12 August 2011

Lúibín ar lár

Bhí an cód ceart. Cinnte, bhí. Léite agus athléite. Níor oibrigh sé! Mícheart, mar sin! É a chló. Peann luaidhe. Líne idir gach lúibín oscailte agus dúnta. Lúibín ar lár! Réiteach.

Nod dóibh siúd nach ríomhchláraitheoirí iad. Tá ana thábhacht le lúibíní - úsáidtear { agus } chun cód C a roinnt ina bhloic. Ach ní gá iad a bheith ann - níonn an ríomhaire cinneadh ansin cad a bhí i gceist ag an ríomhchláraitheoir.

6 comments:

Séamas Poncán said...

Is iad na rudaí is lú a dhéanann na fadhbanna is mó, de ghnáth.

aonghus said...

Na cinn is deacra aimsiú, cinnte!

Brian said...

Bhfaca tú é seo a Aonghuis? Haha

http://xkcd.com/859/

aonghus said...

Ní fhaca an ceann áirithe sin, ce go mbíonn súil measartha géar agam ar ghaois XKCD. GRMA.

MJ Hester said...

AH nach é saol an eolaí é sin!! ;)

MJ Hester said...

Saol an eolaí!! Ag 'dul soir' agus ag dul siar arís.... ;) !