18 September 2011

Dúil sna Dúile

Fad is a bhí daoine eile ag faire ar fhaill Bhaile Átha Cliath Corn Mhic Uidhir a bhreith abhaile, bhíos ag turasóireacht i lár Bhaile Átha Cliath le m'iníon agus cuairteoir ón nGearmáin. Bean sna 70í déanacha, cineál de sheanmháthair dár gcuid - ach bean a bhí fad a saoil ina eolaí. Mar sin, thuig muid aghaidh ar Dánlann na hEolaíochta agus an taispeántas "Dúile". Anois agus m'iníon in aois scoile bhí sí beagnach in inmhe tuiscint a bheith aici  ar a bhfaca muid - cé gur shíl sí gurbh draíocht cuid mór de! Bhí mé ana thógtha leis an taispeántas seo, curtha le chéile go hana mhaith, agus iníonacha (níos mó ná) & mic léinn ag cuir codanna de i láthair.
Tábla Peiriadach na ndúil a bhí mar téama ag an léiriú. Bhí an céad urlár tógtha suas le seilfeanna ina raibh leagan sluafhoinsithe den tábla ann - iarraidh ar dhaoine nithe a raibh dúil áirithe bainteach leo a tabhairt isteach. Thuas staighre bhí turgnamh éagsúla le feiceáil "beo". Chonaic muid scragall alúmanaim á thuaslagann i hiodrocsaíd sóidiam (bun ana láidir) ag gineadh teas agus sruth sofheicthe hidrigin. Bhí muid ag spraoi le adhmaint agus mionrabh iarainn; chonaic muid calóga arbhair á iompú dubh ag iaidín de bharr an oiread stáirse atá iontu. Chonaic muid - rud a chuir an ionadh orm - "Cheerio" á tharraingt thar uisce ag adhmaint - de bharr an iarann ann!
Bhí taispeántas ann de na dúile spéisiúla fearacht mearcair - é á chroitheadh gach cúpla nóiméad. Bhí próca sulfar in aice leis - bhí fhios ag Opina gurbh chun aon mearcair a doirteadh a neodrú a bhí sin ann. Bhí dealbh spéisiúil de Sizewell ann - déanta de gloine úráiniam, substaint lonrach uaine. Bhí, gan amhras ór agus platanam ann.
Tríd is tríd, ana taispeántas: Tá áthas orm nár chaill mé an deis, ó tharla go mbeidh deireadh leis dé hAoine!

2 comments:

ormondo said...

An spéisiúil agus fuair tú amach ina dhiaidh sin go raibh rud déanta as an ndúil darb ainm "airgead" buaite ag foireann peile Bhaile Átha Cliath.

Tréaslaím dóibh, cé gur Muimhneach mé. Tar éis an tsaoil, tá an chraobh beirthe leo ag na Ciarraígh thart ar 25,000 uair, faoi nó thairis. Ní féidir a gcumas caide a cháineadh orthu ach bhí sé éirithe saghas leadránach - is é sin a rá: cé is moite do na Ciarraígh féin.

Mise Áine said...

An-shuimiúil, a Aonghuis, agus go raibh maith agat as m'aire a dhíriú ar an bhfocal sin 'thuaslagann' - sin focal nach raibh agam..:-)