo, idir ainm an Daingean, agus an t-achrann maidir leis an dteanga teagaisc sa Phobalscoil. 
Is dócha go mba cheart dom a lua freisin go bhfuil sé ráite ag daoine ann liom go bhfuil blas na háite ar mo chuid Gaeilge. Is amhlaidh gurbh i gCom Dhíneol a d'fhoghlaim m'athair mhór Gaeilge; thóg sé m'athair féin le Gaeilge, agus eisean mise - is dócha go bhfuil an tionchar sin fós le sonrú. Tharlódh baint a bheith aige sin ar mo thaithí seachas taithí dhaoine eile.
Is dóigh liom áfach gurbh é an chaoi go cloistear mé ag labhairt Gaeilge le mo chúram an príomhrud - nach mbraitheann daoine go bhfuil mé ag iarraidh Gaeilge a bhrú orthu, á n-úsáid mar theagascóirí dá ndeoin nó dá n-ainneoin

Agus sin é mo thuairisc!

2 comments:

Dennis King said...

Molann an obair an saor!
:-)

ormondo said...

Tá, nó bhí, aithne mhaith agam ar an gceantar céanna. Bhí an teaghlach ar saoire ann seacht mbliana as a chéile ag tús na seachtóidí agus d'fhreastail mé féín ar thrí chúrsaí samhraidh míosa thart ar Mhuiríoch.

Is cuimhin liom, sara raibh meas ag an saol mór orthu, go bhfaightí cloicheáin mhóra bhándearga, agus iad úr as an bhfarraige, sa chomhchumann sa Daingean ar shladmhargadh. D'fhaighteá leathlán buicéid díobh ar fhíorbheagán airgid. I dteannta le prátai earraigh agus le h-uachtar sailéid ní raibh siad le sárú!